An Lár-Aonad Aistriúcháin

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Folúntais mar Aistritheoirí

 

Tá an Lár-Aonad Aistriúcháin á bhunú sa Roinn le seirbhísí aistriúcháin a sholáthar do Ranna Rialtais agus d’Údaráis Déanta Rialachán, go háirithe i gcás ionstraimí reachtúla. Beidh sé freagrach as an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil chomh maith. Tá folúntais ag na gráid seo a leanas sa Lár-Aonad:

 

Aistritheoir (Grád II) – beidh an duine seo freagrach do Stiúrthóir an Lár-Aonaid.

Aistritheoirí (Grád III) – beidh siad seo freagrach d’Aistritheoir (Grád II).

 

Beidh na postanna lonnaithe i gceann d’oifigí na Roinne ag brath ar idirphlé idir na hiarrthóirí rathúla agus an Roinn bunaithe ar a riachtanais ghnó.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Roinn ag www.pobail.ie.

 

Chun eolas níos mine a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach ar ár láithreán gréasáin www.publicjobs.ie.

 

Táimid tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirimid fáilte roimh iarratais de réir gach ceann de na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.

 

Spriocdháta:      26 Samhain 2009