Cnuasach beag focal agus
abairtí as Betha Colaim Chille
ADHAIL. ‘...mar atá adhail
aice nach faicfe sí misi go bráth arís.’
Á rá sin do Cholm
Cille, bhí sé ag labhairt ar chorr a chuaigh anonn ó Éirinn go hAlbain á
fhéachaint-sean, agus a bhí faoi chumha mhór tráth a bhí sí ar tí é a fhágáil
agus filleadh ar Éirinn. De réir cosúlachta, níorbh olc ar chor ar bith an t-ainm Gaeilge ‘adhail’ ar an rud a dtugann Béarlóirí presentiment
air.
AIFREANN. ‘Agus nír fagaibh
Colam Cille an t-ionad sin co ndubhairt sé x n-aifrend xx ar anmuin Chormaic.’
B’fhéidir gurbh
aisteach le cuid de lucht na linne seo ‘aifreann a rá ar anam duine.’ Ach ní
trí spéaclaí Béarla is cóir abairt Ghaeilge a bhreathnú.
AINM. ‘Conudh, Tobar Colaim
Chille ainm an tobair sin...’
Tá a lán anois ann
a scríobhfadh leithéidí ‘is é Tobar Cholm Cille is ainm don tobar sin.’ Ar
chualathas a shamhail sin riamh go fóill ag cainteoirí dúchais, thíos, thiar nó
thuas?
AIRE. ‘Est-si riú, agus ná
tabhair th’aire dóibh; agus cuir th’aire sa Tí ar ar theich tú iad .i. Dia na
n-uile chumhacht.’ (‘Be silent and heed them not, and set thy mind on Him for
whose sake thou hast given them up, to wit, Almighty God.’)
Odhrán naofa a
dúirt an chaint seo thuas le Colm Cille, tráth a bhí Colm ag dul ar deoraíocht,
agus é ag éisteacht leis na gártha goil a bhí ag Conallaigh agus Eoghanaigh ina
dhiaidh.
AITHRÍ. ‘Do mhol an comhthionól
uile dó tect do chomhrádh ris an drochdhuine sin, dá fhis an raibhe aithrighe
fhírindeach ina phecadh aige.’
‘...chun a fhios a
fháil arbh fhíor go raibh brón air mar gheall ar a pheaca,’ cuir i gcás; ní
bheadh sé chomh hachomair leis an mhír dheireanach den abairt seo thuas.
ANFA. ‘...do chuir sí’
(péist mhara) ‘anfadh mór ar in bhfairge ‘na timcheall.’
Ag muintir Thír
Chonaill, chluinfeá an focal ‘anfais’ á úsáid mar atá ‘anfadh’ san abairt sin.
Tugann siad ‘anfais’ ar an ngarbhmhaistreadh a d’fheicfeá i dtimpeall creige,
tráth a bheadh tonn mhór fharraige i ndiaidh briseadh anuas uirthi.
AON- ‘...do thairrngir
Pátruic co mbad in aen-tumba ris fen agus re Brigid i nDún da Lethghlas do
cuirfidhe corp Colaim Cille tar éis a bháis.’
Is fada ‘in aon-tumba’
agus a leithéidí ó na leaganacha a fheictear go laethúil anois agus an focal ‘céanna’
iontu, amhail is gurbh ionann feidhm i gcónaí dó féin agus do same an
Bhéarla.
AS. ‘...do bhí tobur sa tír
sin, agus gebe nech do ibheadh ní dá uisce nó do indleadh a cossa nó a lámha
ass, do bhídh sé dall nó bodhar...
B’fhéidir go
measfaí nach mó ná gur fiú a shonrú gurb ‘as(s)’ an réamhfhocal atá úsáidte san
abairt seo thuas. Ach dá n-úsáidfí ‘ann’ in ionad ‘as,’ bheadh an abairt i
gcontúirt a míthuisceana! Ní don tobar féin ach do uisce an tobair atá ‘ass’ ag
déanamh ionaid.
Agus d’fhéadfadh
duine a chosa nó a lámha a ní as uisce an tobair gan é féin a bheith sa tobar
ar chor ar bith. Tá a lán ann go fóill a déarfadh ‘Bhí siad i ndiaidh bheith sa
tobar’ (faoi dhéin uisce) in ionad ‘ag an tobar.’
BAGAIR. ‘...do chuala Colam
Cille an t-aes eladhna ag bagar a cháinte...’ (Colm Cille heard that the poets
were threatening to make a satire on him.’)
Bíonn a buanna
féin achomaireachta ag an dea-Ghaeilge.
BAN-NAOMH. ‘...corp na
bannaeimhe...’
B’fhéidir gur
shuimiúil le lucht gramadaí an fhoirm ghinideach seo thuas.
BÁS. ‘Do mhalluigh Colam
Cille tríd sin é, agus do iarr ar Dhia bás a thabhairt fa aimsir ghirr do.’
San abairt sin,
nach mór is oiriúnaí ‘bás a thabhairt dó’ ná ‘é a mharú’?
BEITH. ‘...is deimhin co
bhfuighind-se bás co hobann muna beith do choimét-sa orum.’
Is léir gur ‘mura
beith’ ba cheart a scríobh in ionad an ‘murab é’ úd ar bhain a lán againn úsáid
as ar feadh na mblianta. Go dearfa, b’aisteach é a bheith creidte riamh gurbh
Fhorainm agus nár Bhriathar é an dara focal.
Agus an ‘ach ab é’
agus an ‘ach gurb é’ úd, is dóigh go bhfuil siad chomh mícheart céanna. Nach
féidir gur dlúth a ngaol le ‘acht na-beith’? Féach an méid seo as Cath Ruis
na Rig for Boinn[1]
‘...conna bai samail Ulad ra halt na haire sin acht na-beth ruad-daire ro-mor
bar lar machaire...’
(‘till there was
no similitude of the Ulaid at that juncture of time, except it were a huge
sturdy oakwood in the middle of a plain...’)
BUAIN. ‘...agus do chuir a
lámh fána aghaidh do bhuain an allais de...’
Is fearr sin ná ‘chuir
sé a lámh lena aghaidh chun an t-allas a chuimilt de féin.’ Is mór is
neamhionann duine a bheith ag baint an allais de féin agus é a bheith ag
cuimilt allais de féin.
CÁIL. ‘...do ba craes less
an t-arán do ithe ‘na cháil féin. Gan ní drochbhlasda ecin a chur tríd dá
truailledh mar sin.’
Is suimiúil an
fheidhm atá bainte as an fhocal ‘cáil’ san abairt sin; agus is fearr í ná ‘an
t-arán a ithe ina ‘staid nádúrtha’ féin.’
CÁS. ‘...agus do bhí sin ‘na
cás mór orra.’
.i. ‘agus bhí
buairt mhór orthu mar gheall air sin.’
CEANGAIL. ‘...do chengladh
sé iad’ (drochspioraid) ‘amhail do ceingeoltaí én a painter nó a ngaisde.’
Sean-Ghaeilgeoir a
bhí ag trácht ar dhaoine a raibh sé i ndiaidh a bheith ag conspóid leo, dúirt
sé “Chuir mé i gceangal iad le fíor-urra cainte.”
CLANN. ‘Agus cland da
derbhrathar é féin agus Colam Cille...’
An chaint
cheannann chéanna a déarfadh muintir Thír Chonaill go fóill! Cé go meastar
anois gur ‘i bhfad ar gcúl’ atá a leithéid de chaint, tá a buanna féin aici.
Féach an rud a dúirt Séadna, mac Fhearghasa Cheannfhada lena dheartháireacha,
tráth a bhí sé ag iarraidh orthu an deachú a íoc le Colm Cille: ‘...is dó is
cóir bur ndechmhaidh-se do mac bur ndearbhrathar...’
Mheasfaí anois
gurbh fhearr ná ‘mac dearthár’ focal amháin éigin arbh ionann ciall dó agus do nephew
an Bhéarla. Ach ní hintuigthe as nephew cé acu ‘mac dearthár’ nó ‘mar
deirfiúr’ é.
CLEACHT(AIM). ‘...oir ní ‘na
n-ainm sin cleactmaid-ne bendughadh dúinn...’ (‘for not in those names are we
wont to be saluted....’).
COMH. ‘...bid a fhis agad
nach fuil pecadh ris nach comór an mídochus.’
De réir
cosúlachta, ní han-fhada ó na leaganacha seo thuas an leagan atá ag ‘Máire’ in Mo
Dhá Róisín .i. ‘...ní rabh mórán fear san tír nach gur sásta Labhras Mór.’
I ngnáthchaint na Gaeltachta, bíonn leaganacha is aisteach le cuid againn; ach
ní hionann sin agus a rá gur leaganacha iad nach bhfaighfí a bheagán nó a
mhórán údaráis dóibh sa tseanlitríocht.
COMHAINM. ‘...comhainm an lai a nderna sé fen ciunnus
ar críchnughadh an oibrigthe sé laithe dó.’ (‘...after the same day that He
Himself rested after completing the labors of the six days.’)
An ó ‘comhainm’ a
tháinig ‘cothrom’ (nó ‘coithrim’) a mbaintear an fheidhm seo thuas anois as?
Níor scéal iontach é rm a dhéanamh nm, dála mar a rinneadh mr de mn.
COSAIN. ‘...an pecuch nar
cossain flaithes Dé coruice sin...’
I dTír Chonaill,
deirtear a leithéid seo: ‘Thug an máistir don oibrí cá bith pá a bhí cosanta’
(tuillte) ‘aige.’
CÚL. ‘...an dís tuc a dhá
cul re celi...’
Deir muintir Thír
Chonaill ‘thug siad dhá chúl a gcinn le chéile.’
CUMADH. ‘...Acus ó sin amach
ní raibhe sé ag cuma re céd...’
Seirbhíseach dá
raibh ag Colm Cille, dhiúltaigh sé déirc a thabhairt do bhochtán áirithe, ar an
ábhar go raibh déirc tugtha do chéad duine aige cheana féin agus nach raibh
ordú aige ó Cholm Cille riar do líon ba mhó ná sin san aon lá. D’fhionnaigh
Colm ina dhiaidh sin gurbh é an Tiarna féin a bhí ansiúd i riocht bochtáin; agus
ó shin amach, ní raibh sé ‘ag cuma re céd’ (‘he provided not for a hundred only’).
Is minic a deirtear ‘ní bhfuair sé ach an rud a chum sé dó féin’ .i. an rud a
chuir sé in áirithe dó féin (le gníomh nó le faillí).
CUMAÍN [COMAOIN]. “...is
cumaín disi sin,” ar Colam Cille, “óir tá tuirse agus dobhrón mór orum-sa ina
diaidh.” .i. is cóir di bheith faoi chumha mhór agus í ag dealú liomsa, óir tá
mise faoi chumha mhóir ina diaidhse.
Ar an chorr úd as
Éirinn a bhí Colm ag caint. (Féach ADHAIL.)
Deir cuid de
Bhéarlóirí an Tuaiscirt ‘it was ill his comin’ to do the like of that to me.’
DÁLACH. ‘...genfidhear mac
ar do shlicht-sa, agus budh Dáluch a ainm.’
Is fada sin ó ‘is
é Dálach an t-ainm a bheidh air.’ (Féach AINM.)
Is trua gan foirm
fháistineach de ‘Is’ a bheith á húsáid go fóill. Sa Tóraidheacht ar Lorg
Chríosda,[2] tá is ba
úsáidte agus brí fháistineach leis. Agus féach ‘an pósaí is deise sa gharraidh,
nuair a chailleas sé a bhláth is ba fann’ – líne de ‘Amhrán an Bhearáid’ atá in
Filí Gan Iomrádh.[3]
DARA. ‘...Loarn mac Fergusa
.i. an dara mac rob óige do cloind Fergussa cennfhoda.’
Claon beag níos achoimre ná ‘an
mac ab óige ach mac amháin eile.’
DÉARDAOIN. ‘...et Dardaín
ruccadh é. Et Dardaín do baisdedh é...’
Cá bhfuarthas
leithéid ‘tabharfar an léacht ar an Déardaoin seo chugainn’ nó ‘bhí slua mór i
láthair ar an Domhnach seo caite’? Is gnách, ar ndóigh, an Cháisc a bheith ar
an Domhnach; ach scéal eile ar fad é sin.
DIÚLT(AÍM). ‘...do dhiúlt
Petar fo thrí do Chrísd in aimsir na páisi...’
Bheadh ciall eile
ar fad leis an abairt sin, dá bhfágfaí ar lár an do (Chrísd). B’ionann sin agus
nach dtabharfadh Peadar do Chríost rud éigin, nó achainí éigin, a bhí iarrtha
ag Críost air.
DORCHADAS. ‘...gan sal no
dorchadus do dhul ar en-litir de...’ (‘...without stain or dimness coming upon
a letter thereof...’)
DÚTHRACHT. ‘...óir ba le
Cairbrí an talamh...ó Drobhaís go hEss Ruaidh, arna thabhairt do Chonull Gulban
a ndúthracht re cois a choda ronna dó.’ (‘...for, from Drobais to Assaroe, the
land belonged to Cairbre, having been given him by Conall Gulban as largesse,
along with his allotted portion...’)
Ní han-fhada ó sin
an chiall a bhíodh ag cuid de Bhéarlóirí an Tuaiscirt le ‘dúthracht.’ Ar
theacht i bhfeidhm don Truck Act, níor cheadmhach aon duine a bhí faoi
cheithre bliana déag de aois a bheith ag obair ‘go lánaimseartha’ i muileann ná
i monarcha; agus leis an dlí a chomhlíonadh mar ba cheart, d’iarr scrúdaitheoir
fios a aoise ar gach duine dá raibh ag obair i muileann áirithe de chuid Bhéal
Feirste. Bunbhean darbh ainm baiste Sadie, tháinig sí i láthair an
scrúdaitheora ar a seal féin, agus cuireadh ceist uirthi go díreach mar a
chuirfí ar ghiodróg nárbh fhada sna déaga. “Well, Sadie,” arsa an
scrúdaitheoir, “I suppose you are fourteen years of age?” – “I am – and a
dúthracht!” arsa Sadie. Agus, cé gur foreign language i mBéal Feirste í
an Ghaeilge, níor riachtanach don scrúdaitheoir a fhiafraí cad é ba chiall do ‘dúthracht.’
EASCOR [ASCAR]. ‘...do ben
eascor’ (taisme) ‘don nech ar a raibhe sé’ (mála leabhar) ‘indus cor baithedh
é.’
Bhíodh an focal
seo thuas coitianta go maith ag muintir Ua Méith, ach gurb ‘oscar’ an foghar a
chuiridís-sean leis. ‘Bhain oscar dó ar an bhóthar’ a deiridís.
EISIOMLÁIR. “Tuigim-si, a
athair naemhtha,” ar Baithín, “gorab maith do cuiredh sin a n-eisimláir dam.”
Leagan é sin ar
fiú a chur ar cuimhne. Bhí Baithín i ndiaidh a rá le Colm Cille gurbh éagórach,
dar leis, a lig Dia foireann iomlán loinge a bhá, cionn is drochdhuine amháin a
bheith ina measc. Go gearr ina dhiaidh sin, shín Colm Cille chuig Baithín
miotóg a bhí líonta de bheacha aige. Chuir beach acu ga i mBaithín; agus ghlac
sé oiread de fhearg agus gur mharaigh sé na beacha go léir. Agus, tráth a bhí
sin déanta ag Baithín, chuir Colm Cille ar a shúile dó go ndearna sé féin
macasamhail an ghnímh a bhí ina chasaoid aige ar Dhia.
EITEOG. ‘...rachaidh a nert
ar cúl...tre fhad na heiteóicce berus sí...’ (‘...her strength shall fail by
reason of the space she’ (an chorr Éireannach úd) ‘shall have flown.’
ÉIREANNACH. ‘...agus do
chífe tú aidhigh uasal ag tect chugad .i. corr Erennach atá ag tect ar cuairt
chugam-sa...’
‘Gaelach’ is
gnáiche bheith á úsáid anois; ach ba chóir go dtuigfí nach ionann ‘Gaelach’
agus ‘Éireannach.’
FARRADH. ‘...daí ar fhís
agus ar ecna agus ar eolas cach en-duine...a farradh Cholaim Cille.’
Baineann muintir
Thír Chonaill an fheidhm chéanna sin as ‘i bhfarradh is.’ Cuir i gcás, ‘níl
anseo ach screabán i bhfarradh is an talamh atá thoir úd.’ Agus níor mhiste,
corruair, ‘i bhfarradh is’ a úsáid in ionad ‘i gcomparáid le.’
FOGHNAMH. ‘...ar na thuicsin
do na manchaibh nach raibhe foghnamh mar sin air’ (daigéar ar fhág Colm Cille
de bhua air nárbh fhéidir fuil duine ná fuil ainmhí a tharraingt choíche arís
leis.)
‘Níl fónamh ar
bith den chineál sin air’ – ba mhaith, corruair, é in ionad leithéidí ‘níl a
dhath de mhaith ann fá choinne obair den chineál sin a dhéanamh.’
FORTACHT. ‘In bhfuil
furtacht ar bith air sin?’ .i. an bhfuil neart (nó ‘leigheas’) ar bith air sin?
GACH. ‘...adubhairt go faca
sé fein peler tendtighe ria Colam Cille...agus aingle Dé gacha taebha de...’
Go fóill féin is
iomaí duine a deir ‘acha dtaobh de in ionad an leagain ghránna úd ar thug an
t-aineolas ar a lán againn glacadh leis .i. fá dtaobh de.
GLAS. ‘Ar crichnughadh na mbriathar
sin do, do scaileatar na glais, agus do fosclatar na doirrse uatha fen...’ (‘And
when he had said those words, the locks were unloosed and the doors opened of
themselves...’)
Nach séimh agus
nach oiriúnach an difríocht é: ‘scaoil na glais’ agus ‘d’oscail na doirse’!
GUTH. ‘Acus ticfaidh fir
agus mná Érenn fa guth an cluicc-sin.’
Is oiriúnach go
maith an focal é ‘guth’ san abairt seo thuas, mar bíonn ‘teanga’ ag chloig
teampaill agus a leithéidí. Rud eile, is achomair í an abairt féin.
IDIR. ‘Acus, itir gach ní
dár indeis sé do, do indeis co fuair sé eolus gach neith diamhraigh da raibhe
sa scribtúir.’
‘Ar na daoine a
bhí i láthair bhí A.B.C...’ – is minic a bhíonn a leithéid sin i gcló, na
laethanta seo. Corruair féin, nárbh oiriúnach go leor ‘idir a raibh i láthair,
bhí A. B. C...’?
I(N). ‘Adubhairt Colam Cille
nach mbeidís fairis fén, muna trécdís an saeghal agus tect is na manchaibh.’
‘Teacht is na
manchaibh’ .i. ‘teacht isteach in ord na manach. ‘Chuaigh an cailín sin sna mná
rialta,’ a deir muintir Thír Chonaill, agus iad ag caint ar chailín a chuaigh
isteach in ord ban rialta.
IOMÁIN. ‘...agus tarla
imreasain iter sé agus mac rechtaire na Temra fa liathróid agus iad ag iomáin.’
San aois seo
deifre, agus gearradh aicearrach, is iontach nach fearr le scríbhneoirí ‘iomáin’
ná ‘iománaíocht.’
IONANN. ‘As inand don
bhanóigh an smuainedh sin agus an magh do thabhairt uaithe.’
Dúirt Bríd, tráth,
dá mba léi Má Life go léir, go dtabharfadh sí do Dhia í. Foilsíodh do Cholm
Cille an smaoineamh a bhí déanta ag Bríd; agus seo thuas an rud a dúirt
seisean.
LÁ. “Cia he an lá aniugh?”
ar sé. “An Satharn,” ar an t-oclach.”
Sin anois cineál
de chomhthéacs ina bhféadfaí, agus inar cheart, ‘an Satharn,’ ‘an Domhnach,’
srl. a scríobh. (Féach Déardaoin.)
LEAGADH. ‘...do bhen legadh
di.’
Le linn ‘do bhen’
(bhain) a úsáid, cuireadh i dtuiscint gur de fhíorthaisme a thit an té a thit.
LEATHFHOLT. ‘...lethfolt
Muiri...’
Duine a bheadh ag
iarraidh Gaeilge a chur ar ‘sidelock,’ b’fhéidir gurbh fhada a bheadh sé gan smaoineamh
ar ‘leathfholt’.
LIG (-IM). ‘...nir leic ecla
Findein dóibh an uireasbaidh sin do bhí orra d’indsin dó...’
Abairt chuimseach
go maith i bhfarradh is a leithéid seo, cuir i gcás: ‘Bhí an oiread sin eagla
orthu roimh Fhinden nár inis siad dó i dtaobh na huireasa a bhí orthu.’
LEITHNE. ‘...agus do bhí d’fhad
agus do leithne sa mbrat go rainec ó iarthar Ereann co hoirther Alban...’
‘Bhí de fhad agus
de leithne sa bhrat...’ – ba mhaith, corruair, leagan den chineál sin mar
mhalairt ar leithéid ‘bhí an brat chomh fada agus chomh leathan...’
LORG. ‘Acus do buail sé trí
buillí dá bachaill sa talmhain, agus do erich tobar as lorg gach buille díbh
sin.’
Ba dheacair brí na
habairte sin a fhaisnéis ní ba ghannfhoclaí.
MACHN(-AÍM). ‘...do
machtnaighetar na naeimh co rómhór ársaidhecht an tumba...’ (‘...the saints
marvelled greatly at the age of the tomb...’)
MARBH. ‘Guidhiss Colam Cille
Dia fa marbh na pesde do chur chuige san ionad a tiucfadh a long a tír a
n-Erind.’
An long ar a raibh
Colm Cille, agus é ag teacht anall chuig mórdháil Droma Ceat, tharla í i
gcontúirt a slogtha ag péist mhillteanach mhara. Foilsíodh an chontúirt do
Sheanach, gabha naofa a bhí, an uair sin, ag obair ina cheárta féin de chois
Loch Éirne. Bhí caor dhearg iarainn i mbéal na teanchaire ag Seanach, agus
theilg sé an t-iarann te uaidh sna firmimintí. Agus cá ndeachaigh an t-iarann
ach siar i gcraos na péiste gur mharaigh í, lom láithreach! Thug Dia do Cholm
Cille an achainí a d’iarr sé. Ar theacht i dtír do Cholm, fuair sé (corp) marbh
na péiste roimhe ar thrá Loch Feabhail. D’ordaigh sé an t-iarann úd a bhaint as
craos na péiste agus é a chur ar ais chuig Seanach. Agus rinne Seanach trí
chlog de .i. ‘Glunan Senaigh,’ ‘Gerr an Churuigh,’ agus clog eile a thug sé do
Nadhaile naofa.
Mhionnaigh an
Máirtíneach go mbeadh a bheo nó a mharbh leis,’ a deir muintir Thír Chonaill,
agus iad ag trácht ar an chaint a dúirt an t-oifigeach constábla úd nuair a bhí
sé ar tí an tAthair Mac Pháidín a ghabháil ina phríosúnach.
MARBH(-AIM). ‘Et marbhais
Aedh an fearond-sin do Dhia agus do Cholam Cille.’ .i. ‘thiomnaigh Aodh an
fearann choíche do Dhia agus do Cholm Cille’, nó ‘thug sé an fearann i mortmain
do Dhia agus do Cholam Cille.’
MÉAD. ‘Acus dubhairt nar
fhed sé a indisin ca mhéd budh tarbhach agus budh fogaintech do duine coimhet
na n-aingel do bheith air...’
Nach mór is cuimsí
an abairt sin ná leithéid ‘agus dúirt sé nach raibh sé ina chumas insint cad é
an méid tairbhe agus fónamh a dhéanfadh sé do dhuine na haingle a bheith ag
tabhairt aire dó’?
MÍDHÓCHAS. ‘...na heirgidh a
mídóchus ar trócuire Dé.’
B’fhéidir nach ar
leagan chomh hachomair ná chomh Gaelach sin a smaoineodh duine a n-iarrfaí air
Gaeilge a chur ar ‘do not lose confidence in the mercy of God.’
MONABHAR. ‘...do chuatar do
monmar ar Brenaind...’
‘...they took to
grumbling against Breanainn...’ an chiall atá bainte as an méid sin ag an
aistritheoir; agus is í an chiall cheart í, ar ndóigh, cé nach ‘do monmar in
aghaidh Bhrenaind’ atá sa Ghaeilge.
NAOMHÚ. ‘...agus ar naomhadh
na Sacraimintí do’ (le linn Aifrinn) ‘do ghoir sé chuice ar Cholm Cille.’
In ionad ‘naomhú,’
bheifí ag súil le ‘naomhchoisreacan’; ach is cosúil gurbh oiriúnach go leor le
Mánas Ó Dónaill ‘naomhú’ féin.
NEAMHTHOIL. ‘...is eidir
linn a rádha nar cuir Colam Cille dolas ar Axal ariamh ag deanamh a
neamhthoili.’
‘...ag deanamh a
neamhthoili...’ .i. ‘ag déanamh gnímh ar bith nach mbeadh toil Axal leis.’
‘Axal’ ab ainm do
aingeal choimhdeachta Cholm Cille.
Ó. ‘...gerbh fada Colam
Cille uatha ó chorp, an uair sin, bhí fariu ó spiraid...’
Mheasfaí, b’fhéidir,
nach mó ná gur fiú bheith á shonrú gurb ó spiorad atá ag Mánas Ó Dónaill san
áit a mbeadh ‘in spirit’ ag Béarlóir. Ach, dá mbeadh na miondifríochtaí chomh
beag sin de shuim, cad é an locht a bheadh ar ‘Tá mé i bhfiacha do Shéamas’ in
ionad ‘tá fiacha ag Séamas orm’?
OBAIR. ‘...is deimhin gorbh
obair tríchad fear a bhreith on loch gus an ionadh a fuil sí aniugh.’
Leac mhór chloiche
an rud atá faoi thrácht san abairt seo thuas. Cibé ar bith, is fada an abairt
chéanna ó ‘ghlacfadh sé’ (nó ‘thógfadh sé’) ‘tríocha fear í a thabhairt ón
loch.’
OÍCHE. ‘...an nech naomhtha
dochím-se fen gach oidhche Domhnuigh...’
‘Oíche Dhomhnaigh’
agus ní ‘oíche Dé Domhnaigh’ a deirtear i dTír Chonaill go fóill.
OIREAD. ‘...ata trí uired
Erenn in gach oilén dib.’
Leagan é sin is
dúchasaí i bhfad ná ‘tá gach oileán díobh trí huaire níos mó ná Éire.’
Beithíoch éanlaithe a mheasfaí bheith an-mhionda, cuir i gcás, déarfadh muintir
Thír Chonaill nach raibh “oiread do dhoirn ann.”
RE [LE]. ‘Agus táinec de
mirbuilibh Colaim Cille gor mhebhraigh sé legend na hecluisi re trí mí...’ (‘And
it came to pass, by the miracle of Columcille, that he’ (fear naofa darbh ainm
Mochunna) ‘mastered the learning of the Church in the space of three months.’
Ar tugadh faoi
deara ‘re’ á úsáid mar sin in áit ar bith eile?
SAMHL(ÁIM). ‘Et fetar a
shamhlughadh ris an gloine in gach gné dibh so...’
‘A shamhlughadh
ris an gloine’ .i. é do chur i gcosúlacht le gloine.
SCOIL. ‘Acus adubairt Mobi
rena sgoil iarsin he fen d’fhagbail agus sgaileadh ó celi.’
Cibé áras nó
foirgneamh a bhí ag an scoil, ní air, ach ar na scoláirí, a d’iarr Mobhi
scaoileadh ó chéile. Go fóill féin, is beag an méid de mhuintir Thír Chonaill a
thugann ‘scoil’ ar an fhoirgneamh ina dtig na scoláirí i gceann a chéile. Is
gnáthaí go mór leo ‘teach scoile’ a ghairm den fhoirgneamh.
SMAOINEAMH. ‘...Do batar na
clerich ga smuainedh créad é an lan budh ferr le gach naemh acu do bheith aige
san eclais.’ (‘... the holy men were wondering what each of them would liefest
have the church filled withal.’)
Cé acu is faide ón
Bhéarlachas – agus ó neamhchruinneas friotail – an abairt seo thuas nó ‘bhí
ionadh ar na naoimh céard é an rud ar mhaith le gach duine acu an eaglais do
líonadh leis’?
SOIRDHEAS. “Et Dardaín do
cuaidh sé do rádh a trath agus urnaighthe ar mullach cnuic atá soirdhes os cind
Tolcha Dubhglaisi.’
Corradh le ceithre
chéad bliain ó scríobhadh an abairt sin, fuarthas locht ar ‘soirdheas,’ ar an
ábhar gur ‘soir ó dheas’ an leagan ceart!
SUÍOMH. “Fectas dorinde
espoc na talmhan sin a raibh Colam Cille coindelbáthadh air, ag suidhiughadh
pecaidh marbhtha air nach derna sé.” (“...charging him with deadly sin he had
not done.”)
Lán chomh maith le
‘a chúiseamh le coir nárbh eisean a rinne í’!
TAISPEÁNADH. “O, a Choluimb
Cille, guidhim thú, a hucht an Dia da creidinn tú, an taispenadh tugais dam do
ceilt orm, óir is lór liom a bhfaca de.”
Mongán mac
Fhiachna, mac Rí Uladh, ba é dúirt sin le Colm Cille, tráth bhí sé i ndiaidh
amharc – trí shúile a anama- a fháil ar uafáis ifrinn.
Tugann muintir
Thír Chonaill ‘taiseánadh’ ar tharlú ba chosúil le rabhadh ó Dhia lena gcur ar
a bhfaichill roimh a n-aimhleas.
TAOBH(-AIM). ‘Beiris Colam
Cille na leabuir leis iar sin agus, ar dul a nAlbuin do, ruc na lebair les;
agus do bhí do chin ar na lebruibh sin aicce nach taebhabh sé a coiméd re duine
ar bith ach ris féin.’
Tá ‘taobhaim,’
agus an chiall sin leis, ina, ina fhocal coitianta go leor i dTír Chonaill go
fóill. Cuir i gcás, ‘thaobh mé le Seán an eochair a fhágáil ar ais san áit a
bhfaigheadh sé í.’ .i. d’iarr mé go deimhin ar Sheán an eochair a fhágáil ar
ais san áit ina bhfaigheadh sé í (agus mé ag súil go ndéanfadh sé mar a d’iarr
mé air).
TRÉIG(-IM). ‘...acus
adubairt’ (aingeal áirithe le Ciarán mac an tSaoir), “nar treicc se ar Dia acht
an culaidh tsaírse sin do bhí ga athair, agus gur treig Colam Cille righacht
Erind Air.” (‘...whereas Ciaran had given up for God naught save his
father’s labouring suit, Columcille had given up the Kingship of Erin.’)
Leagan suimiúil go
leor é ‘...nár thréig sé ar Dhia acht...’