Scéal a ceathair

 

Aimsir na Highland Clearances is dáta don scéal seo1. De réir mar atá inste ag an údar, bhí an Gille Gibeach (Giobach) agus a mháthair ina gcónaí sa Ghleann Mhór, tuairim is naoi scór bliain ó shin. Bhí an mháthair ina baintreach; agus ba é an Gille Gibeach a haon duine clainne. I gceann a cheithre bliana déag dó, bhí sé ina stócach caol crua ard, agus spriolladh ar leith ann. Rud nach annamh do ógánaigh a thógtar mar a tógadh eisean, bhí deis a labhartha aige; agus níorbh eagal leis feidhm a bhaint as an bhua sin i láthair duine ar bith – bíodh an duine sin ina dhubhíochtarán nó ina arduachtarán.

 

Tráth nach raibh an Gille Gibeach ach i lár na ndéaga de bhlianta, is ea a tosaíodh ar na clearances. Ba phroifidí do na tiarnaí, dar leo, caoirigh agus fianna a bheith ina dtionóntaí ar a gcuid tailte acu ná slua de neacha daonna nach raibh acu ach ‘ón láimh go dtí an béal.’ Agus, má b’fhíor do na tiarnaí céanna, ba dheimhin gur neamh ar talamh a bheadh ag na Gaeil bhochta úd thall i gCeanada i bhfarradh is an dóigh dhíblí a bhí orthu abhus. Rinne siad dá réir sin; agus, i dtús an earraigh, rug uair an ‘dea-athraithe’ ar mhuintir an Ghleanna Mhóir. Tháinig an sirriam, agus thug sé cáiteach ghorm de rabhadh díbeartha do gach ceann urra tí dá raibh sa ghleann. Go gearr ina dhiaidh sin, tháinig an báille gur fhaisnéis sé go dtiocfadh long mhór chun an chuain faoi Bhealtaine, agus go dtabharfadh sí léi, saor in aisce anonn go Ceanada, gach duine ar mhian leis feidhm a bhaint as an tairiscint sin.

 

Dhiúltaigh muintir an ghleanna corraí as na gabháltais a bhí acu; agus chinn siad ar leanúint den chúrsa sin nó go gcuirtí amach iad le láimh láidir. B’fhéidir gur shíl siad nach ndéanfaí sin, nuair a thiocfadh an chúis go cnámh na huillinne; ach, má shíl, baineadh mealladh mór astu. Idir shirriaim agus mhaoir agus bháillí agus a gcosmhuintir sin, tháinig an lucht dlí chun an Ghleanna agus, seal lae amháin samhraidh, d’imir siad díshealbhú ar gach teaghlach dá raibh ann.

 

Ba mhaith an mhaise don Ghille Gibeach é, d’ionsaigh sé go fíochmhar iad, nuair a thosaigh siad a bhaint an dín de theach a mháthar. Ach ní raibh ann ach stócach óg amháin in aghaidh a raibh de amhais ansiúd; agus ba ghairid gur cartadh i leataobh é. Leanadh den obair ghránna; agus níorbh fhada go raibh teach na baintrí ina bhallóg. D’imigh drong an dlí ansin; agus chóirigh an Gille cró beag foscaidh dó féin agus dá mháthair le hais na ballóige.

 

Maidin arna mhárach, dúirt sé lena mháthair gur rún dó dul a dhéanamh a ghearáin leis an Ridire Rua, an té ba thiarna talún don Ghleann Mhór. Bhí a fhios acu araon nach raibh an fear rua chomh folamh ar fad ó dhaonnacht agus a bhí a lán eile de na tiarnaí; ach bhí a fhios acu gur dheacair dó gan siúl leis an reacht a bhí á chur i bhfeidhm ag na tiarnaí sin eile, gan trua ná taise i gcás ar bith.

 

Dúirt a mháthair leis an Ghille gur thuras in aisce dó é – nach bhfaigheadh sé sásamh ar bith ón tiarna. Ach ba dhochoiscthe an stócach é an Gille céanna; agus thug sé aghaidh ar an Chaisteal Ghorm, an foirgneamh mór ab áras don Ridire Rua agus dá shinsir roimhe. Ligeadh i láthair an Ridire é; agus d’fhiafraigh sé sin go caoin de cad é ba chúis dó an turas seo a dhéanamh. Agus, gan scáth gan eagla, thug an Gille freagra air:

 

“Dachaidh fhaotainn dhomh fhèin ’s dom mhàthair.”(Áit chónaithe a fháil dom féin agus do mo mháthair.)

 

Labhair an Ridire go séimh leis, agus thosaigh a chur comhairle air. Agus, i ndeireadh na comhairle, dúirt sé nár mhór a ghoillfeadh air féin bheith ag imeacht ón Chaisteal Ghorm. Bhíog an Ghille, ar chloisteáil na cainte sin dó; agus ba rachtúil a dúirt sé rud a bhain bíog as an Ridire. Dúirt sé gur throm agus gurbh an-trom a ghoillfeadh sé ar mhuintir an Ghleanna Mhóir seilbh an Chaistil Ghoirm a bheith á bhaint den Ridire go héagórach, agus gur mhear a rachaidís faoi airm chun ceart a sheasamh dó.

 

Chrom an Ridire Rua a cheann go brónach; agus, gan mórán moille, scríobh sé litir agus d’iarr ar an Ghille Ghibeach í a thabhairt chuig an bháille. Is éard a bhí sa litir sin, ordú don bháille teach agus áit a chur ar fáil do mháthair an Ghille, a fhad agus a bheadh sí beo! Rinneadh dá réir sin; agus, tráth a d’éag an mháthair, d’imigh an Gille Gibeach anonn go Meiriceá.

 

Chruthaigh sé go maith, thall. In aimsir an chogaidh a thosaigh i mbliain a 1812, bhí sé ina chaptaen ar long dá raibh ag muintir Mheiriceá ag creachadh an loingis Sasanaigh. Agus, cé go dtagadh sé cóngarach go maith do na cóstaí abhus, ní rabhthas in inmhe breith air.

 

Lá dá raibh long Shasanach faoi ghreim aige, cé a fuair sé ar bord ach mac an Ridire Rua! Ní aithneodh sé é, murab é gur sciorr cúpla focal Gaeilge ar an bhuachaill, nuair a bhíothas ar tí a chur de fhiacha air léim a thabhairt i bhfarraige – go mbáifí é. Shábháil an Gille Gibeach ar a bhás é; agus d’inis an buachaill ansin cad é b’ábhar dó bheith ag imeacht anonn thar sáile. Is éard a bhí faoi, dul go Ceanada, féachaint an bhfaigheadh sé ansin áit a bheadh oiriúnach dá athair agus don chuid eile den teaghlach.

 

Dhéanadh an Ridire Rua mórán taistil i gcéin; agus, lena linn sin, ba faoi chúram an bháille a bhíodh gnóthaí an eastáit. Tharla an Ridire go domhain i bhfiacha; fuair sé ar iasacht ón bháille suim mhór airgid nach raibh sé in inmhe é a aisíoc; agus, ina éiric sin, b’éigean dó seilbh an eastáit a ligean leis an bháille.

 

Ar chloisteáil an scéil sin don Ghille Gibeach, ba thapa a chinn sé ar bheart. Thug sé aghaidh na ‘Loinge Duibhe’ ar an chladach ba chóngaraí do theach an bháille; thug sé leis buíon líonmhar de fhir armtha, agus shroich siad a gceann uidhe, i dtráth an mheán oíche. Chuaigh an báille agus a sheirbhísigh ar crith le teann eagla, nuair a d’aithin siad gurbh iad muintir na ‘Loinge Duibhe’ a bhí i ndiaidh teacht ar bráid. Agus bhí a sáith de shiocair acu – go háirithe ag an bháille féin. Ach ligeadh leis a bheo, nuair a sheachaid sé don Ghille Gibeach an scríbhinn seilbhe a bhí aige – agus lab mór den airgead a bhí gnóthaithe go mí-ionraic aige ar an eastát.

 

Gan mhoill ar bith ina dhiaidh sin, thug an Gille Gibeach agus a fheadhain aghaidh ar an Chaisteal Ghorm. Sheachaid sé an scríbhinn agus an t-airgead don Ridire Rua; agus thug sé i láthair an mac arbh eagal leis an Ridire gurbh fhada a bheifí gan tásc ná tuairisc a fháil air – dá bhfaighfí sin choíche.

 

Seo thíos samplaí de Ghaeilge an scéil bhunaidh:

 

An mí-athrú a tháinig ar Thuaisceart Alban de thoradh na Clearances

 

Thòisich leis sin ‘fuadach nan Gaidheal.’ Thòisich an sluagh ciatach1 àlainn air dol a-mach as an dùthaich cho luath agus a b’ urrainn2 long mhòr nan trì chrann àrda an sguabadh air falbh3 as gach loch; agus nan lorg thàinig a’ chaora, ’s am fiadh, gus an-diugh, far an cluinnteadh.4 aon uair, luinneag bhinn bhlasda cheolmhar na gruagaich,5 nach cluinnteadh ach mèil na caorach no langanach6 an daimh-fhèidh.

 

An Gille Gibeach ag caint le drong an bháille

 

“Cuiribh làmh air dad7 an-seo, agus bidh cinn sgoilte aig pàirt agaibh!” ars an Gille Gibeach...

 

Cò as8 air an t-saoghal a thàinig an gog-ghèadh9 a fhuair a chainnt ro fhiaclan?” arsa fear den chuideachd, an guth cho tàireil ’s gun do ghàir an còmhlan10

 

“Cha bhi mòran de mo leithidean eile ’sa ghleann, ma dh’fhaodas tusa11,” ars an Gille Gibeach.

 

An Gille Gibeach, nuair a dúirt an Ridire Rua nárbh an-ghoilliúnach airsean bheith faoi fhiacha imeacht ón Chaisteal Ghorm

 

Thog e a cheann clèiteach ribeach12 an àird; chas e fhiaclan, theannaich e a dhùirn; sheas e gu daingeann air a dhà bhonn, agus ars esan gu tul-chuiseach duineil13: “Le ur cead, a Ridire, nam biodh14 teaghlach a’ Chaisteil Ghuirm a’ fàgail dachaidh an aithrichean, bhiodh mulad agus bròn orrasan a chaidh a thogail is àrach15  fo mhèinn ar sinnsireachd; agus cò nach rachadh na bhogha ’s na chlaidheamh a sheasamh ur còrach?”

 



1 ‘An Gille Gibeach’, scéal dá bhfuil i Seanchaidh na Tràghad, leabhar le Iain Mac Cormaic.