Nótaí don leagan leictreonach

Is é a chuir mé romham téacs sa chló Rómhánach a sholáthar a bheadh ag teacht le coinbhinsiúin an Chaighdeáin Oifigiúil. Athraíodh focail iomlána thall is abhus, de ghrá na soiléire. Is fearr a thuigfí ‘scríbhneoirí Gaeilge’ ná  ‘Gaeilge-scríbhneoirí’, mar shampla. Tá forás tagtha ar chúrsaí téarmaíochta ó bhí 1962 ann, agus athraíodh roinnt focal dá bharr sin; ‘scéal síceolaíochta’ in ionad  ‘scéal aigneolaíochta’, nó ‘sa Bhruiséil’ in ionad ‘i mBrussels’ mar shampla. Tá roinnt focal ann a chum an Maolánach chun leaganacha Gàidhlig a aistriú go Gaeilge. Féach mar shampla an focal Gàidhlig ‘seirmeach’ (‘Making a musical noise; musical; melodious’, Dwelly) ar cumadh ‘seinmeach’ chun freagairt dó i nGaeilge. Leagan atá ann nach bhfaighfeá in aon áit eile, ach chinn mé ar na leaganacha seo a fhágáil gan athrú, dá aistí iad. Thiocfadh a mhaíomh gur toradh iad ar thras-síolrú’ idir an dá Ghaeilge, agus go bhfuil siad ag teacht go maith le cuspóirí an údair i leith an tsaothair seo.

Locht eile ar an leabhar nach n-éiríonn i gcónaí le Mac Maoláin ciall na Gàidhlig a thabhairt leis sna haistriúcháin Ghaeilge. Mar shampla, tá difear mór céille idir an seanfhocal Gàidhlig ‘Is math an sgàthan sùil caraide’ agus an leagan Gaeilge ‘Is aoibhinn an loinnir a fheictear i súil dea-charad.’ Bíodh sin mar atá, ní dhearna mé aon dánacht ar na leaganacha seo. Ní hionann eagarthóireacht agus athscríobh. Rinne an Dochtúir Michelle Nic Leoid leasú ar litriú na sleachta Gàidhlig. Bhí sí in amhras faoi cheann amháin de na nótaí míniúcháin a scríobh Mac Maoláin ar na focail Ghàidhlig. Ar leathanach 13, tugtar an leagan ‘bladhíre’ agus deirtear gurb ionann é seo agus ‘bladhaire’ na Gaeilge. Dar leis an Dr Nic Leoid, áfach, gurb ionann é agus ‘blaodh’ a shainmhínítear mar seo in Faclair Gàidhlig-Beurla Malcolm MacLennan (1925): ‘shout, noise.’

Coinníodh roinnt foirmeacha neamhchaighdeánacha sna haistriúcháin Ghaeilge a sholáthair Mac Maoláin ar na hamhráin Ghàidhlig; ‘snuamhar’ mar shampla, in ionad ‘snúúil’ (leagan nach gcuirfeadh maise ar dhán ar bith). Maidir leis na sleachta a bhain an Maolánach as Céad de Cheoltaibh Uladh, Amhráin Chlainne Gaedheal agus araile, níor bhain mé díobh ná níor chuir mé leo.

Tá cuntas sna nótaí seo thíos ar na hathruithe is mó a rinneadh ar an téacs. Is ag tagairt d’eagrán 1962 atá uimhreacha na leathanach.

Lch 5: Gaeilge-shaoithe a athrú go saoithe Gaeilge
Lch 5 passim: ar uaire a athrú go ar uairibh
Lch 5 passim: go mba mhaith a athrú go gur mhaith
Lch 5: na nGlinneadh a athrú go na nGlinnte
Lch 6 passim: gheibhinn a athrú go d’fhaighinn
Lch 6: nithe do cumadh ag daoine do tógadh i nGaeltacht na hÉireann a athrú go nithe a chum daoine a tógadh i nGaeltacht na hÉireann
Lch 6: i gcionn a chéile a athrú go i gceann a chéile
Lch 9: “scéal aigneolaíochta” a athrú go scéal síceolaíochta
Lch 12: passim: Fiainneanaigh na hÉireann a athrú go Fíníní na hÉireann
Lch 12: ceathrar giomanach (gameskeepers) a athrú go ceathrar gíománach
Lch 13: blahíre a athrú go blaodh
Lch 16: ar forlach a athrú go ar saoire [Is léir gur ó ‘furlough’ a ceapadh ‘forlach’, ach ní focal é a chonaic mise in áit ar bith eile]
Lch 21 passim: i mBrussels a athrú go sa Bhruiséil
Lch 22: An bhriathraíocht eagnaí a athrú go Na briathra eagnaí [‘Briathraíocht’ = ‘diction’]
Lch 34: Gaeilge-scríbhneoirí a athrú go scríbhneoirí Gaeilge
Lch 38: Géidsear a athrú go Fear Custaim
Lch 44: Gaeilge-littérateurs a athrú go littérateurs Gaeilge
Lch 44: domhain-eagnaíocht fhreacnaircigh a athrú go domhaineagnaíocht freacnairce
Lch 51: de mhuintir an Oileáin Ìligh a athrú go de mhuintir Oileán Ìle
Lch 52: grá-amhrán a athrú go amhrán grá
Lch 52 passim: comhfhuaimneacht a athrú go comhfhuaim
Lch 54: Tiree a athrú go Tir-iodh
Lch 57: Tiree a athrú go Tir-iodh
Lch 63: Glencoe a athrú go Gleann Ceò
Lch 65: Glasgow a athrú go Glaschú
Lch 72 passim: formail an amhráin a athrú go dealbh an amhráin
Lch 78: faoi dhíbreadh a athrú go ar díbirt
Lch 86: .i. an iarmailt a fhágáil ar lár
Lch 87: (?sróil) a athrú go sról
Lch 87: tíocht a fhágáil ar lár
Lch 89 passim: go ‘liteartha’ a athrú go go litriúil
Lch 99: Foirm Ghiniúnach a athrú go foirm ghinideach
Lch 103: sa Tuiseal Ghiniúnach a athrú go sa tuiseal ginideach