Gaeilge na Gaeltachta agus Gaeilge na Litríochta

 

 

I leith le scríbhneoireacht Ghaeilge, is deimhin go bhfuil buntáiste mór ag na daoine a dtugtar ‘cainteoirí dúchais’ orthu. Cén buntáiste é sin? Is fusa a lua ná a fhaisnéis. B’fhéidir gur le cineál de fhabhalscéal ab fhearr a dhéanfaí soiléiriú ar na gnóthaí. Cuirimis i gcás é a bheith de mhí-ádh ar Shasana an Béarla a bheith chomh cloíte ann ag an Rúisis agus atá an Ghaeilge cloíte ag an Bhéarla in Éirinn.[1]

 

Rud a mbeifí ag súil leis ón chine calma thall, ní bheidís gan fir a chuirfeadh rompu féin teanga a sean agus a sinsear a shábháil ar a bás agus í a thabhairt in éifeacht arís. Agus, ar ndóigh, mheasfaí gur mhaith an cuidiú é neart de léitheoireacht nua-aimseartha Bhéarla a chur ar fáil. Dhéanfaí dá réir sin; agus níorbh fhada go mbeadh líon breá scríbhneoirí i gceann a gcuid peann.

 

Cuid de na scríbhneoirí sin, ba chainteoirí dúchais iad – daoine as áiteanna iargúlta nár stadadh riamh de labhairt an Bhéarla iontu. An chuid eile, ba dhaoine iad a tógadh le Rúisis, mar a tógadh formhór mór a raibh de dhaoine i Sasana go léir.

 

De thoradh staidéir is ea a bheadh a gcuid Béarla faighte ag an dara dream sin – de thoradh bheith á fhoghlaim ar scoil, agus le linn gearrchuairteanna sna ceantair iargúlta úd nach bhfuair an Rúisis treis iontu go fóill. Ba mhaith cuid acu, gan amhras; ach ba rídheacair dóibh bheith in inmhe an Béarla a scríobh chomh nádúrtha, nó chomh saor ón Rúiseachas, agus a dhéanfadh cainteoirí dúchais a bheadh ar comhintleacht leo.

 

Óir, níorbh ionann agus na cainteoirí dúchais, bheidís gan chleachtadh ar an Bhéarla a chluinstin á úsáid san iliomad ócáidí a bhaineann le gnáthchúrsaí an tsaoil. Is fíor go bhféadfaidís cuid den uireasa sin a chomhlíonadh trí léitheoireacht Bhéarla – go háirithe trí léitheoireacht leabhar ina mbeadh cur síos ó chainteoirí dúchais ar shaol mhuintir na gceantar Béarla.

 

Ach ní hea amháin gur riachtanach dóibh an-chuid ar fad den léitheoireacht sin a dhéanamh; ba riachtanach dóibh í a dhéanamh go grinn géarchúiseach. Óir ba mhór ba neamhionann focal nó cor cainte Béarla a fheiceáil i gcló, uair nó dhó, agus bheith in inmhe an fheidhm cheart a bhaint as le linn scríbhneoireachta.

 

An méid atá ráite thuas i taobh daoine a thógfaí le Rúisis a bheith ag scríobh Béarla, d’fhéadfaí a rá chomh fírinneach céanna i dtaobh daoine a thógfaí le Béarla agus a bheadh ag scríobh Gaeilge – mura mbeadh seanchleachtadh fada buan acu ar ghnáthchaint mhuintir na Gaeltachta.

 

Tá daoine ann, ar ndóigh, a mheasann go bhféadfaí a bheith ag súil le Gaeilge mheasartha shásúil ó scríbhneoirí nár chuala mórán ar bith riamh de ghnáthchomhrá mhuintir na Gaeltachta. B’fhéidir go bhféadfaí. Ach is deimhin gurbh andóchasach a bheith ag súil go scríobhfaidís sin Gaeilge a bheadh chomh nádúrtha nó chomh beacht agus a bheadh ina gcumas ag lucht an tseanchleachta úd.

 

Ní héagosúil ó chéile eolas beotheanga agus eolas ceirde. Cuirimis i gcás gur mhian le duine éigin bád a dhéanamh. D’fhéadfadh sé an t-adhmad agus an uirlis oiriúnach a fháil, dá mbeadh a luach sin aige. Má tá, ní bheadh sa mhéid sin ach an chéad chuid dá riachtanas. Ba bheag an chabhair dó adhmad ná uirlis, murarbh eol dó an dóigh inar cheart dó an obair a dhéanamh. Dá mba dhuine céillí é, chaithfeadh sé tamall i gcuideachta ceardaí a mbeadh bád á dhéanamh aige. Le linn é bheith ag amharc ar an cheardaí i gceann oibre, d’fhoghlaimeodh sé cleasa na ceirde, mar a d’fhoghlaim an ceardaí féin iad ó dhuine eile a bhí ina n-eolas.

 

Níor róchéillí an mhaise dó bheith á mheas go mbeadh tuata in inmhe árthach intaofa a dhéanamh, cionn is gur tharla aige an damhna agus an uirlis. Ba ródhóigh go n-éireodh dó mar a d’éirigh dá leithéid féin eile i bhfad ó shin. Chuir sé siúd roimhe bád a dhéanamh; agus rinne sé í – istigh i dteach cloiche a bhí ar bhruach cé agus a bhí folamh le fada go dtí sin. Tráth a bhí an bád déanta agus í le cur ar an snámh, b’éigean páirt mhór de bhinn an tseantí a leagan, ionas go bhféadfaí an bád a thabhairt amach faoi ghaoth agus faoi ghrian. Ach níorbh fhiú dul faoin saothar sin mar gheall uirthi. Óir níor luaithe a cuireadh ar an snámh í, ná chuaigh a leataobh faoi uisce agus fágadh an taobh eile go breá tirim os a cionn!

 

Ceird na bád-déantóireachta, is éard atá inti eolas ar an dóigh inar cheart píosaí adhmaid a dhealbhú agus a gcur le chéile sa chaoi ina ndéanfaí bád dea-chumtha díobh. Agus cé uaidh a bhfaighfí an t-eolas sin ach ón mhuintir arbh é a gceird é bheith á chur i bhfeidhm?

 

Mar an gcéanna siúd, ba dhíchéillí é an duine a mheasfadh go dtiocfadh leis beotheanga a scríobh go nádúrtha soiléir, agus gan mórán ar bith cleachta aige ar an teanga sin a chluinstin á labhairt san áit inar bheo go fíor í.

 

An té ar mhian leis scríobh i mbeotheanga ar bith faoi leith, níor mhór dó bheith cleachtach go maith ar ghnáthchaint daoine a mbeadh an teanga sin á labhairt go laethúil acu féin agus ag a gcomharsanaigh mar a chuala siad í á labhairt ag an mhuintir a tháinig rompu. Óir, de thoradh sin-seanchleachta, d’úsáidfidís sin na focail chearta sna hionaid chearta, mar a d’úsáidfeadh ceardaí na píosaí cearta adhmaid sna hionaid chearta le linn é a bheith ag déanamh báid.

 

Gan amhras ar bith, is iomaí laincis a bhíonn ar scríbhneoirí Gaeilge nach bhfuil seanchleachtadh buan acu ar ghnáthchaint mhuintir na Gaeltachta. Cuirimis i gcás gur mhian le duine acu sin cuntas a chur i gceann a chéile faoi stoirm thoirní a tháinig go tobann amach as lár na soininne. B’fhurasta dó, ar ndóigh, smaoineamh ar nithe a bhféadfadh sé feidhm a bhaint astu lena chuntas a dhéanamh iomlán, beacht, bríomhar:

An dreach aoibhinn a bhí ar an spéir agus ar an tír le linn na soininne. Céadchomharthaí an chlaochlaithe. A ghastacht dár tháinig croí an anfa de chomhair baile. A thibhe dá raibh na splancacha tréana ag teacht i ndiaidh a chéile. An fhuaim uafásach a bhí leis na rua-roisteacha toirní. Croí an anfa ag éalú thar bráid de réir a chéile. Na splancacha ag dul i ngainne agus glór na toirní ag lagú. An spéir ag glanadh, agus an tír faoi dhealramh aoibhinn na gréine arís.

 

Ach scéal dochreidte é nach mbeadh dea-scríobh a leithéid de chuntas ina thasc sárdheacair ag scríbhneoir den chineál atá faoi thrácht againn. Cad é an fáth? Ar an ábhar gurbh fhíorannamh a chuala sé – má chuala sé, ar chor ar bith – an chaint a chluinfí ag muintir na Gaeltachta ina leithéid sin de ócáid. Cuid de na focail agus na cainteanna a d’úsáidfidís-sean, ba ródhóigh é a bheith ina n-aineolas. Ba ródhóigh, fós, gur de chuid an Bhéarla iad a bheagán nó a mhórán de na focail agus na cainteanna ba luaithe a thiocfadh chun cuimhne aige. Chaithfeadh sé Gaeilge a chur orthu sin – agus is iomaí obair is sodhéanta ná an t-aistriúchán.

 

Níl sa mhéid seo thuas ach sampla amháin de na deacrachtaí a bheadh sa bhealach ar scríbhneoir Gaeilge nach mbeadh eolach go maith ar chaint mhuintir na Gaeltachta. Agus is beag de shuim sampla amháin i bhfarradh is na céadta a bhféadfaí a gcur i láthair.

           

I dtaca leis an chomhrá Gaeilge a scríobhfadh duine den sórt sin, cuireann sé i gcuimhne dom éacht a rinne mé féin, tráth de mo shaol. Bhí oiread de eolas agam (san am sin) ar léitheoireacht Fraincise agus go raibh mé in inmhe Les Misérables a léamh – agus a thuiscint, dar liom.

Tharla, fán taca sin, go raibh suim mhór á cur i ‘Modh an Ráite’ úd an Athar Uí Thuathail. Agus chonacthas dom gur mhaith an cleachtadh Fraincise agam é Fraincis a chur ar agallamh Gaeilge dá bhfuil i Láimh-Leabhar Mhodha an Ráidhte. Bhí a shliocht orm. Rinne mé an t-aistriúchán – agus thaispeáin mé do Fhrancach é.

           

Thosaigh an Francach a léamh mo chuid oibre; agus ba ghairid go bhfaca mé loinnir bheag ghrinn ag teacht ina shúile. Ba léir dom, gan mhoill, go raibh sé ar a dhícheall ag iarraidh srian a choinneáil ar a fhonn gáire. Ach rinne sé an méid sin, mar bhí an chúirtéis ann ó nádúr. Bhí – agus an discréid is dual do na Francaigh. Sheachain sé mórán ar bith a rá faoin chineál Fraincise a bhí scríofa agam. Ina theanga féin – agus go han-séimh – dúirt sé cúpla focal liom i modh molta. Níor thuig mé i gceart iad; ach is minic ó shin a smaoinigh mé gurbh fhéidir gurbh é an rud a dúirt sé “c’est magnifique...”

 

In aimsir an Chéad Chogaidh Mhóir, bhíodh mórán de Rosannaigh Thír Chonaill ag obair i monarchana na cruach, thall in Albain. Duine acu a raibh seanaithne agam air, tharla abhus sa bhaile é ar thamall beag saoire, agus dúirt mé leis gur mhaith liom fios a bheith agam cad é an dóigh a ndéantar cruach den gharbhiarann. Thosaigh sé ar a scéal; agus ba mhaith chuige é. Lán chomh nádúrtha agus dá mbeadh sé ag caint ar bhaint agus ar ghróigeadh agus ar chlampú móna, d’inis sé dom an dóigh a ndéantar an garbhiarann a chlaochlú ina chruach.

 

Is fíor gur bhain sé feidhm as dornán beag de ‘théarmaí teicniúla’ an Bhéarla. Ach, os a choinne sin, bhain sé feidhm as téarmaí Gaeilge a chuala sé sa cheárta de chois baile – rudaí ab oiriúnaí go mór ná cuid dár cumadh ó shin.

 

Cad é ba shiocair don fhear úd a bheith in inmhe scéal na cruach a insint i nGaeilge chomh nádúrtha sothuigthe agus a d’inis sé é? Ní heol don freagra ab fhearr ar an cheist sin ná ceist eile. Agus is í an cheist eile í, cad é ba shiocair domsa gan a bheith in inmhe an t-agallamh úd a chur i bhFraincis nach mbainfeadh gáire as Francach?

 

B’fhéidir go dtuigfí as a bhfuil ráite agam gurb é mo bharúil nár cheart do dhaoine ar bith ach do chainteoirí dúchais féachaint le Gaeilge a scríobh. Ná tuigtear, maise. Ní cainteoir dúchais mé féin. Is é is príomhchuspóir don tráchtas seo agam a chur i dtuiscint do scríbhneoirí gur tréan atá an Béarlachas ag borradh i scríbhneoireacht Ghaeilge le tamall gairid de bhlianta, agus go bhfuil dhá ní ann a bheadh ina gcuidiú éifeachtach againn chun an Béarlachas a sheachaint. An chéad ní .i. an dearcadh a bhí ag formhór mór dá raibh de dhaoine i gConradh na Gaeilge i dtús ré an Chonartha.  An dara ní .i. grinneolas a chur ar an chuid ab fhearr den Ghaeilge a scríobhadh sa tréimhse dá ngaireann na scoláirí The Early Modern Period.

 

I dtús báire, tráchtfaidh mé ar an dearcadh a bhí ag ‘Conraitheoirí,’ tuairim is leathchéad bliain ó shin. Ba é an dearcadh é gur dheacair teacht ar dhóigh ar bith ab fhearr le labhairt na Gaeilge a fhoghlaim ná a bheith ag éisteacht le daoine a tógadh sa Ghaeltacht.

 

Bhí mé féin i gCraobh Oisín de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, an uair sin; agus is maith is cuimhin liom ár n-áthas nuair a thagadh duine éigin de mhuintir na Craoibhe ar chainteoir dúchais – duine as Tír Chonaill, nó duine as Tír Eoghain, nó duine as Uíbh Méith Mara. Mhealltaí an cainteoir dúchais chuig cruinniú de lucht na Craoibhe go n-inseodh sé dúinn scéalta agus go gcanadh sé dúinn seanamhráin Ghaeilge. Agus mura     n-éistimis go haireach leis, ní lá go fóill é!

 

Ba é ba mhórmhian dúinn a fhionnachtain cad é mar a chuirfeadh fíor-Ghaeilgeoir a leithéid siúd nó a leithéid seo de smaoineamh i bhfriotal. Óir bhí tuigthe againn go raibh rud éigin ann den sórt ar ar thug an tAthair Peadar ‘the innate antagonism between the two languages.’ Ba bheag ár dtaitneamh ar dhul ar bith cainte a bhfeictí dúinn a bheith gaolmhar le dul an Bhéarla. Agus is fíor go gcluinimis, corruair, rud éigin den chineál sin. Ach, ma chuala féin, níor lúide é ár meas ar an chainteoir dúchais. Ba eol dúinn nach raibh sa mhéid sin ach mar a bheadh corrghas cogail i ngort cruithneachta.

           

Le tamall thart, chonaic mé i gcló samplaí den Bhéarlachas a chualthas ag muintir na Gaeltachta. Agus, ón trácht a rinneadh ar na samplaí sin, ba intuigthe gur Béarlachas is príomhdhamhna don chineál Gaeilge atá ag cainteoirí dúchais. Ach is fada sin ón fhírinne; agus is leamh atá an ceann ar dhuine ar bith a chreideann a leithéid de bhréag. Abairt Bhéarlachais a chluinstin ag cainteoir dúchais, ní hionann sin agus deimhniú a fháil nach bhféadfadh an cainteoir céanna feidhm a bhaint as abairt Ghaelach go leor ina hionad siúd.

           

Tuairim is cúig bliana déag  agus fiche ó shin, chuala mé cainteoir dúchais ag trácht ar scéala a raibh sé i ndiaidh a léamh as páipéar nuachta. “De réir mar a deir an páipéar,” ar seisean, “bhí Craig agus Lloyd George ag caint le chéile inné, agus ní raibh an t-interview ina success, ar chor ar bith. Óna thús go dtí a dheireadh, bhí an bheirt ag loggerheads le chéile.”

           

Dar liom féin, “is fada an smachladh sin ón rud a déarfá, dá mbeadh macalla an Bhéarla gan bheith i do cheann!” Agus níor mheath mo bharúil orm. Anonn go maith sa tráthnóna, tháinig lucht an airneáin chun an tí, agus thosaigh an comhrá mar ba ghnách. Fiafraíodh de mo dhuine an raibh aon dada iontach ar an pháipéar; agus d’inis sé scéal Craig agus Lloyd George. Ach san am sin, ní ar fhocail an Bhéarla a bhí sé ag smaoineamh ach ar an chiall a bhí leo. Mar sin de, labhair sé go nádúrtha.

           

“Bhí Craig agus Lloyd George ag caint le chéile inné, de réir mar a deir an páipéar, ba é an comhrá gan chaoithiúlacht acu é,” ar seisean. “Óna thús go dtí a dheireadh, bhí siad in adharca a chéile” – Gaeilge lán níos fearr ná leithéid ‘bhí agallamh ag Craig agus Lloyd George inné; ach níor tháinig toradh fónta ar bith as, mar níor réitigh siad le chéile maidir le haon phointe dá raibh i gceist.’

 

Chun teacht in inmhe Gaeilge nádúrtha a labhairt, is maith is fiú éisteacht go haireach le caint mhuintir na Gaeltachta. Agus, chun teacht in inmhe Gaeilge nádúrtha a scríobh, is maith is fiú éisteacht leis an chaint chéanna sin. Féach an rud a dúirt an tAthair Peadar Ó Laoghaire, agus é ag trácht ar ‘The Irish of Keating’s Time’[2]: ‘For a living language, the books and the speech of the people should go hand in hand.’

 

Ba dhaingean a chreid an tAthair Peadar féin an méid sin; agus bhí a shliocht air. Ag scríobh Gaeilge dó, lean sé de ghnáthchaint a chomharsanach chomh dlúth agus go ndúirt Aodh de Blácam[3]: ‘O’Leary tamed the Irish sentence and taught the Gaeltacht to write as it spoke.’[4]

           

Ach cé go ndúirt an tAthair Peadar an chaint úd thuas, ní hintuigthe aisti é a bheith ag fáil lochta ar Ghaeilge an Chéitinnigh. Dar liom, is deimhin go n-aontódh sé leis an mhéid atá ráite i dtaobh na Gaeilge sin ag an Aimhirgíneach ina réamhrá do Sgéalaigheacht Chéitinn[5]: ‘the beautifully clear yet thoroughly idiomatic form of the literary language which was the common property of the Gaelic race in Ireland and Scotland, three hundred years ago.’

 

Agus, dá mhéad eolas dá mbeadh ag scríbhneoirí na linne seo ar bheotheanga na Gaeltachta, ní dóigh liom go measfadh an tAthair Peadar nárbh fhearrde dóibh rud éigin staidéir a dhéanamh ar an literary language úd ar thagair an tAimhirgíneach di. Ní chun teacht in inmhe a stíl siúd a úsáid, ar ndóigh. Ní hea, ach le teacht ar fhocail agus ar leaganacha cainte nár bheag a gcabhair chun cuid den Bhéarlachas a sheachaint.

           

Ar chaoi ar bith, is beagnach deimhin, dar liom, go raibh an tAimhirgíneach ag smaoineamh ar rud éigin den chineál sin, le linn dó a bheith ag cur eagair ar na scéalta úd. Ba fhíormhaith a rinne sé an eagarthóireacht sin; ach is trua nach ndearna dea-scoláire éigin mar an gcéanna le cuid féin de na scéalta atá i leabhar a scríobhadh suas le céad bliain roimh aimsir an Chéitinnigh .i. Betha Colaim Chille.[6]

 

Óir thuill Mánas Ó Dónaill ardmholadh ar an ábhar céanna ar ar dáileadh moladh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire, suas le ceithre chéad bliain ní ba fhaide anall. Chuir Mánas roimhe féin ‘an chuid do bhí i Laidin den Bheathaidh seo a chur i nGaidhlic, agus d’fhuráil an chuid do bhí go cruaidh i nGaidhlic di do chur i mboige ionnas go mbeith sí solus sothuicseana do chách.’

 

D’éirigh leis – rud ba léir don mhuintir a rinne an leabhar a ullmhú dá chur i gcló. Dúirt siadsan:

           

It is where we compare O’Donnell’s version with Adamnan’s that we gain the most interesting evidence of his gift of narrative style. The long compound sentences of the Latin, with their complicated structure, are infinitely less vivid than the short simple Irish ones. Adamnan’s sentences are comprehensive and sonorous, but they trail off into repetition or insignificance.

 

Go dearfa, is iontach a shoiléire agus a shothuigthe go fóill agus atá Gaeilge na Beatha – Gaeilge a cuireadh i scríbhinn ceithre chéad agus ceathair ar fhichid bliain ó shin. Seo thíos blogh bheag den chomhrá a tharla (más fíor) idir Colm agus óglach álainn iontach a casadh air de chois Loch Feabhail:

 

“Gor bennaighe ná dee adhartha duit, a Coluimb Cille,” ar sé.

“Cia thusa fen doní an bendugadh sin,” ar Columb Cille, “no ca tír no talamh asa tanec tú, nó cia is rí no as tigearna duid, no ca dia da creidend tú?”

“Me fein as tigearna damh,” ar sé, “& is dona deeibh adartha chreidim.”

“Is ingnadh lem, dá madh rí no mac righ thú, do beith at aenar mar sin,” ar Columb Cille.

“Ataei-si fen at aenur, a cleirigh,” ar in t-oclach, & bidh a fhiss agat-sa, dá mbad áil lium-sa, go mbeidís fiche ced oclach am coimhideacht annso,” ol sé; “& indisim duit-si gorab mé fen Mongan mac Fiachna .i. mac righ Uladh, agus corab do coimes fhesa & eolais rit-sa thánag.”

 

Agus ní hamháin i dtuarascálacha comhrá a chleachtadh Mánas Ó Dónaill an chlisteacht sin cumadóireachta is damhna de abairtí néata neamhleadránacha. Déan grinndearcadh ar an abairt seo: ‘Agus do rachadh fear fana éideadh trés an bpoll do rinneadar sa chloich, ag dul tríthi dóibh sa bhfarraige.’ (‘And a man having on his armour might go through the hole they made in the stone when they went through it into the sea.’)

 

Corradh le deich mbliana ó shin is ea a léigh mé an Bheatha, den chéaduair; agus ba léir dom, an uair sin féin, go raibh stór fairsing inti de fhíorscoth na Gaeilge. Ach ní raibh an fhaill agam ba mhaith liom agam chun mo shásamh de staidéar a dhéanamh uirthi. Is é ar tháinig liom a dhéanamh, corrní dá bhfuil inti a bhreacadh síos i nodleabhar. Tá an nodleabhar sin agam go fóill; agus sílim gur fiú dornán de na noda a chur leis an tráchtas

beag seo.

 

Níl na noda ach san ordú inar scríobh mé iad, an uair úd. An focal[7] a gcuirinn sonrú faoi leith ann, scríobhainn é ina ionad iomchuí féin, de réir ord na haibítre. An abairt a gcuirinn sonrú faoi leith inti, thoghainn ‘treoirfhocal’ aisti, agus thugainn ionad oiriúnach don treoirfhocal mar an gcéanna.



[1] Ní domsa ba luaithe a samhlaíodh é sin. Bhí cuntas (greannmhar) ar an tubaiste cheannann chéanna ag an Chanónach Ó Conaill in Banba tuairim is leathchéad bliain ó shin.

[2] Papers on Irish Idiom.

[3] Gaelic Literature Surveyed.

[4] Ina thaobh seo, is cóir an chreidiúint is airí orthu a thabhairt do chuid de scríbhneoirí Gaeilge na hAlban. I mbliain a 1897, d’fhoilsigh The Northern Chronicle leabhar ar teideal dó How to Read Gaelic; agus, sa leabhar sin, tá píosa chomh tíriúil nádúrtha agus a gheofaí i nGaeilge na hÉireann go fóill. Is éard atá ann, litir chuig a bhean ó ‘Híleantóir’ a thug cuairt ar Ghlaschú. Agus seo thíos ‘aistriúchán’ dlúth ar bheagán dá ndúirt an Híleantóir faoi dhuine díobh siúd a bhíonn ag súil le síntiús beag a ghnóthú ar a mbagáiste a iompar do phaisinéirí i ndiaidh iad teacht den bhád ag cé Ghlaschú:

‘Chrom sé a cheann chomh modhúil sibhialta agus nárbh fhéidir dom gan a fháilte a fhreagairt. I bpreab na súl, bhí sé ar chlár na loinge; agus thóg sé leis mo bhosca-sa agus bosca Phara Mhóir chomh réidh agus a thógfadh an géidsear [gauger, oifigeach custaim] leis buidéal poitín, gan chuireadh gan chead. “Go réidh, a dhuine! Go réidh!” arsa Para Mór leis. “Nár chuala tú riamh comhairle Chlog Scáin .i. ‘an rud nach mbaineann díot, ná bain de’?”  

[5] Stories from Keating’s History of Ireland. Edited with Notes and Glossary by Osborn Bergin, Ph.D.

[6] Compiled by Manus O’Donnell in 1532. Edited and translated from manuscript Rawlinson B. 514 in the Bodleian Library, Oxford, with introduction, notes and indices by A. O’Kelleher, Fellow in Gaelic in the University of Illinois on the Irish Foundation of Chicago, and G. Scoepperle, Associate of English in the University of Illinois. Published by the University of Illinois under the auspices of the Graduate School, Urbana, Illinois, 1918.

[7] Sa Glossary of Rarer Words, tá tuairim is naoi gcéad focal; agus níor mhiste do scríbhneoirí na linne seo breathnú ar na focail sin agus ar na habairtí inar fíodh iad.