Mórdhifríochtaí
Gramadaí
Urú consan
Anallód bhíodh urú consan á chleachtadh ag
scríbhneoirí na hAlban mar atá sé á chleachtadh ag scríbhneoirí na hÉireann.
Ach féadtar a rá nach gcleachtann an mhuintir thall an fíorurú anois. Mar sin
féin, cleachtann siad gnásanna atá gaolmhar go maith do ghnás an urú – go
háirithe sa mhéid a bhaineann le consain liopacha.
1. Is é nan
a bhíonn acu mar ghnáthfhoirm den alt roimh ainmfhocail sa tuiseal ginideach,
iolra. Ach ní nan ach nam a bhíonn acu roimh ainmfhocail ar
tús dóibh consain liopacha. Mar shampla:
luchd nam
bàta .i. lucht na mbád
2. Cleachtar gnás den chineál céanna úd roimh
thúschonsain na mbriathra. Mar shamplaí:
An
cum iad cuimhne air sin? .i.
An gcoinneoidh siad cuimhne
air sin?
Tha mi an dùil gun
cum .i. Tá mé ag dúil go gcoinneoidh.
ach
Am buain
Calum a’ mhòine dhuibh? .i. An mbainfidh
Colum an mhóin daoibh?
Tha mi an dùil gum
buain .i. Tá mé ag dúil go mbainfidh.
Foirmeacha iolra na n-ainmfhocal
Taobh amuigh de ainmfhocal den chéad díochlaonadh, is
é –an (nó –ean) is foirceann coitianta, iolra, do ainmfhocal na Gáidhlig. Mar
shamplaí:
casan .i. cosa.
cailleachan .i. cailleacha.
Figheadairean .i. fíodóirí.
pìobairean .i. píobairí.
Agus úsáidtear an foirceann céanna sin le cuid de
ainmfhocail an chéad díochlaonta féin. Mar shamplaí:
cuantan .i. cuanta.
dorsan .i. doirse.
Foirmeacha na bhforainmneacha
De ghnáth, úsáideann muintir na hAlban mi, thu, e, i, agus iad in ionad mé, tú, sé, sí, agus siad.
Briathra
1. An aimsir
chaite, modh táscach
In ionad Ar…? …gur….níor….agus….nár…., is éard a úsáidtear thall an do…?…gun do…cha do…agus…nach
do…. Mar shamplaí:
An do thuit e? Chuala mi gun
do thuit e. Cha do thuit e. Thùirt e nach
do thuit e. |
Ar thit sé? Chuala mé gur
thit sé Níor thit sé. Dúirt sé nár
thit sé. |
2. Fáistineach
agus láithreach, modh táscach
Níl ach an aon fhoirm sa Gháidhlig don aimsir
láithreach agus don aimsir fháistineach; agus is ar an chomhthéacs a aithnítear
cé acu ciall fháistineach nó ciall láithreach a bhíonn leis an fhoirm sin. Mar
shamplaí:
Théid mi
suas a màireach .i. Rachaidh mé suas amárach.
Is tric a théid
mi an rathad sin .i.
Is minic a théim an bealach
sin.
Ach is an-mhinic ar fad a chuirtear an aimsir
láithreach i gcéill sa dóigh seo:
A bheil iad a’ creidsinn an sgeòil sin? Tha iad ga
chreidsinn.
.i.
An gcreideann siad an scéal sin? Creideann siad é.
3. An modh
ordaitheach
In ionad igí
(nó –aigí) mar a bhíonn sa Ghaeilge
leis an dara pearsa, iolra, is éard a bhíonn –ibh (nó –aibh) ag na
Gàidhligeoirí. Mar shamplaí:
cuiribh .i. cuirigí.
togaibh .i. tógaigí.
cruinnichibh .i. cruinnigí.