Amhrán a Cumadh i nGaeilge na hAlban

 

Na hamhráin Albanacha atá faoi thrácht anseo, tá siad féin, agus corradh le céad amhrán eile, ar fáil, idir fhocail agus fhoinn, san aon leabhar[1].

 

 

Amhrán a haon

(Focail le McLean, Tòrrloisgt, Muile.)

 

‘Mo Rún Geal Díleas’ is teideal don amhrán seo; agus is é is damhna dó grá deorach a bheith ag ógfhear áirithe ar ainnir de mhuintir Oileán Ìle. Bhí sé á shnoí ag an ghrá sin cionn is é a bheith á mheas go raibh cúl tugtha dó aici siúd, agus gur dhíomhaoin dó bheith ag tnúth léi feasta. Ach, dála mar a rinne a lán eile roimhe – agus mar a dhéanfaidh a lán eile ina dhiaidh – d’fhéach sé le sólás beag a thabhairt dó féin. B’fhéidir, dar leis, go dtiocfadh ádh go fóill air, ó thaobh éigin eile.

 

Seo thíos an dá véarsa deiridh (4 agus 5) den amhrán:

 

Thug mi mìos ann am fiabhras claoidhte,

Gun dùil rium, oidhche, gum bithinn beò;

B’e fàth mo smaointinn, an là ’s an oidhche,

Gum faighinn faochadh is tu bhith nam chòir.

 

(Chaith mé mí ’s mé i bhfiabhras cloíte,

Gan dúil liom, oíche, go mbeinn beo;

Ba é fáth mo smaointe, de ló is d’oíche,

Go bhfaighinn aothú ach tú bheith ’im chóir.)

 

Cha bhi mi strì ris a’ chraoibh nach lùb leam,

Ged chinneadh ubhlan air bhàrr gach geug.

Mo shoraidh slàn leat, ma rinn thu m’ fhàgail;

Cha tàinig tràigh gun mhuir làn na déidh.

 

(Ní bheidh mé ag dréim le craobh nach lúbfaidh liom,

Cé d’fhásfadh úlla ar bharr gach géig’.

Mo shoraidh slán leat, má rinne tú m’fhágáil;

Níor tháinig trá gan mhuir lán ’na dhiaidh.)

 

Nach iomaí amhrán grá Éireannach a bhfuil a rithim agus a chomhfhuaim cosúil le rithim agus comhfhuaim ‘Mo Rún Geal Díleas’? Agus nach cosúil le chéile iad samhlacha an fhile thall agus samhlacha mórán de na filí abhus? Sa dóigh sin, nach gaolmhar go maith dá chéile véarsa a ceathair den amhrán Albanach agus

 

A Mhuire, ’s a Rí, cérbh ionadh dá dtéinn go gasta in éag,

’S mo chur ins an chill atá thíos úd, fán mhnaoi ab áil liom féin!

Mura bhfaighinn ach amharc arís ar ainnir na gcaoinrosc glé,

Gheobhainn sláinte ’rith míosa, agus faoiseamh breá óm’ phéin.

 

Agus ní neamhghaolmhar, ach oiread, véarsa a cúig agus

 

Fear gan chéill a bheadh ag dréim leis an chraobh atá ard,

Is craobh bheag eile lena thaobh ar a leagfadh sé a lámh.

Cé gurb ard an crann caorthainn, bíonn sé searbh as a bharr –

’S go bhfásann sméara ’s sú craobh ar an chrann is ísle bláth.

 

 

Amhrán a dó

(Focail le Henry Whyte, ‘Fionn’.)

 

An cailín (más fíor) a chum an t-amhrán seo, ‘Mo Ghille Dubh’, bhí sí faoi chumha mór i ndiaidh ógánaigh dár thug sí gean a croí. Ba mhinic i gcomhluadar a chéile iad, amuigh san áit ina mbíodh an t-eallach ar buailteachas le linn shámhaimsir an tsamhraidh. B’aoibhinn léi bheith ina chuideachta; agus – san am sin – b’aoibhinn leisean bheith ina cuideachtasa. Ach ‘d’imigh sin agus tháinig seo.’ Chuaigh an t-ógánach sna saighdiúirí; agus, de réir cosúlachta, d’éirigh dó mar a d’éirigh dá lán eile, le linn iad a bheith ar an choigríoch. Cibé ar bith, ba é sin an bharúil a bhí ag an ainnir a d’fhág sé ina dhiaidh. Ba ró-eagal léi nár chomhbhuan a spéis-sean inti agus an spéis a bhí aici ann. Agus is í an eagla sin ba chúis don ógbhean bhocht bheith á caoi féin le cách.

 

Rinne sí an chaoi sin sa dóigh chéanna inar ghnách le Gaeil caoineadh os cionn a marbh. Labhair sí go cráite céasta ar an chaidreamh aoibhinn úd a raibh deireadh go deo leis.

 

Ach ní hionann agus an t-ógfhear a raibh cumha air i ndiaidh a ‘rún geal díleas,’ níor shólás léi bheith a smaoineamh ‘nach dtáinig trá gan muir lán ina déid.’ Má b’fhíor gur chaill a haonsearc an grá a bhíodh aige di, níor bheo léi a beo, agus b’fhearr léi an t-éag agus an uaigh.

 

Seo thíos véarsa a ceathair agus véarsa a cúig den amhrán:

 

O, thug mi gràdh nach caochail

Do dh’òigear an fhuilt chraobhaich;

’S a-nis, mur dèan mi fhaotainn,

Gur neoni an saoghal dhomhsa.

 

(Ó, thug mé grá gan chlaochlú

Do ógfhear an fhoilt chraobhaigh;

’S anois, mura bhfaigheadh mar chéile é,

Is beag is fiú mo shaolsa.)

 

Gur tric a bha sinn mùirneach,

Ged tha mi an-dràsta gu tùirseach;

’S ma ’s e ’s gun tug e cùl rium,

San ùir bidh m’ àite-chomhnaidh.

 

(Cér mhinic sinn go haoibhneach,

Is mé atá anois go caointeach;

’S más fíor gur thug sé cúl liom,

Gur gearr mé os cionn na húire!)

 

 

Amhrán a trí

 (Focail le John McLean, Tiriodh.)

 

Scéimh na mban óg, is beag ábhar amhrán ba choitianta ná í ag filí na hÉireann, agus ag filí na hAlban – agus ag filí an domhain mhóir, is dóigh. Is í is damhna do mhórán dá bhfuil cumtha ag fir léinn, agus ag fir nach bhfuair aon dada riamh den rud ar gnách ‘léann’ a thabhairt air. Ní nach cúis ar bith iontais é, ar ndóigh, tá lorg na healaíne le feiceáil ar na duanta atá cumtha ag lucht léinn. Ba chliste a thogh siad sin focail a gcuid filíochta; agus b’ealaíonta a thomhais siad siolla na filíochta sin, ionas go mbeadh sí ‘gan bhun cleite amach ná barr cleite isteach’ in áit ar bith.

 

Ach, ceart nó mícheart mé, is é mo bharúil gurb annamh nach mbíonn a bheagán nó a mhórán den nádúrthacht in easnamh ar an tsárealáin úd. An tráth a bhíodh spéirbhean na nAislingí á moladh ag filí Éireannacha, is deimhin gurbh iomaí véarsa a chuir siad i gceann a chéile go cliste ceolmhar – véarsaí a bhfuil binneas friotail agus cruinneas meadarachta iontu. Ach, le linn dom bheith á léamh sin, ní féidir liom gan smaoineamh gur mhó a bhí aire na bhfile ar chló a gcuid duanta ná mar a bhí sí ar chló na spéirmhná.

 

Is eol dom gur féidir mé a bheith i gcontúirt mo ‘coinnealbháite’ mar eiriceach de thoradh na cainte seo thuas – ach an fhírinne choíche! B’fhéidir gurb aineolas is cúis do mo bharúil; ach, más ea féin, nach suimiúil bheith á feiceáil cad é an míbhail a bheir an t-aineolas ar intinn duine?

 

Cibé ar bith, is breá liom an nádúrthacht. Líne amháin de shórt ‘Tá mo ghrá mar bhláth na n-airní ar an draighneán donn’, is taitneamhaí agus is croíúla í, dar liom, ná liodán aidiachtaí nárbh éagosúil le fógrán a bheadh ag lucht beauty culture. Agus, cé nach gann an moladh atá in ‘A’ Chailin Mhaiseach Dhonn’, is dóigh liom é bheith nádúrtha agus saor go maith ó chur i gcéill.

 

Ní féidir nár thaitneamhach an phearsa mhná óige í ‘an cailín maiseach donn’; agus ba neamhiontach ógfhear áirithe a bheith faoi chumha ina diaidh, nuair d’imigh sí ó dheas chuig an Ghalltacht.

 

Seo thíos an chéad véarsa agus an véarsa deireanach den amhrán:

 

A ghruagach a’ chùil shnìomhanaich, ’bhean òg is miannach leam,

Do phearsa dhìreach chumachdail, ’s chuir mi ort an geall;

Is maiseach banail cliùiteach thu, ’s ro mhodhail aig gach àm,

’S tha blàth mar dhrùchd na h-iarmailt ort, mar dheàrrsadh grèin air fonn.

 

(A bhrídeog an fhoilt dualaigh, a bhean óg is aoibhinn liom,

Do phearsa dhíreach shnuamhar, is dó a thugas fonn;

Is maiseach banúil clúiteach thú, ’s is modhúil thú, gach am;

’S an dealramh ’tá ’do shúile, tá mar dhrúcht faoi ghréin ar ghleann.)

 

Ceud soraidh slàn thar chuaintean leat, a ghruagach mhaiseach dhonn,

Le dùil gum faic sàbhailt thu, bheir mi mo dhàn gu ceann;

’S ged chaidh thu fad air astar bhuam do Ghlaschu nan Gall,

’S i tìr a’ mhurain dhuibh-ghuirm bu dùthchas dhut bhith ann.

 

(Céad soraidh slán thar chuanta leat, a bhrídeog mhaiseach dhonn;

Is é mo dhúil go bhfillfidh tú ’s gur slán a bheas tú ann.

Is fada fada uaim thú i nGlaschú dhubh na nGall –

’S ní hann is dúchas duit, a ghrá, ach i dtír na loch ’s na mbeann.)

 

 

Amhrán a ceathair

 (Focail le John McLean, Tiriodh.)

 

Má ba mhaith na fir ag moladh na n-ainnireacha ina raibh a spéis, níor dhona ach oiread an lámh a bhí ag cuid de na hainnireacha ar mholadh a thabhairt do na fir ba gheal leo. Agus is intuigthe an méid sin as ‘Hi Orò ’s na Horò eile’. San amhrán sin, tá sé inste ag ógbhean gur thug sí grá do bhuachaill áirithe, nuair a bhí sí ina girseach gan chiall. Ach, cibé acu a chruinnigh sí ciall ina dhiaidh sin nó nár chruinnigh, níor chaill sí an grá a d’éirigh chuici go luath dó siúd. Is éard a dúirt sí,

 

Nuair a bha mi nam chaileig ghòraich,

Thug mi gaol is gràdh don òigear

Aig a bheil a’ phearsa bhòidheach,

                  ’S cha ghràdhaich mi rim bheò fear eile.

 

(Tráth ’bhí mé an-óg, is gan mórán céille,

Thug mé gean is grá, nach séanaim,

Do bhuachaill breá an phearsa spéisiúil

                  ’S ní ghráfaidh mé go deo fear eile.)

 

B’fhéidir go bhfaca sise ann gnaoi nár léir do chách eile; ach, bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, thug sí dó clú scéimhe nár náir do spéirbhean féin.

 

Do chùl dualach cuachach bòidheach;

Falt do chinn mar ite an lònduibh;

Do dhà ghruaidh air dhreach nan ròsan,

         Is iad fo dhealta ceò na maidne.

 

(Do chúl dualach cuachach dóighiúil;

Folt do chinn mar eite an londuibh;

Do dhá ghrua ar lí na rós,

                  ’S iad ar úrú ag drúcht na maidne.)

 

Ach is deimhin gurb oiriúnach go maith do scafaire glan díreach de ógfhear é an moladh atá sa chéad leath de véarsa eile dá bhfuil san amhrán seo.

 

Tha do chalpa cuimir, dìreach,

Mar bhradan aibhne ruith gu fìor-ghlan;

’S gura fìor gun tug mi luaidh dhut

                  A-measg na bheil de shluagh air thalamh.

 

(Is ort ’tá an chos tá comhair, díreach,

Mar bhradán aibhne ’rith go fíorghlan;

’S ní bréag gur thug mé grá mo chroí duit

                  As measc a bhfuil de dhaoine ar talamh.)

 

Ar chríochnúlacht crutha, ar lúth agus ar láidreacht, ní holc an tsamhail é an bradán.

 

 

Amhrán a cúig

 

An t-amhrán seo, ‘Gun Chrodh gun Aighean’ is éard atá ann smaointe cailín a bhí ar an chaolchuid de mhaoin an tsaoil agus a fágadh, dá bharr sin, ar dhíth an fhir óig ab ansa léi ar domhan. D’imigh sé sin uaithi; ach, má d’imigh féin, bhí sí go maith dó i rith an ama; agus d’iarr sí ar mhairnéalach éigin a bheannacht a bhreith chuige thar sáile anonn.

 

Fhir a dh’imicheas thar chuantan,

Giùlain mìle beannachd uamsa

Dh’ionnsaigh òigear a’ chùil dualaich,

                  Ged nach d’ fhuair mi e dhomh fèin.

 

(’Fhir a imíos thar chuanta,

Iompair míle beannacht uaimse

’Nonn chuig ógfhear an chúil dualaigh,

                  Cé nach bhfuair mé é dom féin.)

 

Ach d’ainneoin í bheith folamh ó mhaoin, b’fhada uaithi bheith gan meas uirthi féin. I mbeagán focal, dúirt sí rud a chuirfeadh i do chuimhne an chaint a dúirt an bhruinneall bhreá úd a bhí ag cur a géarcháis féin i láthair ‘Chúirt an Mheán Oíche’:

 

Is deas mo bhéal, mo dhéad, ’s mo gháire;

Is geal mo ghné, ’s tá m’éadan tláith tais;

Is glas mo shúil, tá m’urla scáineach,

Bachallach, búclach, cúplach, fáinneach.

 

Ba ghiorra go mór ná sin an moladh a rinne an cailín Albanach ar a scéimh féin; ach níor dhearmad sí a chur in iúl ‘nach ndéanann breácht brochán’ – agus nár mhiste a fhios sin a bheith ag an té a d’fhág ina dhiaidh í. Is éard a dúirt sí,

 

Ged tha mi gun chrodh, gun chaoraich,

Chan eil mi gun mhaise m’ aodann;

Dh’fhighinn breacan a bhiodh caol dhut,

                  ’S dheanainn aodach a bhiodh grinn.

 

(Níl sin agam táin ná tréada,

Ach is maiseach maoth é m’éadan;

D’fhínn breacán dathach breá dhuit,

’S gréasán d’éadach snasta mín.)

 

Cibé ar bith, is míshásta go leor a bhí sí, an créatúr. Bhí an t-ógfhear úd ‘míle míle i gcéin’ uaithi. Bhí sí féin ina cailín fuála (i monarcha éigin i nGlaschú, is dóigh) agus í ag iarraidh tabhairt uirthi féin cúl a thabhairt le smaointe nár chabhair di, ach crá:

 

Nàile! ’s mise tha dubhach, deurach,

An seomar àrd a’ fuaigheal lèine;

Chaidh mo leannan do Jamaica,

’S dè am feum dhomh bhith ga chaoidh?

 

(Och, och, is fíor mo chroí bheith céasta,

’S mé i seomra uachtair ag fuáil éadaigh!

Chuaigh mo leannán go hIamáice,

’S is díomhaoin dom bheith anois á chaoi!)

 

 

Amhrán a sé

 

Cé acu ba throime míshásamh? Na mná nárbh fhéidir dóibh a rogha a fháil agus a d’fhan go gruama gan pósadh riamh? Iad sin nó na mná a phós seanarrachtaí mar gheall ar mhaoin? Is doiligh a rá.

 

Cibé ar bith, ba den dara dream í an bheag óg a bhfuil a casaoid le fáil san amhrán dá ngairtear ‘Horó cha’n ’eil Cadal orm.’ De réir mar atá ráite aici féin, bhí deireadh le só agus suairceas aici, riamh ó dúirt sí an ‘gabhaim’ leis an duine aosta.

 

Horò, chan eil cadal orm,

Chan eil mi air sòlas;

Mo chùlaidh ri ceòl gàire

On là a chaidh mo phòsadh

Ri seann-fhear, ged ghabh mi e.

 

(Oró, ní ’mo chodladh atá mé;

Is mé nach bhfuil go sócúil;

Is annamh ’ chualas ceol an gháire

(Riamh ó lá mo phósta

         Le seanduine, cér ghabh mé é.)

 

Is bríomhar a chuir sí i bhfios do chách cad é an mí-athrú croí agus intinne a tháinig uirthi le linn ‘an tsaoil úir.’

 

’S e an t-òr a thug an car asam,

’S e an seann fhear rinn mo bhuaireadh;

’S e am pòsadh rinn mo shàrach,

’S tha blàth siud air mo ghruaidh-se.

 

(’Sé an t-ór a rinn’ mo mhealladhsa;

’Sé an seanfhear a rinn’ mo bhuaireamh;

’Sé an pósadh a d’fhág gan spreacadh mé-

’S tá a rian sin ar mo ghruanna!)

 

Agus is maith a d’inis sí an cronú a bhí aici ar an chomhluadar mheidhreach a raibh sí ina chleachtadh sular ghlac sí le comhairle a muintire agus géilleadh do chathuithe an óir.

 

’Nuair bhios càch ’sna bailtean

A’ crathadh an cuid ghùntan,

Bidh mise leis an t-seann fhear

Is srann aige air mo chùlaibh.

 

(Cailíní an bhaile uilig

Ag croitheadh a gcuid gúnaí;

Ach mise ag mo sheanduine,

’S srann aige ar mo chúla!)

 

Is maith an ‘pictiúr’ de smaointe na mná óige atá sa véarsa deireanach seo thuas. Bhí sí ag amharc, dar léi, ar bhuíon a bhí i ndáil a chéile i dteach éigin, agus coirm rince ar siúl acu. Chonaic sí ansin bruinnealla a raibh an óige gan chloí iontu go fóill. Agus bhí gach cailín acu sin ina comrádaí ag ógfhear breá éigin a bhí á ‘tabhairt thart’ go haoibhinn aerach sa Highland Fling. Ba thaitneamhach an rince; agus ba thaitneamhach an ceol a bhí á seinm lena linn ... Agus bean na casaoide san áit nach raibh aon dada le cloisteáil aici ba bhinne ná srannfach an tseanduine, ar dhúshlán an cheoil ba mheidhrí ar bith é aon choiscéim amháin féin rince a bhaint as!

 

Cé gur in ainm a bheith ina ‘gcaointe’ atá cuid mhaith den chineál sin amhrán, is fada ó chéim thórraimh an rithim atá iontu. Rithim an amhráin seo thuas – nó an rithim atá leis ‘an Seanduine Dóite’, cuir i gcás.

 

Dá bhfaighinnse mo sheanduine sínte i bpoll móna,

A chosa bheith briste, ’s gan bíogadh ná treoir ann,

Spréifinn air blaincéad a bhéarfadh dó sócúl-

’S b’aigeantach a shiúlfainn ’na bhaile óna thórramh!

 

Is féidir, ar ndóigh, gur fir a rinne cuid de na ‘caointe’ ar son na mban – dála mar a rinne Burns, nuair a chum sé an t-amhrán dá ngairtear ‘What can a young Lassie’ – amhrán a bhfuil céim neamhspadánta leis:

 

He hums an’ he hankers, he frets an’ he cankers;

I never can please him, do a’ that I can;

He’s peevish an’ jealous of a’ the young fellows-

Oh, dool on the day I met wi’ an auld man!

 

 

Amhrán a seacht

(Focail le Allan MacDugald, Gleanna Comhann.)

 

Más neamhghruama an rithim atá in Amhrán a Sé agus ina leithéidí, is beag is lú gruamacht í an rithim atá i gcuid de na hamhráin ina bhfuil a ngearán á dhéanamh ag fir a phós mná ab fhaide anonn in aois ná iad féin. Sampla maith go leor den sórt sin é ‘Òran na Caillich’.

 

O hì, O hà! gur cruaidh a’ chailleach,

O hì, O hà! gur fuar a’ chailleach,

Ho rè, Ho rà! ’s i ghràin a’ chaillich

Dh’fhàg mise nam amadan gòrach.

 

(O hí o há, gur crua an chailleach

O hí o há, gur fuar an chailleach

O ré o rá, ’sé fuath mo chaillí

’D’fhág mise ar easpa mo mheabhrach!)

 

Ach ní hionann agus na mná a dúirt gurbh í saint na maoine a d’fhág ina gcéilí ag seanfhleascaigh iad, is éard a shéan fear na caillí a leithéid sin de smaoineamh a bheith ina intinn, ar chor ar bith. Is éard a shíl sé nárbh fhéidir nár éirigh léi siúd cineál de dhraíocht a chur air. Dúirt sé,

 

Chan airgead, chan òr, cha stòr, cha trusgan

Chuir mis’ air a tòir ri mòran cuirteis;

Ach dalladh fo sgleò le seòrsa buidseachd-

’S ann agam tha ’n t-ùirsgeul air Seònaid.

 

(Ní hé a cuid óir, ná a cró, ná a teallach,

’Chuir mise ar a tóir go humhal ’s go hathlamh,

Ach ceo éigin bradach a chuir orm dalladh

Agus ’d’fhág mé ’mo thruaill ag Seònaid.)

 

Is cosúil nach raibh sé gan chiall don rud a dtugann Béarlóirí na linne seo escape air. Théadh sé go teach an tábhairne go n-óladh sé cosc a bhróin, agus go bhfaigheadh sé athghreim ar a mhisneach. Ach, an uair sin féin, níor shaor ar fad é ó eagla go dtiocfadh an chailleach agus go gcuirfeadh sí deireadh tobann leis an subhachas a bhí curtha ann ag braon de shú na heorna.

 

Gur tric ’san tigh-òsta mi ’g òl nan drama,

Air teicheadh o Sheònaid tha an còmhnaidh talach;

Nam faighinn m’ a sgòrnan ròp, ’s cead tarraing-

Uist: sin i a’ chailleach an tòir orm!

 

(’dTigh leanna ag ól, bím uair nach annamh,

Ar teitheadh ó Sheònaid ’s ó ghlór a gearáin.

Dá bhfaighinn fána scornach téad le tarraingt-

Fuist: sin í an chailleach sa tóir orm!)

 

B’fhéidir, agus ba dhócha, nach dteannfadh sé an téad ar mhuineál na caillí ar chor ar bith; ach, ar ndóigh, is minic a bhíonn duine faoi fhonn ar ródheacair leis a chur i ngníomh.

 

 

Amhrán a hocht

(Focail le John MacFadyen, Glaschú.)

 

Cé gurbh iomaí pósadh riamh a bhí ina n-ábhair aithreachais, dar leo, ag an mhuintir a rinne iad, ní bhacann sin do dhaoine óga bheith fonnmhar ar dhul sa seans. Agus is léir gur thréan a bhuail an fonn sin an té a bhfuil a scéal inste san amhrán a dtugtar ‘Bail Ionbhar-Aora’ air.

 

Fuair sé cuireadh chun bainise ó chara a bhí le pósadh in Inbhear Aora. Agus ba lúcháireach a ghlac sé leis an chuireadh chéanna sin. San am ina bhfuair sé cuireadh, bhí sé á ‘chlaoidh leis an fhadal, gun ealain, gun saothar’ óir ba iascaire é, agus is cosúil nár thráth mór iascaireachta é an tráth a bhí ann – tús an earraigh.

 

Chuaigh sé chun na bainise agus ba bheag gruaim a bhí air nuair a thosaigh an ceol agus an damhsa – go mór mór an uair a bhí ainnir aoibhinn áirithe ina comrádaí aige sa chúrsa.

 

’S ann sheas i mum choinneimh, ’s a’ chlàiridh fo ar bonnaibh,

A’ mhàldag ghlan shomalta, thogarrach, aoidheil;

Rinn rib’ o a sùil dhearcaich mo chridhse-sa ghlacadh,

Mar lìon mu na bradain an caisleach na h-Aora.

 

(Os mo chomhairse ’na seasamh ar urlár an damhsa,

Bhí an stuaire bhreá chruinnbhallach tharraingteach aoibhiúil;

’S d’fhág sileadh dá glanrosc mo chroíse i ngaiste,

Mar bhradán in eangach ’chois átha san Aora.)

 

Ba mhinic ina dhiaidh sin é ag smaoineamh ar an stuaire úd. Chuimhníodh sé uirthi, ba chuma cad é an taobh ina mbíodh sé – thoir nó thiar, ó dheas nó ó thuaidh.

 

Gach taobh nì mi gluasad, ma ’s deas no ma ’s tuath e,

Gur caochlaideach luaineach mo smuaintean-sa daonnan;

Bheir eòinean a’ mhachair is faoileag na mara

Nam chuimhne mo chaileag tha ’m Bail’ Inbhir Aora.

 

(Gach taobh ina ngluaisim, más deas nó más tuaidh é,

Siúd im’ aigne go luath an smaoineamh is caomh liom;

Bheir an t-éan binn ar chrann, nó gealfhaoileann na mara,

Im’ chuimhne mo chailín tá i mBail’ Inbhear Aora.)

 

Ní nárbh ionadh, ba rún dó stuaire Inbhear Aora a fháil mar bhean dó féin, chomh luath agus a bheadh a sháith de mhaoin aige. Agus chuirfeadh sé an rún sin i ngníomh, dá mbeadh rath ar iascaireacht na scadán, an séasúr a bhí chuige.

 

Ach bheir mi mo ghealladh dhuibh, òigridh a’ bhaile,

Ged ’s ann an cagar nach canainn ri daoine,

Ma shnàmhas an sgadan am bliadhna mar ’s math leinn,

Bheir mise dhuibh banais am Bail’ Inbhir Aora.

 

(Ach bheirimse gealladh daoibh, a ógra an bhaile –

’S coinnigí ceilte go fóill ar an saol é –

Má thig na scadáin, i mbliana, fán chósta ba mhian linn,

Bhéarfaidh mise daoibh bainis i mBail’ Inbhear Aora.)

 

 

Amhrán a naoi

(Focail le Malcolm MacFarlane.)

 

Tráth a bhíonn duine go brúite brónach, feictear dó na dúile féin a bheith faoi smúit mhínádúrtha; agus is iomaí cruthú ar an mhéid sin le fáil i marbhnaí na nGael. Is iomaí Gael riamh a chum marbhna inar inis sé an ghruaim a tháinig, dar leis, ar spéir agus ar thalamh nuair a d’éag duine éigin a bhí faoi ómós ar leith aige.

 

Sampla den chineál sin é an chaint a dúirt Muiris Ó Moghain le linn é bheith ag caoineadh Eoghain Rua Uí Néill[2]:

 

Is láidir a shéideas gaoth, gach ló, do thuaidh,

A’s d’fhás ar léas na gréine neoil go nuaidh;

Is ard do ghéis gach spéir le doghra cruaidh,

’S ní lán an éasca ón éag sin Eoghain Ruaidh.

 

Sampla eile de an véarsa seo ón bhean a bhí ag caoineadh Aodha Óig Uí Ruairc[3]:

 

Tá smúit ar an spéir

         Agus ní éiríonn an ghealach gan smál;

Níl teas ins an ngréin

         Agus ní féidir le meas ar bith fás.

Ní ghoirfidh an chuach

         Faoi bhruach an leasa go brách

Ó cailleadh Ó Ruairc

         A raibh an bua aige ar fheara Chrích’ Fáil.

 

Agus dearc ar an véarsa seo as ‘Cumha Mhic Criomain’[4]:

 

Tha an fhairge fa dheòidh làn bròin is mulaid;

Tha am bàta fo sheòl, ach dhiùlt i siubhal;

Tha gàirich nan tonn, le fuaim neo-shubhach,

Ag ràdh gun do dh’fhalbh ’s nach till thu, tuilleadh.

 

(Tá an fharraige mhór faoi bhrón ’s faoi chumha;

Agus báid faoi sheol, níl beocht ina siúl;

Tá na tonnta á fhógairt, de ghlór nach subhach,

Nach bhfillfidh Mac Criomain go Lá an Luain.)

 

Ach trácht dá laghad ar ghruaim an dúlra níl sa tuireamh beag a bhfuil ‘Cumha na

h-Òighe’ mar theideal air. Níl ann ach tasc ar dhea-phearsantacht an té a d’imigh, agus ar dhíomá mhór an té a fágadh go huaigneach ina dhiaidh. Sa chaint atá ann, tá soineantacht áirithe nach neamhthaitneamhach, ar chor ar bith. Seo thíos an chéad véarsa, agus cuid den tríú agus den cheathrú véarsa de:

 

Òigh mo chrìdh! Òigh mo ghràidh!

’S fuar an-diugh t-àite tàimh.

Shearg do dhuilleach, chrìon do bhlàth,

         Is chàraich iad ’san ùir thu.

’S mise tha cràite; ’s mise tha truagh,

Dh’oidhche ’s an là gad ionndrainn uam.

Ghlais iad m’ aoibhneas anns an uaigh

         ’S chan fhuasgail caoidh no tùrs’ i.

 

(A ógh mo ghrá! A ógh mo chroí!

Is fuar inniu do leaba luí!

Chaill do ghrua a snua caoin

         ’S is críon anois faoin úir í!

Is cráite ’táim ’do dhiaidh, monuar;

’S is géar atáim ad’ chronú uaim

Ó leagadh thú sa chill, a rún,

         Is cuireadh glas na huaighe ort!)

 

Bha thu ciùin; bha thu caomh;

Bha gach dùil ort an gaol.

B’i do bhathais mhalda chaoin

         Mo ghràdh a dh’aom air tùs riut.

 

Bha thu rium mar sholus iùil,

Rionnag dhealrach, sheud mo shùil;

Tha mi nis mar long gun stiùir,

         Gun phort nam dhùil as d’ aonais.

 

(Is tú ’bhí ciúin; is tú ’bhí caomh;

Is leat ar chách a bhíodh an aoibh;

Ó chonaic mé do ghnúis gheal chaoin,

         Ba tú mo rún ’s mo théagar.

 

Ba tú, gan bhréag, mo sholas iúil,

Mo réalt’ bhreá dhealrach, séad mo shúl;

A’s táim anois mar long gan stiúir

         Ó fágadh mé i d’éagmais.)

 

 

Amhrán a deich

 

Is neamhchoitianta go maith an cineál scéil atá inste san amhrán dá ngairtear ‘Maili Bheag Òg’. Más fíor don té a d’inis an scéal, bhí sé féin agus Mailí i ngrá le chéile; agus ba mhíshásta a bhí a muintirse dá thoradh sin. De réir cosúlachta, bhí toirmiscthe acu ar Mhailí bheith ina chomhluadar siúd, ar chor ar bith; ach ba ródhóigh leo an toirmeasc a bheith á shárú aici. Rinne siad an cúrsa a choimhéad go géar; agus bharúil siad go raibh an bheirt óga le teacht i ndáil a chéile i ngleann áirithe, Dé Domhnaigh. Bhí a shliocht orthu. Thug buíon díobh aghaidh ar an ghleann úd; agus chonaic siad an péire a raibh siad sa tóir orthu. Agus, ag teacht ar bráid do lucht na tóra, cad é rinne mo dhuine ach buille tréan tobann a bhualadh ar a ‘Mhailí bheag óg’!

 

D’fhéadfaí a thuiscint as an scéal gur shíl an t-ógfhear, an uair sin, feall a bheith déanta air ag a leannán – gurbh amhlaidh a d’inis sí dá muintir, roimh ré, go bhféadfadh siad breith air, ach iad teacht chun an ghleanna, tráth áirithe den Domhnach. Óir, nuair a bhí sé tamall sa phríosún – agus é i ndiaidh athghreim a fháil ar a chiall, dúirt sé, le linn a mhachnaimh,

 

A bhean na mala mìne ’s nam pògan mar na fìogais,

Is tu nach fhàgadh shios me le mì-rùn do bheòil.

 

(A bhean na mala míne ’s na bpóg ar bhlas na bhfígí,

Is tú nach ligfeadh choíche leo an rún bhí eadrainn féin.)

 

Tráth a bhí an méid sin ráite aige, dúirt sé, mar leithscéal, gur tháinig mearadh intinne air nuair a chonaic sé lucht na tóra chuige, agus gurb é sin an rud ba chúis lena mhíghníomh tobann.

 

Is mise bh’ air mo bhuaireadh,

Mo Mhàili bheag òg,

Nuair thàinig sluagh mun cuairt dhuinn,

Mo rìbhinn ghlan ùr.

Is truagh nach anns an uair sin

A thuit mo làmh om ghualainn,

Mun d’amais mi do bhualadh,

Mo Mhàili bheag òg.

 

(Fágadh gan mo stuaim mé,

A Mhailí bheag óg,

Nuair a chonaic mé an slua úd,

Ag teacht go dian sa tóir.

Is trua, insan uair sin,

Nár thit mo lámh óm’ ghualainn

Sular éirigh liom do bhualadh,

A Mhailí bheag óg!)

 

Bhí an dochar déanta, cibé ar bith; agus níorbh fhéidir don duine bocht aon dada a dhéanamh ach bheith ag mairgneach cionn is gur tharla mar a tharla.

 

Is truagh a rinn do chàirdean,

Mo Mhàili bheag òg,

Nuair thoirmisg iad do ghràdh dhomh,

Mo chuid den t-saoghal thu.

Nan tugadh iad do làmh dhomh,

Cha bhithinn, anns an àm seo,

Fo bhinn air son mo ghràidh dhuit,

Mo Mhàili bheag òg.

 

(Is trua mar ’ rinn’ do chairde,

A Mhailí bheag óg,

Nuair ’ thoirmeasc siad do ghrá dom,

Mo chuid den saol ’s mo stór!

Dá ligeadh siad ár ndáil linn,

Ní bheinn anois mar ’tá mé,

I bpríosún ’s mé go cráite,

A Mhailí bheag óg.)

 

Nach cosúil le chéile dealbh an amhráin seo thuas agus dealbh an amhráin dá ngairtear ‘Máire Ní Mhaoileoin’[5]?

 

An dtiocfaidh tú ’bhaint aitinn liom,

         A Mháire Ní Maol Eóin?

Thiocfainn a’s ’á ceangal leat

         A chuid den tsaol ’s a stór.

Rachainn féin chun Aifrinn leat,

A’s ní le grá dom’ anam é,

Ach le fonn a bheith ag amharc ort,

         A ógánaigh óig.

 

Agus, ina theannta sin tá cosúlacht áirithe idir ábhair an dá amhrán. Má b’fhíor don té a chum ‘Máire Ní Mhaoileoin,’ ní hea amháin gur bhuail sé an cailín a raibh sé i ngrá léi. Is éard a mharaigh sé le buille de scian í!

 

Ní amhrán an-taitneamhach é ‘Máire Ní Mhaoileoin’. Go dearfa, is taitneamhaí ná an leagan bunaidh, dar liom, an t-aistriúchán a rinne an Dochtúir Sigerson air.

 

Will you come where golden gorse I mow,

         Mo Máire Ní Mhilleóin?

To bind with you I’d gladly go,

         My share of life, my own.

To chapel too I would repair,

Though not to aid my soul in prayer,

         But just to gaze with rapture, where

         You stand, mo buachail bawn.

 

Is cosúil go meastaí an sórt sin deilbhe a bheith oiriúnach do dhuanta ina mbeadh faisnéis ar ghníomhartha tragóideacha. Is tragóideach go leor an scéal atá in ‘Mailí Bheag Óg’. Is tragóidí ná sin an scéal atá in ‘Máire Ní Mhaoileoin’. Agus ní lú de thragóid é an scéal atá in ‘Triamhuinn na Máthara’.

 

Cheangail siad de chrann mé,

         A leanbáin na gcraobh

Go bhfeicinnse d’anchruth

         A leanbáin mo chléibh!

Bhí tú ar bharr an phíce;

A’s chuala mé do chaoise;

Agus réab sin mo chroíse,

         A leanbáin mo chléibh!

 

An raibh ‘tionchar’ ar bith ar a chéile ag ‘Mailí Bheag Óg’ agus ‘Máire Ní Mhaoileoin’? Ag ceachtar díobh sin ar ‘Triamhuin na Máthara’ – nó ag ‘Triamhuin na Máthara’ orthu? B’fhéidir gur fada an lá fuascailte iad na ceisteanna sin – gan a fhios domsa. Ach, má tá siad gan fuascailt go fóill, b’fhéidir gurbh fhiú le duine éigin dár

n-éigse óga suim a chur iontu.

 

 

Amhrán a haon déag

(Focail le Dugald MacPhàil.)

 

Dála an Éireannaigh, bíonn grá mór ag an Albanach ar an áit inar tógadh é – nó , mar a déarfadh sé féin, ‘an t-aite anns an d’fhuair mi m’àrach òg’. Agus is deimhin nach chun fuaraithe a théann an grá sin ag an té a bhíonn ar an choigríoch. Is furasta sin a aithint ar an mhéid amhrán ina bhfuil léiriú ar na smaointe a bhíodh á ndéanamh ag daoine ar tharla dóibh bheith ina mbuanchónaí i bhfad ó na seanfhóid.

 

Amhrán den sórt sin é ‘An t-Eilean Muileach’. An té a chum é, is i Sasana a bhí sé (de réir an scéil); ach, cé nárbh an-fhada i gcéin é, is cosúil gur bheag a bhí sé ag dúil le seadú i dtír a dhúchais arís. Agus ba chumhach, má ba chaoin, í a chuimhne ar na haoibhnis a raibh sé ina gcleachtadh le linn a óige. Ní mórán de cheol éan a bhíodh le cloisteáil aige, ná mórán de áilleacht spéire a bhíodh le feiceáil aige, agus é i gceann de na ceantair smúitiúla ina bhfuil gualmhianaigh Shasana. I dtús a dhuain, dúirt sé,

 

Ged tha mi nam fhògarrach cian air m’ aineoil,

’Sa Chaisteal Nuadh, taobh thuath de Shasann,

Bidh tìr mo dhùthchais a’ tighinn fa-near dhomh,

An t-Eilean Muileach bu lurach beannaibh.

 

(Mar táim im’ dheoraí, ’s ar uathadh caidrimh,

Sa Chaisleán Nua i dtuaisceart Shasana,

Is buan mo smaointe ar an radharc a chleacht mé –

Oileán Muile na ngormbheann maiseach.)

 

Ba neamhionann bheith ag amharc ar na gormbheanna úd Mhuile agus bheith ag obair i bprochóga faoi thalamh, an áit nár léir do mhianadóirí an gual féin, murab é fannsolas na mionlampaí ola a bhíodh ar crochadh ar a mbairéid acu. Agus ba neamhionann bheith ag cloisteáil thrup géar na bpiocóidí agus bheith ag éisteacht le ceiliúr na n-éan, maidin chiúin Bhealtaine.

 

B’ e an sòlas-inntinn leam a bhith ag èisteachd

Ri còisir bhinn-ghuthach ghrinn a’ Chèitein,

A’ seinn gu sunndach an dlùth’s nan geugan –

A’ choill fo liath-dhealt, ’s a’ ghrian ag èirigh!

 

(Sa Bhealtain’ aoibhinn, ba mhór an pléisiúr

Cór binn na n-éan, i ngar dom ar m’éisteacht,

ag ceol go meidhreach i ndlús na ngéaga –

An choill faoi dhrúcht geal, ’s an ghrian ag éirí!)

 

Faraor, níorbh fhada a mhair an bheatha thaitneamhach sin ag an duine bocht! Tháinig sí chun críche mar a thiocfadh brionglóid chun críche nuair a mhúsclódh duine as a shuan. Ach b’aoibhinn leis bheith ag cuimhneamh uirthi; agus ba chaoin a chuir sé a bheannacht chuig an oileán inar bhlais sé í.

 

Chlaon gach sòlas dhiubh siud mar bhruadar,

’S mar bhristeadh builgein air bharr nan stuadh-thonn;

Ach soraidh slàn leis gach loinn is buaidh

A bha air eilean àghmhor nan àrd-bheann fuara.

 

(Mar aisling d’éag mo shéan go luath uaim –

Cúr na dtonn, ba bheag nár bhuaine –

Ach soraidh slán leis an spéir neamhghruama

’Bhíodh os oileán álainn na n-ardbheann snuamhar.)

 

 

Amhrán a dó dhéag

(Focail le Mrs. MacPherson.)

 

Bean a chum an t-amhrán dá ngairtear ‘Eilean a’ Cheò’; agus, murarbh é a cás féin a bhí á fhaisnéis aici, ba chás mná éigin eile é. Cibé ar bith bean a bhí ann, d’imigh sí óna tír dhúchais tráth nach raibh sí ach deich mbliana de aois; agus bhí sí ar an choigríoch le dhá fhichead bliana nuair a d’inis sí, sna véarsaí úd, an tnúth a bhí aici le hamharc a fháil arís ar na seanfhóid.

 

Ní léir ón amhrán cá háit a raibh sí ar feadh an dá scór bliain – ach amháin gurbh ‘am miadhon baile mhóir’ a bhí sí nuair a pósadh í. Ba iascaire an fear a fuair sí mar chéile. Bhí sé ina cheann maith di, agus í sásta go breá leis. Ach, d’ainneoin an rathúnais uile, ba mhinic faoi chumha í, agus í ag cuimhneamh ar Oileán an Cheo.

 

Is ged a fhuair mi iasgair

A lìon mo thaigh le stòr,

Bu chuimhneachail mi riamh ort,

’S bu mhiann leam bhith nad chòir.

 

(Is cé go bhfuair mé iascaire

A líon mo theach de stór,

Ba chuimhneach liom ariamh thú,

’S ba mhian liom beith dod’ chóir.)

 

Ba trua léi, ar ndóigh, é a bheith de fhiacha uirthi féin agus ar na mílte eile a gcúl a thabhairt leis an oileán ba ghrá leo, agus imeacht i gcéin thar sáile (anonn go Ceanada, in aimsir na Highland Clearances, b’fhéidir).

 

Na mìltean a chaidh fhuadach

Thar chuain, gun chuid ’s gun chòir,

Tha mian an cridhe ’s an smuaintean

Air Eilean uain’ a’ cheò.

 

(Na mílte móra a díbreadh thar chuan,

Gan chuid agus gan chóir,

Is buan a bhíonn a smaointe

Ar Oileán uaine an Cheo.)

 

Is suimiúil go maith an véarsa deireanach den amhrán. Go háirithe faoi láthair (Earrach 1957) nuair atáthar ag brath díbirt a imirt ar Ghaeil Uibhist.

 

Nis cuimhnichibh ur cruadal

Is cumaibh suas ur stròil;

Gun tèid an roth mun cuairt dhuibh

Le neart is cruas nan dòrn;

Gum bi bhur crodh air buailtean

’S gach tuathanach air dòigh;

’S na Sasannaich air am fuadach

À Eilean uain’ a cheò.

 

(Bíodh bhur meirgí go huaibhreach libh

’S go hard os tús bhur slóigh;

Déanaigí an gníomh ba dhual daoibh

Go neartmhar is go beo.

Beidh ba agaibh go líonmhar

Ar buaile, fós, mar ’chóir –

’S beidh na Sasanaigh ar díbirt

’bhfad ó Oileán uaine an Cheo!)

 

 

Amhrán a trí déag

(Focail ó Sinclair’s Oranaiche.)

 

Ní léir ón amhrán féin cad é ba bhealach don té a chum ‘Moladh na Lanndaidh’. Sa chéad véarsa dúirt sé ‘Chi mi thall ud an Aird-mhór’; ach is féidir nach ciall litriúil is cóir a bhaint as an chaint sin. B’fhéidir gur le rosc a intinne a bhí sé ag feiceáil na háite úd – agus é féin ar an taobh thall den ‘Chuan Siar’ (ainm is binne fuaim ná ‘An tAigéan Atlantach’, dar liom).

 

Ach cibé tír nó tuath ina raibh sé, is cosúil nach raibh fáil aige ar aoibhneas ar bith sealgaireachta den chineál a chleachtadh sé in Ìle, tráth a bhí sé óg. Ag cuimhneamh ar an aoibhneas sin dó, dúirt sé.

 

Nuair a dh’èirinn moch ’san àird,

Bheirinn sgrìob do cheann an t-sàil’ –

Bhiodh na lachan air an t-snàmh,

’S cha b’ fhad am bàs o m’ làimh-sa.

 

(Ar éirí dom go moch san Aird,

Théinn go mear chuig ceann an tsáil’ –

Bhíodh na lachain ar an snámh,

’S níobh fhada a mbás óm’ láimhse.)

 

Ba shealgaire amach is amach é; agus níorbh ionadh ar bith dúil a chroí a bheith aige san ionad úd; óir is cosúil gurbh fhairsing ann a lán cineál seilge. Bhíodh an madra rua ann, agus go leor dá mbíodh an madra rua féin sa tóir orthu. Bhíodh – agus corrchineál nach rachadh an madra rua á n-ionsaí ar chor ar bith. I véarsa a cúig, dúirt fear an amhráin,

 

Is tric a leag mi air a thaobh

An ròn ballach anns a’ Chaol.

 

Is léir go raibh gunna aige – agus lámh mhaith aige ar an ghunna chéanna. Ach, faraor, d’imigh siúd agus tháinig seo! Bhí deireadh go deo ag an duine bocht leis an áit agus leis na daoine ab ansa leis.

 

O, mo ghaol air Ìle an fheòir,

Far an d’fhuair mi m’ àrach òg;

Far a bheil na h-uaislean còir,

Bu toigh leotha ceòl is dannsadh!

 

(Mo bheannacht choíche ar Ìle an fheoir;

Is ann mo chroí ó bhí mé óg;

Is ann ’tá an cine caoithiúil cóir

Arbh áin leo ceol is damhsa!)

 

Tá toighis ar leith agam féin do ‘Moladh na Landaibh’ – agus fáth agam leis an toighis sin. Cuireann an t-amhrán i gcuimhne dom sean-Ghael a casadh orm thiar in Acaill, tráth a thug mé féin agus cúpla duine eile gearrchuairt ar an oileán sin, tuairim is fiche bliain ó shin.

 

Bhí ‘neoin bheag agus deireadh lae’ ann nuair a shroicheamar Acaill – agus gan focal curtha againn ar loistín na hoíche. Ghluaiseamar linn ó thuaidh gur bhaineamar amach áit ina raibh cruinneagán beag de thithe ósta. Bhíomar ag dúil go bhfaighimis greim bia agus áit luí i gceann éigin díobh sin; ach ní bhfuair. Bhí siad uile lán de chuairteoirí ba ghalánta go mór ná ár leithéidne.

 

D’fhilleamar aduaidh, agus d’iarramar lóistín i dteach ósta de chuid an Chaisil. Fuaireamar ár n-iarraidh; agus ba liom ab áthas go bhfuair. An seanfhear ar leis an teach ósta, bhí sé ar Ghaeilgeoir chomh breá agus a casadh riamh orm, agus níorbh fhada go raibh mé féin agus é féin i séis chomhrá le chéile. Thráchtamar ar na hathruithe a chonacthas dúinn araon a bheith i ndiaidh teacht ar an saol; agus, ní nárbh ionadh lena linn sin, thrácht fear an tí go cumhach ar aimsir a óige féin.

 

Maidin arna mhárach, thaispeáin sé dom, tuairim is míle talaimh uainn, an teach inar tógadh é. Gan amhras ar bith, ba dheas an t-ionad a bhí ag an teach céanna – ar bhruach na farraige sa bhaile a dtugtar ‘Sáile’ air. Agus, dála an fhir a chum ‘Moladh na Lanndaidh’, d’inis mo dhuine an pléisiúir a bhaineadh sé as éirí go luath ar maidin agus imeacht amach san áit inarbh fhairsing fiach. An cuntas a thug sé uaidh, chuimhnigh sé dom an chaoi úd Oisín:

 

A Phádraig, gheobhainn go brách ’s go deo sin,

         Imeacht ’s trácht ar an Fhéinn,

A’s ar a gconairt bhreá bhinnghlóraigh – uch,

         Is trua bheith beo dá n-éis.

 

Ag fear Acla agus ag fear Ìle araon, bhí mórán den chineál céanna dúile a bhíodh ag an Fhéinn sa tseilg, agus sna radhairc áille tíre agus mara a bhíodh le feiceáil acu lena linn sin.

 

 

Amhrán a ceathair déag

(Focail le Patrick McIntyre.)

 

Lucht oileán nó lucht cladach iad cuid mhór de Ghaeil na hAlban; agus is léir an méid sin óna lán dá gcuid amhrán. Sna hamhráin sin is iomaí trácht ar an fharraige agus ar aistir fharraige. Agus in amhráin go leor nach bhfuil trácht ar bith den sórt sin iontu, tá rithim na dtonn agus rithim na gluaiseachta a bhíonn le hárthach le linn é bheith ag éirí ar bráid toinne agus ag titim dá cúl. Ach is beag an t-iontas é sin; óir d’fhéadfaí a rá ‘gur fuineadh agus gur fáisceadh as an fharraige’ an mhuintir a chum na hamhráin.

 

Rud eile, tá grá acu don fharraige; agus is breá leo cúrsa de sheoltóireacht uirthi nuair a bhíonn sí go bríomhar borb. An té a chum ‘Leis an Lurgainn’, ní dhearna sé trácht dá laghad ar an eagla a d’fhéadfadh bheith ar dhuine agus é i mbád le linn tromghála. Ní raibh ar a uídh ach acmhainn an bháid agus feabhas na foirne a bhí inti.

 

Cibé aistear a bhí le déanamh ag ‘An Lurgainn’, ba gharbh go maith ar aimsir a fuair sí lena linn. Bhí an fharraige ina cnoic agus ina gleanntáin; agus ba dhúghruama an spéir os a cionn.

 

An Cuan Èirinn, o hì,

Muir ag èirigh, o hò,

’S cha bu lèir dhuinn, o hì,

Nì fon ghrèin ach na neòil.

 

(I gCuan Éirinn, o hí,

Muir ag éirí, o hó;

’S níor léir dúinn, o hí,

Ní faoin ghréin ach na neoil.)

 

Bhí an oíche ann, tráth a bhí siad ag dul thart le hAros, áit ina raibh gach saoiste ag éirí chomh hard le ‘bàrr a’ chroinn sgòid’. Ach, le dea-mhisneach agus le

dea-mhairnéalacht, d’éirigh leo Aros a scoitheadh; agus, nuair a d’éirigh, ligeadh ‘An Lurgainn’ faoi iomlán seol arís, agus ghluais ar aghaidh go haigeantach éasca.

 

Suas a h-aodach, o hì,

Ra croinn chaola, a hò,

Snàmh cho aotrom, o hì,

Ris an fhaoilinn air lòn.

 

(Suas a héadach, o hí,

Lena caolchrainn, o hó;

’S mar fhaoileán, o hí,

’Sea shnámh sí gan stró.)

 

 

Amhrán a cúig déag

(Focail le Alex McLeod, Triaslan, an t-Eilean Sgitheanach.)

 

De réir mar atá moladh déanta ar Shéarlas Óg, is cosúil gur dhuine é a bhí thar a bheith taitneamhach, tarraingteach. Agus is buan a mhair an clú sin aige. An té a chum ‘A Fhleasgaich Óig’, ní dóigh é a bheith ar an saol, ar chor ar bith, in aimsir Shéarlais. Ach, ina ainneoin sin, thrácht sé air mar a thráchtfadh duine ar an té a bhí ina aitheantas le fada, agus a bhí faoi chion aige riamh anall. Go dearfa, labhair sé air mar a labhródh bean fhileata ar an fhear dár thug sí grá a croí.

 

Theàrlaich òig a’ chuailein chiataich,

Thug mo ghaol dhut ’s cha ghaol bliadhna,

Gaol nach tagainn do dhiùc no dh’iarla,

B’ fheàrr leam fhìn nach fhaca mi riamh thu.

 

(A Shéarlais Óig an dualfhoilt niamhraigh,

Thug mé grá duit, ’s ní grá bliana,

Ach grá nach dtabharfainn do dhiúc ná d’iarla –

B’fhearr liom féin nach bhfeicfinn riamh thú!)

 

Ach má ba sciamhach féin an t-ógfhear é Séarlas, is léir ón véarsa deireanach go raibh fáth eile, fós, ag an fhile bheith ceanúil air, agus bheith faoi bhrón mar gheall ar a chinniúint.

 

Theàrlaich òig, a mhic Rìgh Seumas,

Chunnaic mi maoir is tòir an-dèidh ort,

Iadsan gu subhach is mise gu deurach,

Uisge mo chinn tighinn dlùth om lèirsinn.

 

(A Shéarlais Óig, a mhic Rí Séamas,

Chonaic mé slua sa tóir go géar ort –

Iad go suairc ’s mé féin ’mo chéasadh,

Agus mé ’do chaoi go cráite léanmhar!)

 

Amach ón cheathrú line sna véarsaí seo thuas, is beag nach ionann rithim dóibh agus dóibh seo as seanleagan de ‘Óró, Sé do Bheatha a Bhaile’:

 

A Shéarlais Óig, a mhic Rí Séamas,

Sé mo thrua do thriall i gcéin uainn –

Tú gan bróg’ ’s ar bheagán éadaigh,

’S ’do choscairt ag na Galla!

 

Óró, a rogha na gcarad,

B’fhearr liom féin ná céad bó bainne

Séarlas Óg agus míle gaiscíoch

Ag cloí na n-eiriceach Gallda!

 

 

Amhrán a sé déag

(Is cosúil nach fios cé a chum.)

 

Amhrán eile grá é seo, ‘O’s tu gura tu th’air m’aire.’ Is éard atá á léiriú ann, an grá deorach a thug cailín áirithe don ógfhear ba rogha léi – agus an céasadh croí a d’fhulaing sí nuair a stadadh de thabhairt mhalairt an ghrá sin di. Amhrán é de chineál nach gann sa Gháidhlig ná sa Ghaeilge; ach tá fáth ar leith lena thabhairt faoi thrácht anseo. Ag macnamh ar a hanchás don chailín bhocht, dúirt sí (mar bheadh sí ag caint leis an duine ba chúis lena hanchás):

 

Thug thu ’n ear dhiom is thug thu ’n iar dhiom,

Thug thu ghealach is thug thu ghrian dhiom,

Is thug thu an cridhe a bha nam chliabh dhiom;

Cha mhòr, a ghaoil, nach tug ’s mo Dhia dhiom.

 

Ar léamh na ceathrún sin dom, d’aithin mé go raibh a macasamhail in amhrán éigin Gaeilge; agus tháinig mé uirthi faoi dheireadh. Tá sí in ‘Domhnall Óg’ amhrán dá bhfuil sa leabhar úd de chuid an Phiarsaigh, Songs of the Irish Rebels.[6]

 

Is iad seo na focail atá san amhrán Gaeilge:

 

Do bhainis soir dhíom, is do bhainis siar dhíom,

Do bhainis romham is do bhainis im dhiaidh dhíom,

Do bhainis gealach is do bhainis grian dhíom,

’S is rómhór m’eagla gur bhainis Dia dhíom!

 

Tá an chomchosúlacht tugtha faoi deara ag cuid dár scoláirí. Ach mura bhfuil, b’fhiú, go fóill féin, taighde a dhéanamh ar na gnótha.



[1] A’ Chòisir-chiùil, the Saint Columba Collection of Gaelic Songs, Arranged for Part-Singing. Foilsithe ag BAYLEY & FERGUSON, 2 Great Marlborough Street, W., London, and 54 Queen Street, Glasgow.

[2] Céad de Cheoltaibh Uladh, lch 23.

[3] Amhráin Chlainne Gaedheal, lch 37.

[4] A Choisir-Chiúil, lch 30.

[5] Céad de Cheoltaibh Uladh, lch 78.

[6] Foilsithe ag The Phoenix Publishing Co, Ltd.