Eachtrannacha eile
Na príomh-nithe a bhí faoi
thrácht againn go dtí seo .i. mí-úsáid aimsire na mbriathra Gaeilge, agus
araile, d’fhéadfaí, ar dhóigh, iad a chur i gcosúlacht le gnéithe den
mhífhoghraíocht a chluintear go minic – ‘far’ in ionad ‘fear’, ‘ban’ in ionad ‘bean’,
‘lock’ in ionad ‘loch’, ‘Ayra’ in ionad ‘Éire’ agus dá réir sin. Óir, dála na
n-earráidí foghraíochta, is furasta a gcomharthaí sóirt a aithint agus iad a
eagrú ina ranganna. Ach úsáidtear sa nua-Ghaeilge a lán eachtrannach eile
seachas na cineálacha ‘so-rangaithe.’ [1]
Dhá ní is damhna do mhórán
de na heachtrannaigh sin:
1. Aistriúchán de
ghnáthmhodhanna cainte an Bhéarla, agus
2. Úsáid focal áirithe
Gaeilge amhail is dá mb’ionann feidhm dóibh i gcónaí agus do fhocail áirithe
Bhéarla.
Tá breacadh den dá shórt sin
sa liosta ilchineálach seo thíos – liosta arbh fhurasta cur leis, ach faill a
bheith ag duine na samplaí a bhailiú. Tá na leaganacha Béarla ar dtús, ionas go
bhfeicfear go soiléir gurb uathu a tháinig na leaganacha breac-Ghaeilge. Na
leaganacha a bhfuil comhartha ceiste rompu, ní mheastar gurb iad is fearr ar
bith. Ach, cé gur dóigh nár dheacair iad a shárú, meastar gur fearr iad ná an
lom-Bhéarlachas.
ACTS. The
eldest son acts as secretary to the father: ‘Gníomhaíonn an mac is sine mar
rúnaí don athair.’
(? Déanann an mac
is sine an rúnaíocht don athair.)
AGAIN. We shall do the
rest of the work again when we have time: ‘Déanfaimid an chuid eile den obair
arís nuair a bheidh am againn’.
Ní hionann ‘arís’
agus ‘uair éigin amach anseo.’ Is ionann é agus ‘uair eile’ (athuair).
(? Déanfaimid an
chuid eile den obair amach anseo nuair a gheobhaimid faill.)
AGAINST. He may be quite
honest, but his appearance is against him: ‘B’fhéidir gur duine cneasta go leor
é; ach tá a chosúlacht ina aghaidh.’
Gan amhras ar
bith, bheifí ag súil gurbh ina aghaidh a bheadh sciar maith dá chosúlacht; ach
ina dhiaidh sin –
(? B’fhéidir gur
duine cneasta go leor é; ach ní hé sin an rud a léifeá ar a dhreach.)
APPROACH.
Michael is no way difficult of approach: ‘Níl sé deacair, ar chor ar bith,
bualadh le Micheál.’
Más Béarlachas
féin ‘bualadh suas,’ b’fhearr é an lombhualadh atá san abairt seo thuas.
(?Ní deacair, ar
chor ar bith, dul chun cainte le Micheál.)
AS. As
a fisherman himself, he had long experience of the hardship of the sea: ‘Mar
iascaire é féin, bhí cleachtadh fada aige ar anró na farraige.’
(? Bhí
seanchleachtadh ar anró na farraige aige, óir ba iascaire é féin.)
ASSOCIATE. We
did not see much there of the poverty we associate with the islands: ‘Ní
fhacamar mórán ansiúd den bhochtanas a cheanglaímid leis na hoileáin.’
Scéal cinnte é gur
mhaith an bochtanas bradach a chur faoi cheangal; ach níorbh fhurasta na
hoileáin a chasadh ina thimpeall!
(? Ní fhacamar
ansiúd mórán den bhochtanas ar dóigh linn é a bheith sna hoileáin.)
BECAME. The land became
progressively poorer as it approached the mountain: ‘D’éirigh an talamh níos
boichte de réir a chéile, de réir mar a bhí sé ag druidim leis an sliabh.’
Go dearfa, tá
fíorthacht sa chaint sin; ach is beag gaol atá ag an fhíorthacht chéanna le
Gaeilge nádúrtha.
(? Dá dheise don
sliabh é, ba amhlaidh ba bhoichte an talamh’)
BECOMING. It was becoming
clear that he failed: ‘Bhí sé ag éirí soiléir go raibh teipthe air.’
Is cosúil gur stad
sé de dhul i soiléireacht chomh luath agus a bhí teipthe air.
(? De réir a
chéile bhíothas ag aithint go raibh teipthe air.)
BEFORE. The
prisoners were then brought before the court: ‘Tugadh na príosúnaigh roimh an
gcúirt ansin.’
Some of the arguments put
before the assembly were quite interesting: ‘Cuid de na hargóintí a cuireadh
roimh an gcomhthionól, bhí siad suimiúil go leor.’
Ní focal iontach
aduain é ‘i láthair,’ agus b’fhearr go mór é ná ‘roimh’ sna habairtí seo thuas.
BEGINS. The
story begins with the description of a shipwreck: ‘Tosaíonn an scéal le cuntas
ar longbhriseadh.’
(? Cuntas ar
longbhriseadh is tús don scéal.)
BELOW. The
other warriors were seated below Fionn: ‘Bhí na laochra eile suite faoi Fhionn.’
Más faoi Fhionn a
bhí siad, is deimhin nach ina suí a bhí siad!
(? Taobh thíos de
Fhionn a bhí na laochra ina suí.)
BROUGHT.
That view is well brought out in this book: ‘Tugtar an dearcadh sin amach go
maith sa leabhar seo.’
Cá mhéad uair sa
tseachtain, nó sa mhí, nó sa bhliain, a thugtar amach é?
(? Is maith atá an
dearcadh sin léirithe sa leabhar seo.)
CAME (came from). He
himself and all his relations came from the North: ‘Tháinig sé féin agus a
ghaolta go léir ón Tuaisceart.’
An ar cuairt lae,
nó cuairt seachtaine, nó cuairt ab fhaide ná sin a tháinig an slua?
(? Ba as an
Tuaisceart é féin agus a ghaolta go léir.)
CIRCLE (vicious circle) The
poor fellow was in a vicious circle.: Bhí an duine bocht i gciorcal
urchóideach.’
(? Bhí an duine
bocht i gcathair ghríobháin.)
COMES (comes into). Brian Boru
himself comes into this story: ‘Tagann Brian Bóroimhe féin isteach sa scéal
seo.’
B’fhéidir go
dtagann; ach is iomaí duine nach gcreidfeadh go dtagann.
(?Tá trácht ar
Bhrian Bóroimhe féin sa scéal seo.)
CONCLUDED (concluded with). The
concert concluded with the singing of the Soldiers’ Song: ‘Chríochnaigh an
choirm le gabháil Amhrán na bhFiann.’
(? Ag deireadh na
coirme a canadh Amhrán na bhFiann.)
CONDEMN. It
is not right to condemn a person so lightly as that: ‘Ní ceart duine a dhamnú
chomh héadrom sin.’
Damhnú éadrom!
An bhfuil a leithéid ann ar chor ar bith?
CONNECTION.
Perhaps a period he spent abroad, when young, had some connection with the
slightly strange accent of his speech: ‘B’fhéidir go raibh baint ag tamall a
chaith sé thar lear, nuair a bhí sé óg, leis an tiúin bheag strainséartha a
bhíodh ar a chuid cainte.’
(? Bhí sé thar
lear ar feadh tamaill nuair a bhí sé óg, agus b’fhéidir gur lena linn sin a
thóg sé an tiúin bheag...’)
COVER. The
Minister’s reply will cover all the questions raised during the debate: ‘Folóidh freagra an Aire na ceisteanna go léir a tógadh le
linn na díospóireachta.’
(? Freagróidh an
tAire na ceisteanna go léir a fiafraíodh le linn na díospóireachta.)
DULL. We
had not a dull moment while the sailor was with us: ‘Ní raibh nóiméad
leadránach againn nuair a bhí an mairnéalach linn.’
(? Níorbh fhada
linn nóiméad den tamall a bhí an mairnéalach inár gcuideachta.)
DURING.
During the coming session there will be a lecture from Professor A.U.: ‘I rith
an tseisiúin seo chugainn, beidh léacht ón Ollamh A.U.’
Is intuigthe as an
Ghaeilge sin go mbeidh léacht ag teastáil ón Ollamh A.U. ar feadh an tseisiúin
go léir. Is ionann ‘i rith an tseisiúin’ agus ‘ar feadh an tseisiúin go léir.’
Ní hionann é agus ‘ar feadh tamaill den seisiún.’
(? Le linn an
tseisiúin seo chugainn, tabharfaidh an tOllamh A.U. léacht uaidh.’)
EARLIER. These are not on
a par with his earlier short stories: ‘Níl siad seo inchurtha lena
ghearrscéalta níos luaithe’!
(Níl siad seo i
gcómhaitheas leis an chéad chuid dá ghearrscéalta.)
END (end. in). It
is hoped that these talks will end in a satisfactory settlement: ‘Táthar ag
súil go gcríochnóidh na comhráite seo i socrú sásúil.’
(? Táthar ag súil
go dtiocfaidh socrú sásúil as na comhráite seo.)
EXCITING. It
is very exciting to be looking at such a match as that: ‘Tá sé an-bhíogach a
bheith ag féachaint ar chluiche dá leithéid sin.’
(? Is mór a
chorraíonn sé duine a bheith ag féachaint ar a leithéid sin de chluiche.)
EXPERIENCE.
They knew from their own experience that it would be hard work: ‘Bhí a fhios
acu óna gcleachtadh féin gurbh obair chrua í.’
(? De thoradh a
gcleachta féin, bhí a fhios acu gur chrua an obair í.)
EXPLAIN. The
extremely wet night might explain the clay that was on his shoes: ‘B’fhéidir go
míneodh an oíche an-fhliuch an chré a bhí ar a bróga.’
Ó tharla an oíche
a bheith an-fhliuch, is cinnte go ndéanfadh fearthainn míniú mór ar an chré.
Ach ní dóigh gurbh ar ‘mhíniú’ den sórt sin a bhí an scríbhneoir ag smaoineamh.
FAR (as far as). As far as my knowledge
goes, Patrick was never in that place: ‘Chomh fada agus a théann m’eolas-sa, ní
raibh Pádraig san áit sin riamh.’
(? Ní raibh
Pádraig san áit sin riamh – go bhfios domsa.)
FEW (as few as). I
never saw as few people at a fair as there was at that one: ‘Ní fhaca mé a
laghad daoine ag aonach riamh agus a bhí ag an gceann úd.’
(Ní fhaca mé riamh
aonach a bhí chomh gann i ndaoine agus a bhí sé siúd.)
FOLLOW. He
spoke so rapidly that I was unable to follow him: ‘Labhair sé chomh tiubh sin
nárbh fhéidir liom é a leanúint.’
(? Labhair sé
chomh tiubh agus nár thuig mé mórán dá ndúirt sé.)
They followed the near way
to the strand: ‘Lean siad an tslí chóngarach go dtí an trá.’
(‘Ghabh siad an
cóngar chun na trá’, nó ‘chuaidh siad an aicearra chun na trá.’)
FOR. It
was fishing for herring we were: ‘Is amhlaidh a bhíomar ag iascaireacht i
gcomhair scadán.’
A lán dá mbíonn ag
iascaireacht, is éard a déarfaidís ‘ag iascaireacht scadán a bhíomar.’
That will not be completed
now, nor for a long time: ‘Ní chríochnófar sin anois, ná ar feadh tamaill
fhada.’
(? Ní chríochnófar
sin anois, ná go ceann tamaill fhada.)
FORM.
There was nothing in the form of a book on sale there: ‘Ní raibh aon ní i
bhfoirm leabhair ar díol ansiúd.’
(Leabhar de
chineál ar bith ní raibh ar díol ansiúd.)
FUTURE. The
experts say that there is a very prosperous future before Canada: ‘Deir na
heolaithe go bhfuil todhchaí an-rathúil roimh Cheanada.’
Cá measa ná sin: ‘Bhí sé ag
cuimhneamh ar a sheachadacht’ (he was recollecting his past)?
(? Deir na
heolaithe go bhfuil rathúnas an-mhór i ndán do Cheanada).
GIVEN.
Their complete genealogy is given in the Annals: ‘Tugtar a nginealach go léir
sna hAnnála.’
Ach an té a mbeadh
fonn cuardaigh air, ba bheag an chabhair dó na hAnnála, murab eol dó go beacht
cén lá, nó cén tráth, a dtugtar an ginealach úd iontu.
(? Tá eolas a
nginealaigh go léir ar fáil sna hAnnála.)
HALF. They were
expecting to get all the money, but they got only the half of it: ‘Bhí siad ag
súil go bhfaighidís an t-airgead go léir; ach ní bhfuair siad ach a leath de.’
Is minic a
úsáidtear an tuaiplis seo thuas .i. ‘a leath de’ in ionad an leagain chirt .i. ‘a
leath.’
HAPPENED. It
often happened that the spring was colder than the winter: ‘Tharla sé go minic
go raibh an t-earrach níos fuaire ná an geimhreadh.
Cibé rud é, is
cosúil gur stad sé de tharlú nuair a d’éirigh an t-earrach ní ba fhuaire ná an
geimhreadh.
(? Ba mhinic ba
fhuaire an t-earrach ná an geimhreadh.)
HARDLY.
Luke is hardly thirty years of age: ‘Is ar éigean atá Lúcás tríocha bliain de
aois.’
D’fhéadfaí a
thuiscint as sin gur le dua mór a mhair Lúcás go dtí seo féin.
(? Ní mó ná go
bhfuil Lúcás tríocha bliain de aois.)
HERE AND THERE. It
is a bare country. You can see only an odd tree here and there in it: ‘Tír lom
atá inti. Ní fheicfeá inti ach corrchrann anseo agus ansiúd.’
Tá a lán daoine go
fóill a déarfadh ‘thall agus abhus’ in ionad ‘anseo agus ansiúd’; agus ní hé an
leagan is measa den dá chuid é.
INCREASING. It seems that
the listening public is increasing.: ‘Dealraíonn sé go bhfuil an pobal
éisteachta ag dul i méid.’
Maise, nár laga
Dia a dtoirt!
(?De réir
dealraimh, is ag méadú atá líon an lucht éisteachta.)
INFLUENCE. The Guard said
that they were not at all under the influence of drink: ‘Dúirt an Garda nach
raibh siad faoi thionchar ólacháin in aon chor.’
Is iomaí caint ar
dheacra Gaeilge nádúrtha a chur uirthi.
(? Dúirt an Garda
nach raibh lorg ar bith ólacháin orthu.)
INTO. He leaped into
the sea: ‘Léim sé isteach san fharraige.’
‘Amach’ a deireadh
mórán daoine roimhe seo.
“Ar chaill tú do
chiall agus do chéadfaí ar fad?” arsa seanduine áirithe le buachaill a bhí
amuigh ag snámh, lá fuar feanntach. “Tabharfaidh tú do bhás féin, a dhuine!” – “Ó,
níl sé fuar ar chor ar bith, nuair a bhíonn tú istigh,” arsa an buachaill. – “Nach
bhfuil a fhios agam féin nach bhfuil, a ghlagaire?” arsa an seanduine. “Agus dá
mbeadh splaideog ar bith chéille agatsa is istigh de chois na tine a bheifeá.”
LATER (later on). We shall do that
part of the work later on: ‘Déanfaimid an chuid sin den obair níos déanaí.’
(? Déanfaimid an
chuid sin den obair ar ball (nó ‘amach anseo.’)
LEARNED. He learned from
his father that the money was spent. ‘D’fhoghlaim sé óna athair go raibh an
t-airgead caite.’
(? D’inis a athair
dó go raibh an t-airgead caite.’)
LEFT. They left Cork
in a small sailing boat: ‘D’fhág siad Corcaigh i mbád beag seoil.’
Scéal
ró-áibhéalach ar fad. Ní i mbád beag amháin a thoillfeadh cathair Chorcaí.
(? I mbád beag
seoil is ea a d’imigh siad ó Chorcaigh.)
LIKE (the like of). You would think
the like of Patrick would have better sense than that: ‘Ba dhóigh leat go
mbeadh ciall ab fhearr ná sin ag duine de leithéid Phádraig.’
B’fhéidir nach ón
Bhéarla ar chor ar bith a tháinig ‘duine de leithéid Phádraig.’ Ach is deimhin
gur líonmhar go leor atá a leithéidí de leaganacha faoi láthair. Go dtí le
gairid, is éard a déarfaí ‘leithéid Phádraig de dhuine.’
LOOKS. The castle front
looks out on the sea: ‘Amharcann aghaidh an chaisleáin amach ar an fharraige.’
B’fhéidir go
n-amharcann – corruair. Ach bíonn ‘aghaidh an chaisleáin leis an fharraige’ i
gcónaí.
MEANING. If that is not
the meaning of the Minister’s statement , it has no meaning for me: ‘Murab é
sin an míniú atá ar ráiteas an Aire, níl aon mhíniú aige domsa.’
(? Murab é sin an
chiall atá le ráiteas an Aire, is ráiteas gan chiall é, dar liomsa.’)
MEDIUM. They received
their education through the medium of Irish: ‘Fuair siad a
n-oideachas trí mheán na
Gaeilge.’
Is ionann an
abairt seo thuas agus ‘fuaireadar a n-oideachas trí lár na Gaeilge.’
(? Trí Ghaeilge a
fuair siad a n-oideachas.)
MESSAGE. He never
received that message from the King: ‘Ní bhfuair sé an teachtaireacht sin ón Rí
riamh.’
Ach b’fhéidir, mar
sin féin, go bhfuair sé an scéala a bhí leis an té a rinne an teachtaireacht.
MOREOVER. Moreover, it
often happens that those who talk the most do the least work: ‘Níos mó ná sin,
is minic a tharlaíonn sé go ndéanann na daoine is mó a dhéanann caint an obair
is lú.’
An riachtanach
níos mó a rá?
NECESSARY (necessary that). At that time, it
was necessary that permission should be obtained from the Chief Secretary: ‘Ba
riachtanach, an uair sin, go bhfaighfí cead ón Ard-Rúnaí.’
(? San am sin, ba
riachtanach cead a fháil ón Ard-Rúnaí.)
NEWS. That news shocked
the household: ‘Chuir an nuacht sin uafás agus alltacht ar an líon tí.’
An rud a
ngairfeadh a lán daoine go fóill ‘nuacht’ (nuaíocht) de, ba bheag uafás ná
alltacht a chuirfeadh sé orthu .i. cineál éigin bia nó dí a mbainfí sult faoi
leith as, toisc gurb annamh ar fáil é.
(? Chuir an scéala
sin uafás agus alltacht ar an líon tí.)
NOR. He did not see
them, nor did they see him: ‘Ní fhaca sé iad, ná ní fhaca siad é.’
Go dtí le gairid,
níor roghnach a leithéid sin de fheidhm a bhaint as ‘ná.’
(Ní fhaca sé iad,
agus ní fhaca siadsan eisean.)
NOTE (a mental note)
He made a mental note of the car’s number: ‘Rinne sé nóta ina aigne de uimhir
an ghluaisteáin.’
(? ‘Chuir sé
uimhir an ghluaisteáin ar cuimhne,’ nó ‘mheabhraigh sé uimhir an ghluaisteáin.’)
OCCUR. Did it ever
occur to you that Peter has been rather taciturn of late?: ‘Ar rith sé leat go
raibh Peadar pas beag tostach le déanaí?’
Ina áit féin, is
ionann brí do ‘rith le’ agus ‘occur to’; ach tá sé i gcosúlacht a bheith
beagáinín ar fán san abairt seo thuas. Nárbh fhearr ‘Ar shamhlaigh tú (nó ‘An
bhfacthas duit’) Peadar a bheith pas beag tostach le déanaí?’
ON. A.B. was born on
the twenty-ninth of February, in the year 1812: ‘Rugadh A.B. ar an naoú lá
fichead de Mhí Feabhra, i mbliain a 1812.
Is cosúil gurbh ó ‘on’
an Bhéarla a tháinig ‘ar’ na habairte seo thuas. Agus ní rómhaith a thagann an
abairt chéanna le loighic na Gaeilge.
(? An naoú lá fichead
de Mhí Feabhra, 1812, is ea a rugadh A.B.)
They met on Sunday: ‘Casadh
ar a chéile iad ar an Domhnach.’
(Casadh ar a
chéile iad, Dé Domhnaigh.)
Dublin is situated on the
Liffey: ‘Tá Baile Átha Cliath suite ar an Life.’
(? De chois Life
atá Baile Átha Cliath.)
OUTSIDE. The motor
stopped outside a butcher’s shop: ‘Stad an gluaisteán taobh amuigh de shiopa
búistéara.’
Taobh amuigh ab
fhearr dó stad. maise!
(? Stad an
gluaisteán os comhair siopa búistéara.)
OVER (=ACROSS). He went over the
bridge: ‘Chuaigh sé trasna an droichid.’
‘Chuaigh sé anonn
an droichead’ agus ‘tháinig sé anall an droichead’ ba ghnách a rá. Dá
ndéarfá ‘chuaigh sé trasna an droichid’ le cuid de na seandaoine, d’fhiafróidís
díot ar tháinig sé slán, nó ar bádh é?
PEACEFUL. That knowledge
will yet be used for peaceful purposes: ‘Úsáidfear an t-eolas sin i ngnóthaí síochánta go fóill.’
(? Úsáidfear an
t-eolas sin go fóill i ngnóthaí is mó maitheas ná gnóthaí cogaidh.)
POINT. The
dissatisfaction came to a point at which it was unbearable: ‘Tháinig an
míshásamh go dtí pointe ag a raibh sé dofhulaingthe.’
(? Éiríodh chomh
míshásta agus nárbh fhéidir a tuilleadh foighne a dhéanamh.)
POSSIBLE. At that time, it
was not possible to have fresh butter all the year round: ‘San am sin, ní rabhthas
ábalta im úr a bheith ann ar feadh na bliana go léir.’
(? San am sin,
níorbh fhéidir im úr a bheith ar fáil, gach tráth den bhliain.)
PUBLICITY. They are getting
widespread publicity: ‘Tá poiblíocht leathan acu á fáil.’
(? Is iomaí trumpa
á sheinm dóibh.)
REACH. Now, workers who
reach three score receive a pension: ‘Anois, faigheann oibrithe a shroicheann
trí scór pinsean.’
Gan amhras ar bith
is aoibhinn do ‘na hoibrithe a shroicheann.’ Trí scór pinsean á bhfáil acu!’
The cloak she wore reached her
shoes: ‘Shroich an clóca a chaith sí a bróga.’
(? Bhí clóca go
béal bróg uirthi.)
RECOGNITION. They received
only very small recognition of the work they had done: ‘Ní bhfuair siad ach
aithint an-bheag don obair a bhí déanta acu.’
(? Is beag
creidiúint a tugadh dóibh ar son a gcuid oibre.)
RECOLLECT. I cannot
recollect many authors of whom I can say that I like their stories equally as
well as these: ‘Ní thagann mórán údar chun mo chuimhne a bhféadfainn a rá go
dtaitníonn a scéalta liom chomh maith leo seo.’
(? Ní cuimhin liom
mórán údar ar dóigh liom a scéalta a bheith chomh maith leo seo.)
REDUCE. It is extremely
difficult to prevent the epidemic from spreading; but effort will be made to
reduce the number of deaths: ‘Tá sé an-deacair cosc a chur ar leathadh na
haicíde; ach déanfar gach dícheall chun líon na marbh a laghdú.’
Cé gurb olc an
Béarla, is measa an t-aistriúchán. An méid daoine a bheidh marbh, beidh siad
marbh; agus sháródh ar Dhian Cécht féin a líon a laghdú.
(? Déanfar a
bhféadfar chun na hothair a shábháil ar a mbás.)
REGARDED (r. as). The common
people were regarded as being only so many slaves: ‘Ní fhéachtaí ar na daoine
coitianta ach mar an oiread sin sclábhaithe.’
(? Ceart ar bith
ach cead sclábhaíochta, ní mheastaí a bheith ag na daoine coitianta.)
REVEALED (revealed as). In this book the
prince is revealed as one who had an extraordinary interest in science: ‘Sa
leabhar seo, nochtar an prionsa mar dhuine a raibh spéis thar chuimse aige san
eolaíocht.’
A leithéid de
mhí-íde a thabhairt ar dhuine ar bith, toisc a bhinid a bheith san eolaíocht!
(? De réir mar atá
foilsithe sa leabhar seo, bhí spéis shármhór ag an bprionsa san eolaíocht.)
SAME. Michael and
Martin are the same age, and they live on the same street: ‘Tá an aois chéanna ag
Micheál agus Máirtín, agus cónaíonn siad ar an tsráid chéanna.’
Níor de ghnás na
Gaeilge é ‘céanna’ a úsáid ach le hainmfhocal a mbítí i ndiaidh é a lua cheana
féin.
(? Is ionann aois
do Mhicheál agus do Mháirtín, agus tá siad ina gcónaí san aon sráid.)
SATISFIED (satisfied that). Then she was
satisfied that her husband was dead: ‘Ansin bhí sí sásta go raibh a céile
marbh.’)
(? Ba dheimhin
léi, an uair sin, gur marbh a bhí a céile.)
SEE. He would not see
any more than two of his tenants together: ‘Ní fheiceadh sé níos mó ná beirt de
na tionóntaí le chéile.’
Agus ní léir gur
meath ar bith radhairc a bhí air.
SITUATED. The cairn is
situated on the very top of the hill: ‘Tá an carn suite ar an mball is airde
den chnoc.’
(? Ar
fhíormhullach an chnoic atá an carn.’)
SPOILED (spoiled for). That spoiled the
play for everyone: ‘Mhill sin an dráma do gach éinne.’
Ní ‘do’ ach ‘ar’
ba ghnách le ‘mill’ in abairt den sórt sin.
STAND. The exiles all
ask how does Ireland stand: ‘Cuireann na deoraithe go léir ceist conas a
sheasann Éire.’
Is míle fearr ná
sin an seanaistriúchán .i. “cén chaoi,” ar sé, “a bhfuil Éire bhocht…”
SWEPT. The sea swept
the coracle on top of the rock: ‘Scuab an fharraige an curach ar bharr na
carraige.’
Is deacair
scuabadh gan scuab – ar bharr carraige féin.
(? Chart (nó ‘thóg’)
an fharraige léi an churach go dtí barr na carraige.)
TAKE. It would take
six men to pull that load: ‘Ghlacfadh sé (nó ‘thógfadh sé’) seisear fear an lód
sin a tharraingt.’
(? Ba obair do
sheisear fear an lód sin a tharraingt.)
THAN (than as). No more
profitable use could be made of those mountains than as sites for tree
planting: ‘Níorbh fhéidir úsáid níos tairbhí a dhéanamh de na sléibhte sin ná
mar limistéar chun plandáil crann.’)
Ní róchruinn an
Béarla; ach is deimhin go bhfuil an Ghaeilge lán chomh dona leis.
(? Chun lántairbhe
a bhaint as na sléibhte sin, ba cheart crainn a phlandáil orthu.)
TOO (too - to). Art would be too
proud to do that sort of work: ‘Bheadh Art róbhródúil le obair den chineál sin
a dhéanamh.’
(Ní ligfeadh an
bród do Art an cineál sin oibre a dhéanamh.)
TROUBLESOME. The prisoner was
rather troublesome: ‘Bhí an príosúnach trioblóideach go leor.’
Is annamh duine a
bheadh saor ó thrioblóid, agus é ina phríosúnach.
(Místiúrtha go
leor a bhí an príosúnach.)
WERE. Were he to
believe that story, the proper thing for him to do would be to return home: ‘Dá
mbeadh sé leis an scéal sin a chreidiúint, ba é an rud ba cheart dó a dhéanamh
ná filleadh abhaile.’
(? Dá gcreidfeadh
sé an scéal sin, ba cheart dó filleadh abhaile.)
WHEN. Please forward
your subscription to the above address, when an official receipt will be given:
‘Más é do thoil é, cuir do shíntiús chuig an seoladh seo thuas, nuair a
thabharfar admháil oifigiúil.’
An amhlaidh nach
ceart do dhuine an síntiús a íoc gan admháil a bheith faighte aige roimh ré?
WIPED. He wiped the
sweat from his forehead: ‘Chuimil sé an t-allas dá éadan.’
Ba intuigthe as
sin gur smear sé a éadan le hallas mar a smearfaí bróga le blaicín.
(? Bhain sé an
t-allas dá éadan.)
WITH. They came back,
and the man with the beard was along with them: ‘Tháinig siad ar ais, agus bhí
an fear leis an bhféasóg in éineacht leo.’
(? …bhí fear na
féasóige in éineacht leo.)
YIELDED. It is a region
that has not as yet yielded up many of its secrets: ‘Is réigiún é nár ghéill
suas mórán dá chuid rún fós.’
(? Ní mór nach
réigiún anaithnid fós é.)