Mí-úsáid aimsire na mbriathra Gaeilge

 

B’fhéidir gurb iomarcach bheith á shamhlú do chuid de scríbhneoirí na linne seo iad a bheith ina aineolas nach ionann feidhm i gcónaí d’aimsirí na mbriathra Gaeilge agus d’aimsirí na mbriathra Béarla. Ach is deacair a athrach sin de bharúil a bhaint as na gnóthaí. I mórán de Ghaeilge scríofa na linne seo, úsáidtear cuid d’aimsirí na mbriathra i ndóigheanna is gaolmhaire go mór do ghnás an Bhéarla ná do ghnás na Gaeilge.

 

 

An aimsir ghnáthláithreach

 

‘Beidh áthas ar Phádraig nuair a thagann a bheirt mhac abhaile.’

 

Is minic a bhíonn a leithéidí sin d’abairtí le feiceáil sa nua-Ghaeilge; agus is furasta a aithint cad é an taobh ónar tháinig siad. Ba nádúrtha go leor le Béarlóirí ‘Patrick will be glad when his two sons come home.’ Ach ní de ghnás na fíor-Ghaeilge é an aimsir ghnáthláithreach a úsáid mar atá sí úsáidte san abairt seo thuas. Go dearfa, tá an abairt chéanna chomh mínádúrtha le ‘Bíonn áthas ar Phádraig nuair a thiocfaidh a bheirt mhac abhaile.’

 

Duine de na scoláirí Gaeilge a thugadh cuairt ar Thír Chonaill, ba mhinic a théadh sé chun cainte le seanduine de mhuintir na háite. Tráthnóna áirithe is ag tanú tornapaí a bhí an seanduine nuair a chuaigh an scoláire ina dháil. “Beidh cuibhreann maith tornapaí ansin agat nuair a fhásann siad,” arsa an scoláire. Níor thuig an seanduine an chaint sin. Is éard a shíl sé go ndúirt an scoláire “beidh cuibhreann maith tornapaí ansin agat má fhásann siad” - agus rinne sé gáire. “Tá tú ag éirí dea-chainteach go maith, a dhuine uasail,” ar sé. “Ar ndóigh, mura bhfása siad, ní bheidh siad ann ar chor ar bith, maith ná olc!”

 

Seo cineál eile d’abairt ina n-úsáidtear an fhoirm ghnáthláithreach anois gan ‘gnáthaíocht’ ar bith a bheith ag baint leis an scéal: “Mura dtagann an bus roimh a trí a chlog, ní thiocfaidh sé ar chor ar bith.” Foirm an mhodha fhoshuitigh den chéad bhriathar ba cheart a úsáid, ar ndóigh; ach b’fhearr go mór foirm na fáistiní féin ná lomaistriúchán ar an Bhéarla, ‘If the bus does not come before three o’clock, it will not come at all.’ Is léir, fós, gurb as tobar an Bhéarla a tháinig leithéidí an bholgaim seo: ‘Nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí go léir, admhófar nach gcuirtear aon am amú.’

 

I dtuairiscí ar éagasc tíre, ní hannamh anois a bhaintear feidhm as an aimsir ghnáthláithreach sa chaoi chéanna ina mbaineann Béarlóirí feidhm as aimsir láithreach na mbriathra Béarla. Nithe nach gcuireann cor ná bogadh díobh, tráchtar orthu ionann agus dá mbeadh siad in inmhe luí agus éirí agus a lán cineálacha eile de ghníomhartha a dhéanamh. Faoi láthair, ní tearc, ar chor ar bith, a leithéidí seo:

Éiríonn an sliabh sin go dtí airde dhá mhíle troigh.’ (That mountain rises to a height of two thousand feet.)

B’fhéidir gur éirigh, uair éigin anallód - é sin nó gur ísligh an talamh ina thimpeall. Ach is fada agus is cian an sliabh ina sheasamh go socair suaimhneach de lá agus de oíche.

(? Tá an sliabh sin dhá mhíle troigh ar airde.)

 

Ritheann an pháirt sin den bhóthar iarainn comhthreomhar leis an abhainn.’ (That section of the railway runs parallel to the river.)

Is dóigh nár ró-áibhéalach a rá go ritheann abhainn. Ach ní de nádúr bhóthar iarann a bheith ina rith. Dá mba ea, d’fhéadfadh sé rud a dhéanamh a sháródh an abhainn .i. rith in aghaidh cnoic.

(? Le hais na habhann atá an pháirt sin den bhóthar iarainn.)

 

Íslíonn an talamh go mear go dtí an loch.” (The land descends swiftly to the lough.)

Dála an tsléibhe, fanann an chuid eile den talamh go breá socair.

(? Tá an talamh ina fána chrochta anuas go dtí an loch.)

 

Ní hí a ngnáthchiall atá leis na briathra Béarla seo thuas .i. rises, runs agus descends; is éard atá feidhm fhíortha bainte astu. Agus feidhm fhíortha, mar an gcéanna, atá bainte as na briathra Gaeilge .i. ‘éiríonn,’ ‘ritheann’ agus ‘íslíonn.’ Ach bíonn a fhíorthacht féin ar leith ag gach aon teanga. Cibé ar bith, is deimhin gur mór is neamhionann fíorthacht na Gaeilge agus fíorthacht an Bhéarla. Féach an trácht atá déanta ag an Athair Peadar Ó Laoghaire ar an neamhionannas sin:

 

‘It may be laid down as a general rule that, such is the innate antagonism between the two languages in every phrase, that so surely as a word is used figuratively in one it is certain to be taken literally in the other, and to express outrageous nonsense.’ [1]

 

Is neartmhar an chaint í sin, agus is caint fhíor í go ginearálta. Go fóill féin, is líonmhar an méid de dhea-Ghaeilgeoirí arbh amaideach go leor leo leithéidí na n-abairtí úd thuas. Muintir Dhúiche Sheoigheach, b’aisteach lena lán acu a chluinstin go luíonn Loch Measc ar an taobh thiar de Bhaile an Róba. Mar an gcéanna, is dóigh gurbh iontach le muintir Dhún Chaoin a chluinstin go síneann an baile sin ón fharraige amach suas go dtí an sliabh. Agus is deimhin gur ghreannmhar le muintir Thír Chonaill a cluinstin go

n-éiríonn an Earagail go barr Ghaoth Dobhair - nó go n-éiríonn an Earagail in áit ar bith.

 

 

An aimsir chaite

 

In dhá dhóigh ar leith, tá aimsir chaite na mbriathra Gaeilge á húsáid amhail is dá mba ionann feidhm di féin agus do aimsir chaite na mbriathra Béarla.

 

‘Rory was listening to the noise that came from the opposite side of the glen.’

 

B’fhéidir nach de fhíorscoth an Bhéarla an abairt seo thuas; ach, mar sin féin, níor dheacair do ghnáth-Bhéarlóir a tuiscint mar ba cheart. Thuigfeadh sé go raibh an torann ag teacht anall san am ina raibh Ruairí ag éisteacht leis. Ach cad é a thuigfeadh Gaeilgeoir gan Bhéarla as ‘Bhí Ruairí ag éisteacht leis an torann a tháinig ón taobh thall den ghleann’? An torann a tháinig, tháinig sé, dar leat, agus ní bheadh sé inchluinte ag Ruairí, ná ag duine ar bith eile, tar éis a bheith tagtha. Óir, ní hionann agus an Béarla, ní dhéanann aimsir chaite na mbriathra Gaeilge ach a fhaisnéis go ndearnadh gníomh éigin; ní chiallaíonn sé an gníomh a bheith á dhéanamh.

Déarfadh Béarlóir ‘he would have liked to send her a Christmas card, but he did not know where she lived.’ Ach ní déarfadh dea-Ghaeilgeoir ‘ba mhaith leis cárta Nollag a chur chuici, ach níorbh eol dó cár chónaigh sí’ in ionad cá raibh sí ina cónaí.

 

Agus ní chiallaíonn aimsir chaite na mbriathra Gaeilge gur ghnách gníomh a bheith á dhéanamh. Ní riachtanach di é, óir tá foirm speisialta ag briathra na Gaeilge lena leithéid sin a chur in iúl.

 

‘When I was young, many old women smoked the pipe,’ a déarfadh Béarlóir; agus thuigfí é a bheith á fhaisnéis gur ghnách lena lán seanbhan an píopa a chaitheamh, tráth a bhí seisean óg. Ach an é sin an rud a thuigfeadh Gaeilgeoir gan Bhéarla as ‘Chaith a lán seanbhan an píopa, tráth bhí mise óg’? Nach bhféadfadh sé a thuiscint gur tháinig slua de na seanmhná i ndáil a chéile, aon uair amháin, gur chaith gach bean acu toit den phíopa?

 

I dteannta an dá dhóigh sin a bhfuil trácht déanta orthu, tá aimsir chaite na mbriathra Gaeilge á húsáid de réir fhíorthacht an Bhéarla, dála mar atáthar ag úsáid na haimsire gnáthláithrí. Ní hannamh, ar na mallaibh, a chonacthas a leithéid seo:

D’éirigh aill mhór ón trá suas go dtí an talamh ard ar a raibh an seanchaisleán suite.”

 

 

An aimsir fháistineach

 

An aimsir fháistineach féin, tá a bheagán nó a mhórán den anbhail á tabhairt uirthi, na saolta deireanacha seo. Sa litríocht, nó i ngnáthchaint na Gaeltachta, ní dóigh gur cleachtadh riamh cheana an aimsir fháistineach a chur in úsáid le hais ‘b’fhéidir.’ Go fóill féin, is dóigh gur beag cainteoir dúchais a déarfadh ‘B’fhéidir go bhfeicfidh mé amárach é’ in ionad ‘B’fhéidir go bhfeicfinn amárach é.’

 

Níor de ghnás na Gaeilge, ach oiread, an aimsir fháistineach a úsáid le hais ‘má,’ mar a úsáidtear í corruair anois. ‘Má bheidh an t-am agus an t-airgead agam, tabharfaidh mé cuairt eile ar an mball álainn úd,’ cuir i gcás, in ionad ‘má bhíonn an t-am...’

 



[1] Papers on Irish Idiom.