acmhainn.ie

Oideas - Samhain 2004

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 11

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an t-aonú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
In a few hours Harley reached the inn where he proposed breakfasting; but the fullness of his heart would not suffer him to eat a morsel. He walked out on the road, and gaining a little height, stood gazing on the quarter he had left. He looked for his wonted prospect, his fields, his woods, and his hills; they were lost in the distant clouds! He pencilled them on the clouds, and bade them farewell with a sigh.

He sat down on a large stone to take out a little pebble from his shoe, when he saw, at some distance, a beggar approaching him. He had on a loose sort of coat, mended with different-coloured rags, amongst which the blue and the russet were the predominant. He had a short knotty stick in his hand, and on the top of it was stuck a ram’s horn; his knees – though he was no pilgrim – had worn the stuff off his breeches; he wore no shoes, and his stockings had entirely lost that part of them which should have covered his feet and ankles. In his face, however, was the plump appearance of good-humour; he walked a good round pace, and a crooked-legged dog trotted at his heels. – (Henry MacKenzie, 1745-1831)
 

Tráchtaireacht:

This is fairly simple. 'The fullness of his heart' – 'bhí tocht chomh trom san ar a chroí';
'on the quarter he had left' – 'sa treo baill as ar tháinig sé'. The ordinary past tense in Irish has frequently the force of the English pluperfect; 'his wonted prospect' – 'bhí sé tar éis dul i dtaithí de...' The English phrase had better be translated by a complete sentence in Irish. 'He pencilled' – get rid of the metaphor;  'He had on' – preface this description by – 'is amhlaidh a bhí an bacach san, agus...';       'predominant'  - 'an chuid ba mhó díobh'; 'his knees... his breeches,' – 'a dhá ghlúin sáite amach trína bhríste seanchaite'; 'plump appearance of good humour' – 'dealramh suilt ar a aghaidh ramhar'; 'a good round pace,' – 'go mear tapa'.
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

I gcionn roinnt uair an chloig shroich Mac Uí Arlaigh an teach ósta ina raibh socair aige a bhricfeasta a chaitheamh. Ach bhí tocht chomh trom sin ar a chroí nach ligfeadh sé dó pioc a ithe. Ghluais sé amach, agus tar éis tamaill den bhóthar a chur de, tháinig sé go dtí ardán. Siúd suas ar a mhullach é, agus d’fhan ina sheasamh ann ar feadh tamaill, ag féachaint anonn uaidh sa treo baill as ar tháinig sé. Bhí sé tar éis dul i dtaithí de pháirceanna agus de choillte agus de chnoic a dhúiche féin. Chuardaigh sé anois iad, ach níor fhéad sé iad a fheiceáil. Na scamaill úd i bhfad uaidh is fúthu sin thíos a bhíodar! Lig sé osna as. Dar leis go bhféadfadh sé samhail na dúiche sin a dhéanamh amach i measc na scamall. D’fhág sé slán aici go brónach.

Bhí cloichín istigh ina bhróig, agus shuigh sé ar chloch mhór chun é bhaint aisti. Lena linn sin cé a chífeadh sé chuige tamall uaidh ach an bacach! Is amhlaidh a bhí an bacach sin, agus saghas casóige móire leithe air, agus í deisithe paistithe le giobail ildathacha. Iad gorm nó buídhonn, an chuid ba mhó díobh. Bata beag fhadhbach ina láimh aige, agus adharc reithe amuigh ina bharr. A dhá ghlúin sáite amach trína bhríste seanchaite,  - bíodh nárbh aon oilithreach é. É cosnochta, ach seanphéire stocaí bheith ag clúdach a cholpa, agus gan faic díobh fágtha ar chois ná ar sheire leis. Ach dá shuaraí a bhí a sheanbhalcaisí bhí dealramh suilt ar a aghaidh ramhar. Bhí sé ag siúl roimhe go mear tapa, agus gadhairín coscham ar sodar lena shála.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile