Scéal a dó

 

Úrscéal beag é an scéal seo, Gu’n d’thug i Spéis do’n Àrmunn.[1] Is éard atá ann scéal an ghrá dá chéile a tharla ag ógfhear darbh ainm Iain Bán agus ógbhean darbh ainm Máire an Chíobair. Dála a lán eile de fhleascaigh Ghaeltacht na hAlban, bhí Iain Bán in arm Shasana, tráth a bhíodh an t-arm sin agus a chomhghuaillithe i ngleic chogaidh le sluaite Bhonaparte ar an Mhór-roinn.

 

Bhí Iain Bán sa bhaile ar saoire san am inar éalaigh Bonaparte as Elba agus a chuaigh i gceannas an tslua a bhailigh chuige go tapa. Mar sin de, b’éigean do Iain agus dá chomhshaighdiúirí aghaidh a thabhairt ar mhachairí na hEorpa arís. D’fhág sé slán go mín muirneach ag Máire, i ndiaidh í a gheallúint dó go bhfanfadh sí gan pósadh go dtí go bhfillfeadh sé – agus i ndiaidh eisean a dhearbhú nach dtiocfadh críonadh, choíche, ar an ghrá a bhí aige di. “Cha chrìon,” ar sé, “gus an till abhainn Thir-chonaill air ais ri aodann Beinn Lì!” (Ní chríonfaidh nó go bhfillfidh abhainn Thír Chonaill ar ais le héadan Bhinn Lí!).

 

Chuaigh caitheamh sna míonna, agus sna blianta; agus i gceann dáta fada, fuarthas scéal go raibh Iain Bán pósta – go raibh sé féin agus a bhean i Sasana, agus duine clainne acu!

 

Chuaigh na blianta thart; agus tháinig an t-am ar bheag nach raibh dearmad déanta de Iain Bhán ag muintir na seanáite, ach amháin ag a athair agus a mháthair – agus, ar ndóigh, ag Máire an Chíobair. Agus, tráth a bhí sin mar sin, tháinig bean agus girseach bheag ó Shasana go teach mhuintir Iain Bháin. Dúirt an bhean gurb í céile phósta Iain í, agus gurbh í an ghirseach bheag a n-iníon. Bhí sí chomh fada sin gan tásc ná tuairisc a fháil ar Iain gur dheimhin léi é a bheith marbh. Mar sin de, thug sí léi an ghirseach, agus thug aghaidh ar mhuintir Iain.

 

Ní nárbh ionadh, ba bhrónach Máire an Chíobair mar gheall ar an scéal sin. D’imigh sí ó dheas chuig an Ghalltacht a chosaint pá – agus dh’fhéachaint an dtógfadh an

t-athrú cian di. Agus, tráth a bhí sí tamall sa Ghalltacht, d’imigh a mháthair ó dheas a thabhairt cuairte uirthi. Bhí sin ina shiocair le tuilleadh mífhortúin. An bád a raibh máthair Mháire léi ó dheas, tháinig galbhád mór uirthi le linn ceo; agus níor tháinig slán ach triúr dá raibh ar bord. Níor den triúr sin máthair Mháire! Agus, mar bharr ar an mhífhortún, ba ghairid ina dhiaidh sin go bhfuair a hathair bás!

 

Bhí Máire bhocht fágtha ‘gan duine gan daoine’; agus tháinig de sin gur phós sí fear meánaosta a bhí tamall fada ag tnúth léi. Ach níor mhair an fear sin i bhfad; agus fágadh Máire ina baintreach.

 

I gceann dáta eile, tháinig fear darbh ainm Iain Eachainn chun an bhaile. Dála Iain Bháin, bhí seisean ina shaighdiúir; agus b’fhada ar an Mhór-roinn é, óir loiteadh é, agus ba chian a bhí sé sa Spáinn agus é idir beatha agus bás. Bhí bean phósta agus iníon bheag aige i Sasana. Ach, tráth a d’fhill sé ón Mhór-roinn, sháraigh air a dtuairisc a fháil agus thug sé aghaidh ar an seanbhaile.

 

Oíche áirithe, chuaigh Iain Eachainn go teach mhuintir Iain Bháin ar céilí; agus ba ansin a baineadh an bíogadh as – agus a cuireadh an lúcháir air. Óir cé a fuair sé roimhe ann ach a bhean agus a ghirseach bheag iníne! An bhean úd a tháinig chuig muintir Iain Bháin, ba trí earráid a tháinig sí ann. Ní chucusan ba cheart di teacht ach chuig muintir Iain Eachainn!

 

Ba ghearr go raibh an scéal ar fud an cheantair; agus ba é sin an scéal a chuir áthas anama ar Mháire an Chíobair. Ba léir di, an uair sin, gurbh iomrall aithne ba chúis leis an iomrá úd faoi phósadh Iain Bháin. Agus tháinig a dhá oiread áthais uirthi, ina dhiaidh siúd, nuair a tháinig Iain Bán féin chun an bhaile. Loiteadh eisean, fós, sa chogadh; agus níorbh éadrom an loit a rinneadh air, óir d’fhág sí é ‘gu crùbach, air leth-chois’. Ach ba threise an seanghrá ná gach uile shórt. Faoi dheireadh thiar thall, pósadh an bheirt a thug searc a gcroí dá chéile tráth a bhí siad araon óg.

 

Idir a ábhar agus a atmaisféar, is scéal spéisiúil é Gu’n d’thug i Spéis do’n Àrmunn. Ní hé Iain Mac Cormaic féin a d’inis an scéal. Níl ann dá chuidsean cainte (más fíor) ach an réamhrá.

 

An fear a d’inis an scéal, bhí sé corradh agus ceithre scór blain de aois; agus ba ina theach féin a d’inis sé é. Ba mhór an cion a bhí aigesean agus ag a bhean ar na seanghnásanna; agus ba róléir dóibh, faraor, go rabhthas ag ligean na ngnásanna sin in éag! Dhéanaidís a ndícheall i gcónaí leis na sean-nósanna a choinneáil á gcleachtadh fána dteallach féin; agus bliain áirithe mar ba ghnách, thug siad cuireadh do mhórán, idir óg agus aosta, teacht chucu ar céilí, Oíche Challuinne (Oíche na Bliana Úire).

 

An mhuintir ar tugadh cuireadh dóibh, tháinig siad, ar ndóigh. Agus, lena gcois sin, tháinig a lán eile – chuig an doras, ar scor ar bith. Ina mbuíonta, i ndiaidh a chéile, tháinig siad sin; agus, de réir cosúlachta, ba bheag nárbh ionann dóigheanna dóibh agus do na wren boys a bhíonn le feiceáil i bpáirteanna áirithe de Éirinn. Ar theacht go doras tí agus ar chanadh a gcuid rann dóibh, bhídís ag dúil le bonnóga a fháil ó bhean an tí. Agus, gan amhras ar bith, ba dheacair do bhean tí iad a dhiúltú nuair a chluineadh sí:

 

A bhean bheusach bhanail,

Bi gu h-ullamh, ealamh;

Chaidh a’ bhliadhna seo tharainn

Direach mar bu mhath leinn;

’S, bhon tha thusa maireann,

Beir an làthair ann an cabhaig

Pàirt de na dh’fhàg i agad.

’S iomadh duine còir

A tha an-diugh fon fhòid,

A bha an uiridh beò

Ag ithe ‘s ag òl

Nan suidhe mun bhòrd;

’S bhon tha thusa slàn,

’S gun do sheachainn tu am bàs,

Leig fhaicinn do thaing

Le aran ’s le càis…..

 

(A bhean bhéasach bhanúil,

Bí ullamh is bí tapa!

Chuaigh an bhliain seo tharainn

Go díreach mar ba mhaith linn;

’S ó tharla tú ’do bheatha,

Beir chugainne go gasta

Cuid dá bhfuil agat sa chófra i dtaisce.

Is iomaí duine cóir

Atá inniu faoin fhód,

A bhí, anuraidh, beo,

Ag ithe agus ag ól ag an bhord.

’S, ó tharla tusa slán

’S gur sheachain tú an bás,

Roinn orainne go beannachtach an t-arán is an cháis….)

 

Cibé ar bith, dáileadh arán agus cáis go fial ar lucht iarrtha na mbonnóg; agus, ina dhiaidh sin, thosaigh an fleáchas ag an chuideachta a bhí istigh. D’ith siad a sáith; d’ól siad sláinte a chéile; agus ‘bhíodar uile go súgach somheanmnach’. Agus, tráth a bhí sin mar sin, iarradh ar fhear an tí scéal a insint. Thosaigh sé, agus d’inis sé scéal Iain Bháin agus Mháire an Chíobair.

 

I dtús a scéil, d’inis sé an cumann a bhí idir Iain agus Máire; agus, ina dhiaidh sin, thrácht sé ar imeacht na nGael óg ar tháinig orthu aghaidh a thabhairt ar chathmhachairí na hEorpa an athuair. Agus, sa pháirt sin de chuntas an tseanduine, tá léiriú maith ar an mhana a bhí ag Gaeil Alban, an tráth úd. Sa mhana sin tá meascadh iontach den bhród cine ba dhual do Gaeil agus den dílseacht a bhí acu siúd do Shasana san am céanna. Ba í an Fhrainc a ndeargnamhaid, dar leo; agus bhítí á ngríosú chun troid in aghaidh na bhFrancach mar a throideadh Fionn agus an Fhiann in aghaidh allúrach eile anallód!

 

“Cuimhnichibh air na suinn on thàinig! ... Na teichibh gu bràth nas fhaide na theich an Fhèinn! ... Na tillibh gu bràth gun cheann Bhonaparte!”

 

(Cuimhnígí ar na laochra ónar shíolraigh sibh! ...  Ná teithigí go brách níos faide ná a theith an Fhiann! ... Ná filligí go brách gan chloigeann Bhonaparte!)

 

Is taitneamhach an insint a thug an seanduine ar an chaidreamh a bhíodh idir na fir óga úd, tráth a chastaí i ndáil a chéile iad, thall ar an Mhór-roinn. Níor mhinic sin, ar ndóigh, óir bhí cuid acu ina leithéid siúd de reisimint agus cuid eile ina leithéid seo de reisimint. Ach, an uair annamh a tharlaíodh san aonbhall iad, dhéanaidís a mhór di.

 

Fágadh acu deis den sórt sin, tráth a bhí mórán de shlua Shasana ar campa sa Bhruiséil. Agus níor lig siad an deis sin sa dul amú. San oíche, thagaidís i ndáil a chéile sna tithe óil, mar nach raibh a n-athrach sin de áiteanna céilí acu. Agus, mar a dúirt an seanduine a bhí ag insint an scéil,

 

’S iomadh deoch-shlàinte mhath Ghaidhealach a chaidh òl annta, agus òran math Gàidhlig a chaidh a sheinn annta, fhad ’s bha an camp ri chèile. (Is iomaí ‘sláinte’ mhaith Ghaelach a óladh iontu, agus amhrán maith Gaeilge a canadh iontu, a fhad agus a bhí campa i gceann a chéile.)

 

An té ba luaithe a thógfadh a ghloine in airde, déarfadh sé:

 

“Saoghal sona, sàmhach dhut; do chridhe seirmeach slàn; do thigh gun bhoinne-snighe, ’s do chiste mhine làn!” (Saol sona sámhach duit; do chroí seinmeach slán; do theach gan deoir anuas ann, agus do chófra mine lán!)

 

Agus, ag tabhairt freagra air sin don dara duine, déarfadh sé:

 

“Slàinte mhòr agadsa; slàinte bho bhalla gu balla!….Seo oirbh, fheara! Suas i!”

 

Ba mhaith a d’inis an seanduine na comhráite a dhéantaí agus na cainteanna a deirtí sna tithe céilí sa bhaile, le linn na fir óga a bheith thall ar an Mhór-roinn. Na briathra eagnaí a bhíodh ag an mháistir scoile. Na cainteanna a deireadh fear an phoist, agus na scéalta nua a bhíodh leis. Agus go mór mór na scéalta rúin a bhíodh á n-insint ag fear a dtugtaí ‘Donnchadh Aotrom’ air.

 

B’eol do Dhonnchadh na cailíní óga a bheith ag tarraingt ar chailleach áirithe (a bhí ina bean feasa, má b’fhíor) agus iad ag súil le fios a bhfortúin a fháil uaithi. Choinníodh sé súil ghéar orthu, agus b’annamh a d’éiríodh leo cuairt a thabhairt ar an chailleach gan a fhios dó.

 

Tríd is tríd, is cosúil gur fírinneach go maith an aithris a thug an scéalaí ar a lán nósanna dá raibh á gcleachtadh i nGaeltacht na hAlban, an tráth úd. Agus is amhlaidh is suimiúla agus is taitneamhaí an scéal féin.

 

Seo thíos samplaí de Ghaeilge an scéil bhunaidh.

 

Gaeil Alban ag freastal ghairm Shasana

 

Bha Bhonaparte air teicheadh1 as a’ phrìosan agus air fhaotainn2, aon uair eile, air ceann armailt3 mòr na Frainge. Bha an Roinn Eòrpa uile air a h-uilinn4 ach Breatainn a-mhàin. Chaidh armailt mòr a chur ri chèile5 agus, le Wellington air a cheann, chaidh iad a thoirt coinneamh do na Frangaich,6 aon uair eile. Bha teanntachd7 mhòr san rioghachd air fad, agus cha robh oisinn dhith nach do rinn a cuid fèin a dhìon onoir is treubhantas Bhreatainn8.

 

Tús an chomhrá a tharla idir Rosach agus Sgitheanach sa Bruiséil

 

“Le ur cead9, a charaid,” ars an Rosach, “tha mi meallta nam bharail10 no ’s Sgitheanach thusa.”

 

“Seadh, Sgitheanach gu chùl,” fhreagair e.

 

Dh’aithnich11 mi sin…. Their12 thusa ‘nduinne’ ri ‘duine’; ’s an uair a their sinne ‘gu cinnteach’, their thusa ‘gu deimhinn’. Nach eil13 mi ceart?”

 

“Tha, gu deimhinn.”

Donnchadh Aotrom ag trácht ar litir agus páipéar a fuarthas as Sasana

 

“Fhuair bean Chnoc-mhaolagain litir agus pàipear à Sasann ag innse gun deach blàr mòr a thoirt mu dheireadh,14 agus gun deach na Frangaich a sgapadh ’s a ruagadh mar mholl on ghuit, latha gaothail15….”

 

Aisling caillích mar a dùrachd!16 arsa fear eile.

 

An slua a chruinnigh chuig an teampall a dh’éisteacht leis an scéal a bhí faighte ag an mhinistir fán méid de mhuintir na dúiche a bhí páirteach sa chath mhór úd – Waterloo.

 

Cha robh loch air nach fhaicteadh bàta,17 ’s cha robh ceum-rathaid air nach fhaicteadh coisichean is marcaichean,18 ’s iad uile a’ toirt an aghaidh air an aon àite…. Ghabh iad uile an àitean san eaglais, cuid nan suidhe ’s cuid nan seasamh. Thug am ministear a-mach pàipear mòr gorm ’s, le geilt19 air a chridhe, liubhar e na bha ann20. Thug sin cridhe goirt do mhóran agus aotromachadh21 inntinn do mhòran eile...

 

An taisme a bhain don bhád a raibh máthair Mháire an Chíobair léi

 

B’ ann tràth san fhoghar a bh’ ann22, is ràinig iad Cluaidh gu sàbhailte; ach mo chreach léire! Ann am bàgh Ghuireig23 bha an oidhche fhèathail24 fhoghair dorcha gun ghealaich, gun reul, agus chaidh bàta Ailein Bhàin a ruith sios le bàta mor smùid25 Dè na bha air bòrd26 ’s e triùir na shàbhaileadh; is a-measg na bhàthadh bha màthair Màiri...



[1] Iain Mac Cormaic a chum. Calum Mac Phárlain a rinne an eagarthóireacht. Aonghus Mac Aoidh, 43 Murray Place, Stirling, a d’fhoilsigh.