Léitheoireacht agus labhairt

 

‘Is iomaí slí sin a bhíos ag daoine

Ag cruinniú pinginí ‘s ag déanamh stóir,’

 

 

arsa Risteard Bairéad agus é ag caint ar an mhuintir arb é a mórmhian é bheith ag caomhnú an airgid. Agus, a dhála sin, is iomaí plean a fheictear do dhaoine arb é a mórmhian an teanga Ghaeilge a chaomhnú agus a thabhairt in éifeacht arís. Is dóigh le cuid acu gur mhaith a leithéid seo de phlean, agus is dóigh le cuid eile gurbh fhearr a leithéid siúd. Ach, gan amhras ar bith, tá aon phlean amháin ann a measann a lán acu gur fhíormhaith an cuidiú é. Is é an plean é, fairsinge mhór de léitheoireacht spéisiúil Ghaeilge a chur ar fáil i leabhair, in irisí, agus i bpáipéir nuachta.

 

Is dóigh liom féin gur ciallmhar go leor an dearcadh é sin. Óir is deimhin, dar liom, gur mhór a chuidigh léitheoireacht an Bhéarla leis an teanga sin a thabhairt i dtreis sa tír seo.

Cé gur shochrach, ar dhóigh, an saothar a rinne scríbhneoirí an Nation, ní féidir nach ndearna an saothar céanna dochar ar dhóigh eile. In aimsir an Nation, bhí páirt mhór de Éirinn ina breac-Ghaeltacht. Ba líonmhar, an uair sin, daoine ag a raibh neart Gaeilge agus gan ag mórán acu ach lathairt bheag den Bhéarla. D’fhás a lán acu aníos gan léann ar bith scoile; ach, de thoradh an Nation, cuireadh cineál de scoileanna Béarla ar fáil dóibh.

 

B’annamh baile a bhíodh gan chorrdhuine ‘feasach’ a bhí in inmhe an Béarla a léamh go réasúnta maith; agus léadh a leithéidí sin an Nation dá gcomharsanaigh. Ní nach ionadh, thugtaí taitneamh mór do na haistí agus do na hamhráin a léití as an Nation; agus, dá dheasca sin, ní féidir nár éiríodh ceanúil ar an Bhéarla agus nár éiríodh beag-mheasúil ar an Ghaeilge.

 

Mar sin de, is léir, sílim, gur mhaith an chabhair don Ghaeilge anois é fairsinge de léitheoireacht spéisiúil Ghaeilge a chur ar fáil i leabhair agus i bpáipéir nuachta. Ach, le linn bheith á dhéanamh sin, níor mhiste do scríbhneoirí bheith ar a bhfaichill roimh an Bhéarlachas. Ba dona an cás é an Ghaeilge a bheith á claochlú ina hAngla-Ghaeilge – í a bheith á cur i gcleamhnas leis an teanga a d’fhág cóngarach go maith do dhoras an bháis í!

 

Is maith is eol dom nach furasta an Béarlachas a sheachaint ar fad. Rud nach mórionadh ar bith é, ní saor ó rian an Bhéarla atá gnáthchaint na Gaeltachta féin. Níor réasúnta bheith ag súil lena athrach sin de scéal. B’amaideach bheith ag súil nach bhfásfadh corrghas lustain i ngort nach raibh ina thimpeall ach talamh ina raibh an lustan ag borradh le fada an lá. Tháinig a lán focal Béarla isteach i ngnáthchaint mhuintir na Gaeltachta, ach, ar an dea-uair, ní focail amháin is damhna do theanga. Is maith a bhí an méid sin tuigthe ag an Athair Peadar Ó Laoghaire, tráth a dúirt sé:

 

By far the most important matter in connection with the revival of our language is the syntax. If the syntax be good, we have good Irish, even if half the words were foreign. If the syntax be bad, the language is not Irish at all, even though each separate word be the purest Irish.[1]

 

Tá formhór na seanmhúnlaí cainte á n-úsáid sa Ghaeltacht go fóill; agus tá muintir na Gaeltachta á n-úsáid chomh nádúrtha réidh agus a tharraingíonn siad a n-anáil. Mar sin de, ba chóir nár ródheacair do chainteoirí dúchais a gcuid scríbhneoireachta a choinneáil saor ó Bhéarlachas. Ach níl seachaint an Bhéarlachais chomh sodhéanta sin ag scríbhneoirí nár tógadh le Gaeilge agus atá gan bhuanchleachtadh fada ar ghnáthchaint mhuintir na Gaeltachta. Tá sé beagnach chomh deacair acu sin agus a bheadh sé ag Sasanach a d’fhéachfadh le Fraincis a scríobh, agus gan baol ar oiread cleachta a bheith aige ar bheotheanga na Fraince agus a bhí aige ar bheotheanga na tíre inár tógadh é.

 

Deirtear, ar ndóigh, gurbh fhearr ‘laigreamlag’ ná bheith folamh ar fad – gurbh fhearr breac-Ghaeilge féin ná bheith gan Ghaeilge ar bith. Agus b’fhearr, ar ndóigh. B’fhearr sa mhéid a bhaineann le labhairt na Gaeilge. Is fada an tamall a bhain sé as muintir na tíre seo teacht in inmhe an Béarla a labhairt chomh maith agus a labhraíonn a bhformhór anois é. Agus ba mhíréasúnta bheith ag súil nach mbainfeadh sé tamall chomh fada céanna as an fhormhór sin teacht in inmhe an Ghaeilge a labhairt chomh maith agus a labhraíonn an Béarla anois. Óir, gan trácht ar ní ar bith eile, bhí sé de chuidiú ag ár seanaithreacha gur dhea-Bhéarla é an Béarla a léidís, nó a chluinidís á léamh. Leithéidí na n-aistí agus na n-amhrán a bhíodh ar an Nation, is deimhin liom gur mhór a chuidigh siad le Béarla mhuintir na tíre seo a thabhairt chun foirfeachta.

 

Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfadh léitheoireacht dea-Ghaeilge bheith ina cuidiú mór le Gaeilge mhaith a chur á labhairt sna háiteanna a dtugtar ‘Galltacht’ anois orthu. Ar an ábhar sin, ba chóir, sílim, é a bheith de chuspóir ag scríbhneoirí – go háirithe ag scríbhneoirí ‘neamhdhúchasacha’ – bheith ar a síorfhaichill roimh an Bhéarlachas.

 

Is minic a léigh mé féin dréachtaí agus scéalta Gaeilge a bhfacthas dom lorg trom den Bhéarla a bheith orthu. Ach bhí a fhios agam, dá ainneoin sin, gurbh i gcúil chúng a bheinn, dá n-iarrfaí orm ábhar mo dhearcaidh a insint go beacht baileach. Bhí go holc agus ní raibh go maith, óir níorbh eol dom cá bhfaighinn an treoir a bhí ag teastáil uaim. Mar sin de, chinn mé go ndéanfainn féin oiread de scrúdú ar na gnóthaí agus a d’fhágfadh soiléir agam na nithe is príomhdhamhnaí don Angla-Ghaeilge. Rinne mé amhlaidh, chomh maith agus a tháinig liom, agus sílim anois nár mhiste toradh mo shaothair bhig a chur ar fáil ag daoine eile.

 

Rómhaith is eol dom gur fada agus gur cian ó bheith iomlán an tráchtas beag seo. Ach b’fhéidir go spreagfadh an méid sin féin duine éigin dár saineolaithe óga leis an obair a dhéanamh mar ba chóir. Agus dá dhonacht é an sop, sílim go bhféadfar tairbhe éigin a bhaint as, tráth a bheifear ag feitheamh ar an scuab.

 

B’fhéidir nár mhiste a insint anois cad é ba chúis dom an tráchtas beag seo a scríobh, ar chor ar bith.

 

In earrach bhliain a 1955, cuireadh i bhfios dom go raibh sraith chainteanna le bheith ar siúl ag Raidió Éireann. Insíodh dom gur ‘Cainteanna fé Staid na Teangan fé Láthair’ ba theideal don tsraith, agus fiafraíodh díom ar mhian liom bheith rannpháirteach inti. Dúirt mé gur mhian, agus scríobh mé caint ar teideal di “Scríbhneoireacht Bhreac-Ghaeilge.”

 

I gceann tamaill ó craobhscaoileadh an chaint sin, insíodh dom go rabhthas i ndiaidh léirmheas uirthi a fhoilsiú, agus taispeánadh dom cóip den léirmheas. Dúirt an léirmheastóir, inter alia, ‘...admhaím go bhfuil dianghá le cainteanna mar seo chun stop do chur le truailliú na teangan ag scríbhneoirí atá róleisciúil chun ceart na Gaeilge a thabhairt leo.’ Ach mhaígh sé gurbh eagla leis ‘go raibh na samplaí a chuir sé romhainn doiléir go leor.’

           

Smaoinigh mé gurbh fhéidir gurbh airí orm an cáineadh; agus chonacthas dom gur cheart dom féachaint le soiléiriú a dhéanamh ar na cúrsaí. De réir mar a fuair mé faill, rinne mé an iarracht. Maith nó olc í, seo anois a toradh.

           

Ós sa nualitriú a foilsíodh formhór na sampla atá faoi bhreathnú agam, is de réir an litrithe sin a scríobh mé an tráchtas seo, ach amháin na habairtí as ‘Betha Colaim Chille.’

 

S. Mac M.

Bealtaine, 1956.



[1] Papers on Irish Idiom, Thomas F. O’Rahilly, M.A., a chuir in eagar. Browne and Nolan a d’fhoilsigh.