Scéal a trí

 

Scéal beag gairid é an scéal seo, Tàillear Dubh na Tuaighe[1]; ach, ar a dhóigh féin is scéal suimiúil é. Is éard is ábhar dó, lá mór troda a tharla idir na Camshrónaigh agus Clann an Tóisigh. An té a chuir an scéal i scríbhinn, dúirt sé gurbh iomaí sin cath den chineál céanna a fearadh i dtuaisceart na hAlban, agus atá gan iomrá ar bith ag lucht seanchais le fada an lá.

 

Is furasta an méid sin a chreidiúint; agus is furasta a chreidiúint gurbh iomaí sin géartheagmháil den sórt a tharla abhus in Éirinn, tráth nár scéal annamh ar bith é a leithéid siúd nó a leithéid seo de chine dul faoi airm agus imeacht a thógáil creiche. Gan amhras ar bith, ba bhorb iad na fir a bhíodh sna sluaite úd. Agus, mar is léir ó dheireadh an scéil seo, níor bhábóga boga ar bith iad cuid de na mná a d’fhágaidís ina ndiaidh sa bhaile.

 

Mac an Tóisigh Mór, bhí sé ag maíomh, san am úd, gur leis féin, ó cheart, an fearann a bhí ag Mac Dhomhnaill Duibh (Camshrónach) in aice Loch-Iall. Bhí a shliocht air. Ghair sé chuige ar dhá chéad ceithearnach cróga; chuaigh sé féin ar a gceann, agus ghluais siad leo, bealach Loch-Iall. Níor cuireadh chucu ná uathu, an lá sin, agus bhain siad fúthu go maidin ag ceann an locha.

 

Ach b’óg a bhí an mhaidin, lá arna mhárach, nuair a chonaic siad chucu Mac Dhomhnaill Duibh agus sé scór gaiscíoch dá chuid féin leis. Rómhaith a bhí a fhios ag Mac an Tóisigh agus ag a chuid fear go rabhthas ag brath iad a ionsaí, agus d’ullmhaigh siad iad féin le haghaidh catha. Ba iadsan ba líonmhaire den dá shlua; ach bhí siad ar thalamh íseal, agus tháinig na Camshrónaigh anuas fána an chnoic orthu.

 

Mar bheum-slèibhe1 a’ sguabadh a’ gharbhlaich2, bhuail na Camshronaich gan ionnsaigh, agus buaidh no bàs ann an gnùis gach seòid3. Léum na glas-lannan a truaillean, agus ghrad thruailleadh4 gorm-bhrat drùchdach a’ bhlàir le fuil chraobhaich5 nan laoch borb….A dh’aindeoin cruadal nan Catanach,6 cha b’ urrainn dhaibh7 seasamh an aghaidh cath-chuthach nan Camshronach. Bhrùchd iad air an ais gach taobh; agus ged a rinn an ceannard treubhach na dh’fhaodhadh e,8 chuireadh an ruaig orra.

 

Lean na Camshrónaigh don tóir, agus sheas na Tóisigh, uair eile, féachaint le iad féin a chosaint. Ach níor éirigh leo. Goineadh a dtaoiseach, an iarraidh seo; ach chuaigh acu é a thabhairt leo agus teitheadh arís. I gceann tamaill ón am sin, sheas siad, don tríú huair in aghaidh lucht an tóra; agus, le linn na teagmhála sin, rug na Camshrónaigh ar Mhac an Tóisigh agus rinne siad príosúnaigh de féin agus dá mhac.

 

An méid de Chlann an Tóisigh a bhí beo agus in inmhe reatha, d’imigh siad arís. Ach, le titim na hoíche, thángthas orthu, uair eile. Chonaic siad chucu buíon de na Camshrónaigh; agus cé a bhí i gceann na buíne ach an Táilliúir Dubh, an garbhghaiscíoch sárláidir a bhuail béim a ghonta ar Mhac an Tóisiigh le linn na tríú teagmhála! Mar sin féin, níor thoil leis na Tóisigh géilleadh.

 

Leum gach fear air a bhonnaibh, agus spìonadh gach glas-lann a duille;9 ach, ged nach robh laigse air an intinn, bha an lùths air an trèigsinn.10 Thuit iad far an do sheas iad11, fo fhaobharan fuileach an luchd mì-rùn. Cha do dh’fhàgadh beò den dà cheud gaisgeach a ghluais don tìr Abraich, neach a bheireadh sgeul man deidhinn don dùthaich fhèin12.

 

Féadtar bheith cinnte gur shuairc an fear é Mac Dhomhnaill Duibh, an oíche sin, mar gheall ar an lánbhua a bhí faighte aige ar na Tóisigh. Ach ní saor ó ghruaim a bhí sé, maidin arna mhárach, nuair ba mhithid dó bheith ag filleadh ar a dhúnáras féin, an áit ina raibh a chéile phósta. Ba san am sin a smaoinigh sé i gceart gur bheag comhghairdeas a dhéanfadh sise leis. Óir b’iníon do Mhac an Tóisigh í; agus ba í do labhraíodh go dána dalba nuair a bhuaileadh an tallann sin í.

 

Cé gur chalma an fear é Mac Dhomhnaill Duibh, ba ródheacair leis bheith ar an chéad duine a d’inseodh di siúd go raibh sé i ndiaidh scrios a imirt ar a cine, agus i ndiaidh a hathair agus a deartháir a ghabháil ina bpríosúnaigh. Ach bhí teachtaire aige agus a bhéarfadh an scéal chuici go breá tapa – agus an méid sin a dhéanamh gan scáth, gan eagla. Táilliúir Dubh na Tua, ba eisean an teachtaire sin. Rinne sé mar a d’iarr Mac Dhomhnaill Duibh air; agus níor luaithe a rinne ná ghabh an bhean fearg a gcaithfeadh sí a ligean amach ar dhóigh éigin. Agus, le taod mire, theilg sí sa tine an leanbh a rug sí féin do Mhac Dhomhnaill Duibh! Ach, lom láithreach, thug an Táilliúir Dubh uirthi an leanbh a tharrtháil. Mura raibh eagla roimh a fear féin uirthi, bhí seacht sáith eagla uirthi roimh Tháilliúir Dhubh na Tua.

 

Seo thíos an cuntas atá ag ‘Aonghas Bán’ ar an rud a tharla nuair a d’fhiafraigh bean Mhic an Tóisigh den Táilliúir Dhubh cad é an scéal a bhí leis chuici:

 

Fhreagair e gu suilbhir gun robh naidheachd mhath – gun robh bian cait an-diugh air plang, agus roghadh ’s toghadh air peighinn13 ... Thuig i nach rachadh aice air a fearg a chaitheamh air an Tàillear; agus le teum cuthaich14 rug i air a leanabh fèin, agus thilg i ann an teis-meadhan na grìosaich15 e. Thug an Tàillear dubh-leum16 far an robh i, ’s thuagh na làimh; agus le sgairt uamhasach ghlaodh e, “A bhean a rug an leanabh, tog an leanabh!”

 



[1] Aonghas Bàn a scríobh é; agus foilsíodh é in How to Read Gaelic, leabhar atá curtha i gceann a chéile ag John White, agus a ndearna an Northern Chronicle, Inverness, é a fhoilsiú i mbliain a 1897.