Tá Gàidhlig agus Gaeilge á athfhoilsiú ar acmhainn.ie le go mbeidh faill arís ar an gcuid is tábhachtaí de scríbhinní Sheáin Mhic Mhaoláin i leith na Gaeilge. Bhí Lorg an Bhéarla, saothar eile leis an Maolánach, ar an gcéad leabhar sa tsraith seo Athchló, agus chuir muintir an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Uladh Cúil Raithin eagrán nua de An Bealach chun na Gaeltachta i gcló roinnt blianta ó shin (Coiste Éigse na nGlinntí, 1992).
Cén tábhacht, mar sin, a bhaineann le Gàidhlig agus Gaeilge? Sa leabhar taighde Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge (Cois Life, 2003) maíonn Gearóidín Uí Laighléis an méid seo: ‘Cé gur leabhrán spéisiúil ina bhealach féin atá ann, is beag feidhm atá leis dáiríre le heolas a thabhairt dúinn ar Ghaeilge na hAlban ná ar a cuid litríochta (:219).’ Ní aontaím leis sin, nó ní aontaím go hiomlán leis. Admhaím nach bhfuil aon chuntas cuimsitheach córasach in Gàidhlig agus Gaeilge ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir an dá Ghaeilge. Maidir le litríocht, roghnaigh Mac Maoláin sleachta as na leabhair is mó a raibh dúil aige féin iontu, leabhair a bhfeictear dúinne mórchuid den mhaoithneachas a bheith iontu agus beagán d’fhíordhamhna na litríochta. Dá mba fúinne an rogha, is túisce a roghnóimis sleachta as gearrscéalta Iain Mhic a’Ghobhainn, b’fhéidir, nó as dánta Shomhairle MhicGill-eain i.e. an chuid is fearr de nualitríocht na Gàidhlig.
Níor mhiste a mheabhrú go raibh nualitríocht na Gàidhlig fós ag bailiú nirt i ndeireadh na gcaogaidí, agus ní tógtha ar an Maolánach a bheith aineolach ar na húdair nua. Más fíor nach cuntas cuimsitheach teangeolaíoch atá in Gàidhlig agus Gaeilge ní hionann sin is a rá nach bhfuil tairbhe ar bith ann don Éireannach ar mian leis eolas a chur ar Ghaeilge na hAlban. Tá cuid mhaith de bhunfhoclóir na Gàidhlig sna sleachta athfhriotail ann agus is cabhair don fhoghlaimeoir an foclóir sin a bheith curtha i gcomhthéacs. B’fhéidir gur leor a rá nach bhfuil sa leabhrán seo ach léargas tosaigh ar ollsaibhreas na Gàidhlig. An tÉireannach ar mian leis eolas níos beaichte a chur ar an teanga, tarraingeodh sé chuige Gàidhlig Uidhist a Deas le Gordon Mac Gill-finnein (Institiúid an Ard-Léinn, Baile Átha Cliath 1996) nó breathnódh sé ar chuid de na hacmhainní atá curtha ar fáil sa rannóg ‘Gàidhlig agus Gaeilge’ ar láithreán Shabhal Mòr Ostaig: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaidhlig/ga-ge/ Tá súil ag foireann acmhainn.ie, leis, tuilleadh acmhainní Gàidhlig a fhoilsiú ar an láithreán seo san am atá le teacht.
Is í an Dochtúir Michelle Nic Leoid, as Leódhas, a chuir slacht ar litriú na bpíosaí Gàidhlig agus a chuir comhairle orainn faoi cheartlitriú na logainmneacha Albanacha. Tá buíochas ag gabháil don Ghúm as cead a thabhairt dúinn an t-atheagrán seo a réiteach, agus don Dochtúir Pól Ó Canainn as a obair fho-eagarthóireachta. Mise, ar ndóigh, atá ciontach as aon bhotún nó míchruinneas sa téacs.
Antain Mac Lochlainn
2004