Gluais do na hathfhriotail as an scéal bunaidh

 

1 go haerach, aigeantach.

2 fuaim ghlinn ag cosa meara (á baint) as urlár líofa.

3 fuaim na n-amhrán agus ceol na píbe ag filleadh ina macalla suairc ó éadan gach binne.

4 ag coimhlint le chéile, féachaint cé ba mhinice a bheadh i gcomhluadar Isibéal.

5 i gcor (ríl).

6 ‘an dara fear….an fear eile’ – seanleagan cianaosta é sin. Tá sé sa Táin féin: ‘Iadais indala súil connarbo leithiu indaas cró snáthaithe. Asoilgg alaili co mbo móir béolu midhchuaich’.

7 cailleadh an long, taobh thiar den Afraic.

8 go huchtúil, urrúnta.

9 ní b’fhaide níorbh fhéidir dó siúl.

10 dul giota beag eile agus é ar a cheithre bhoinn – ar a lámha agus a chosa.

11 i ndiaidh bheith.

12 i mBalarat.

13 go n-imeodh sé chun an chuid eile dá bhlianta a chaitheamh….

14 coigríochach, strainséir.

15 a casadh ormsa.

16 déanann said gairdeas leis an duine siúlach a mbíonn scéala an tsaoil mhóir leis chucu san áit iargúlta ina bhfuil siad.

17 a stór.

18 coiscéim sheachráin.

19 An aithníonn tú mé ar chor ar bith?