Caighdeán Leathan agus Caighdeán Cúng
De bharr an teanga
a bheith ag forbairt i rith an ama, tá bearna shuntasach tagtha chun cinn idir
an caighdeán scríofa agus nósanna áirithe sa teanga bheo. Cé nach bhfuil aon réiteach simplí ar an
deacracht seo, measann an Coiste nár mhiste aitheantas a thabhairt do dhá
leibhéal caighdeáin scríofa, caighdeán docht a bheadh soleanta agus somhúinte
don earnáil phoiblí agus lucht foghlama, agus caighdeán níos scaoilte bunaithe
ar Ghaeilge na Gaeltachta do dhaoine a fheidhmíonn go nádúrtha agus go
compordach sa mheán seo. Tá an meon seo
bunaithe cuid mhaith ar mholadh de chuid an Oll. Dónall Ó Baoill, a foilsíodh
in alt leis, “Athchaighdeánú” na Nua-Ghaeilge, An Aimsir Óg 2000, Cuid II (Coiscéim, 2000), lgh 128-139, áit a
bpléann sé an gá le Caighdeán Cúng don saol poiblí agus don fhoghlaimeoir ach
Caighdeán Leathan do chainteoirí Gaeltachta agus d’fhoghlaimeoirí foirfe.
Dá réir sin, agus i
bhfianaise roinnt freagraí a fuair muid ó chomhfhreagróirí Gaeltachta, moladh
roinnt leaganacha malartacha i gcomhthéacs na rialacha seo thíos, agus iad
luaite leis an gCaighdeán Leathan, ar an tuiscint go mbeidís nádúrtha ag
cainteoirí Gaeltachta ach deacair a thabhairt a thabhairt faoi riail a bheadh
somhúinte san earnáil oideachais.
Ní mór a rá nach
mbaineann an t-ábhar thíos ach le cúpla pointe achrannach a bhí ag cruthú
deacrachtaí dúinn le linn cheapadh na téarmaíochta agus, dá réir sin, nach
bhfuil muid ag maíomh go bhfuil an obair ar bhealach ar bith cuimsitheach. Theastódh acmhainní nach bhfuil againn chun
tabhairt faoi thaighde cuimsitheach ar an mbearna idir an teanga bheo agus an
caighdeán scríofa mar atá.
Tá an Coiste thar a bheith buíoch dár
gcomhfhreagróirí ar fad a chuir freagraí is comhairle orainn. Gan a ndea-mhéin, ní bheadh cosa faoi chuid
de na hathruithe atá molta thíos.
Séimhítear
aidiacht a cháilíonn ainmfhocal baininscneach san ainmneach, tabharthach agus
gairmeach uatha:
bean mhaith, don bhean mhaith, a bhean mhaith
·
Séimhiú ar an Ainmfhocal
Nuair
a leanann ainmfhocal nó ainm briathartha éiginnte ainmfhocal nó ainm
briathartha baininscneach san uimhir
uatha, is féidir go mbeidh an dara hainmfhocal séimhithe* nó lom, ag brath ar
an ngaol idir an dá ainmfhocal.
*Ach
amháin i gcás d, t, s agus f : féach 4 thíos.
(Féach freisin Nótaí don Chaighdeán Leathan,
lch 7.)
1: Séimhiú
Nuair a bhíonn an
chéad ainmfhocal á cháiliú ag an dara ceann mar a bheadh aidiacht ann,
séimhítear an dara hainmfhocal, mar a léiríonn na haicmí thíos:
(a) Brí aitreabúideach
(i)
más i gcáil aidiachta atá an dara hainmfhocal nó ainm briathartha:
gairm bheatha, bean chéile, oiliúint choirp
is intinne, tír dhúchais, oíche ghaoithe, litir mholta, giúis phortaigh,
litir thagartha, aiste théarma, uimhir
theileafóin, áit chónaithe, bean chaointe, bean ghlantacháin, cloch cheangail,
lámh tharrthála, bó mhaith bhainne, ubh dhonn chirce, uirlis úr chuardaigh,
teanga chaighdeánach mharcála
Ach
ní chuirtear an séimhiú i bhfeidhm má ghabhann aidiacht leis an ainmfhocal
sa
ghinideach:
oíche gaoithe móire, scian coise duibhe, tine
móna taise, cruimh snáthaide móire, leictreonaic gléasanna comhtháite,
uimhríocht pointe fhosaithe
(ii)
nuair a dhéanann an dara hainmfhocal idirdhealú idir dhá cheann (nó níos
mó)
de chineálacha éagsúla:
cill phlanda (seachas
cill ainmhí), clann mhac (seachas clann iníonacha), eitinn bhólachta (seachas
eitinn duine), traein phaisinéirí (seachas
traein lastais)
(iii)
nuair a insíonn an dara hainmfhocal ábhar an chéad chinn (is é sin, cad as
atá
sé déanta):
cos mhaide, cos chruach, culaith bhréidín,
coinneal chéarach, monarcha bhrící, seid choincréite, tine ghuail, tine mhaith
mhóna
Leid: Modh amháin le féachaint
cé acu feidhm aitreabúideach nó eile atá ag an dara hainmfhocal ná seiceáil an
dtéann an t-alt go nádúrtha roimh an dá ainmfhocal seachas eatarthu:
an bhean chéile (seachas bean an chéile),
an ghairm bheatha (seachas gairm na beatha), an chulaith bhréidín (seachas culaith an bhréidín), an chlann mhac (seachas clann na mac),
an chóir thaistil (seachas cóir an taistil), an tír dhúchais (seachas tír an dúchais)
(b) Brí chainníochta
Le
cainníocht nó méid chinnte a chur in iúl (ach
féach 2 (iii) thíos):
cloch mhine, deoir bhainne, glac thairní,
beirt fhear, dís bhan
(c) Brí chomhaisnéise
Le
comhaisnéis (is é sin, nuair a
chuirtear dhá ainmfhocal éiginnte – seachas i gcás daoine* - taobh le chéile agus go sainmhíníonn an
chéad cheann acu an dara ceann), bíonn
an dara ceann sa tuiseal ginideach agus séimhítear é:
stail chapaill, púróg chloiche, pusaireacht
ghoil, cabaireacht chainte, cleithireacht mhagaidh
*(féach
2 (v) thíos)
2:
Loime
Ní shéimhítear an dara hainmfhocal sna cásanna seo
thíos:
(i)
Nuair atá an chéad ainmfhocal ina thréith, ina pháirt de, le haghaidh nó faoi
úinéireacht an dara ceann*:
breáthacht mná, uaisleacht meoin,
aghaidh mná, ceathrú caorach, ceathrú míle,
cos capaill, iall bróige, lámh mhín cailín, scóig chúng buidéil, stiúir báid,
deis cainte, faill comhrá, scéim séarachais,
adharc sealgaire, bróg mná, comhairle mná,
sláinte duine
*(ach féach 3
thíos)
(ii)
Nuair is ainm briathartha nó ainmfhocal gníomhaíochta an chéad ainmfhocal agus
gur ainmní nó cuspóir an dara ceann aige ní shéimhítear an dara ceann:
admháil creidimh, bainistíocht punainne,
buachailleacht bó, foghlaim ceirde, forbairt pobail, géimneach bó, (ag) imirt
peile, innealtóireacht bogearraí, léim capaill, teip trealaimh, titim sneachta
Áirítear
ag fáil bháis, ag fáil bhisigh, (ag)
gabháil fhoinn, (ag) gabháil cheoil mar eisceachtaí agus séimhítear
iad.
Féach,
freisin, Nótaí don Chaighdeán Leathan,
lch 8.
(iii)
Nuair is cainníocht nó méid éiginnte*
atá i gceist, is é sin focail a bhfuil ciall mar breis, cuid, easpa, iomarca leo, ní shéimhítear an dara
hainmfhocal:
acmhainn grinn, aois gadhair, barraíocht
plámais, breis bainne, cuid mhór cainte, díth céille, easpa bia, iomarca
cainte, roinnt blianta
*(ach
féach 1 (b) thuas)
(iv)
Nuair is cnuasainm an chéad ainmfhocal dá bhfuil i gceist leis an dara
hainmfhocal, ní shéimhítear an dara ceann:
buíon ban, foireann cailíní, scuaine gasúr,
saithe beach, sraith dánta, táin bó
(v)
Má tá dhá ainmfhocal i gcomhaisnéis agus ag tagairt do dhuine, ní shéimhítear
an dara ceann:
baintreach óg mná, bonsach girsí, leibide
garsúin, maiseog girsí, óinseach mná
(vi) Is iondúil nach séimhítear i ndiaidh na bhfocal
seo a leanas i dteidil oifigiúla:
comhairle
[= comhlacht oifigiúil],
oifig, rannóg, roinn, seirbhís, scéim
Is
mar chnuasainmneacha a bhreathnaítear ar na focail sin i dteidil oifigiúla
seachas scéim agus seirbhís, áit a mbraitear an gaol “le
haghaidh” a bheith idir an dá ainmfhocal:
An
Roinn Cosanta, An Rannóg Pearsanra, An Oifig Slándála, An tSeirbhís
Póilíneachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Tharlódh
go bhféadfaí breathnú ar phéire ainmfhocal faoi dhá ghné éagsúil den riail,
agus go mbeadh an séimhiú nó an loime ceart de réir na gné den riail a
d’fheilfeadh:
ceathrú caorach
(cuid de chaora) / ceathrú chaorach
(ainm ar phlanda)
culaith mairnéalaigh (ar
le mairnéalach í) / culaith mhairnéalaigh
(stíl chulaithe)
gloine bheorach (cineál
gloine) / gloine beorach (lán le
beoir)
innealtóireacht bogearraí
(gníomh) / innealtóireacht bhogearraí
(cineál innealtóireachta)
monarcha brící
(áit a ndéantar brící) / monarcha bhrící
(déanta as brící)
teanga mionlaigh
(an teanga a labhraíonn mionlach áirithe) / teanga
mhionlaigh (teanga a bhfuil stádas íseal aici)
(ag) gabháil móna (gníomh)
/ gabháil mhóna (méid chinnte móna)
léim giorria
(gníomh) / léim ghiorria d’im
(meafar)
(ag) tógáil cathrach
(gníomh – cathair á tógáil) / tógáil
chathrach (ainmfhocal agus cáilitheoir – an tógáil a gheobhadh duine i
gcathair)
I
gcásanna áirithe, is faoi ghné amháin a bhreathnaítear orthu de ghnáth, mar
shampla:
clann mhac – féachtar ar
“mhac” mar ainmfhocal idirdhealaitheach seachas ar “clann” mar chnuasainm.
4: Rialacha maidir le
séimhiú ar fhocail dar tús d, t, s, agus f
(a) Séimhítear
aidiachtaí dar tús d, t, s, agus f i ndiaidh ainmfhocal baininscneach
(ar bith):
bó dhonn, líne thanaí, náire shaolta, súil
dhearg, bean dheas, grian thláith, áit
shábháilte, caint shalach, feoil shaor, slis thanaí, coimhlint thréan, gruaig
fhionn, obair fhíormhaith, cos fhada, seachtain fhliuch, áit fholaithe
(b) Séimhítear
ainmfhocail chinnte dar tús d, t, s
agus f i ndiaidh ainmfhocal ar bith,
uatha nó iolra:
foireann Dhoire, iníon Thomáis, Comhairle
Contae Shligigh, fear Dhún na nGall, imreoirí Chill Dara
(c) Ní
shéimhítear ainmfhocail éiginnte dar tús d,
t nó s i ndiaidh ainmfhocal
baininscneach dar críoch d, n, t, l
nó s:
cúirt dúiche, cúis dlí, bean tí, agóid
síochána, péist talún, min sáibh, scoil samhraidh, áit mhaith tine, bliain mhór siocáin
(d) Ní
shéimhítear ainmfhocail dar tús f i
ndiaidh ainmfhocal
baininscneach*:
oíche fómhair, bean feasa, foireann fichille,
cúirt filíochta, deoir fola
*(Féach
freisin Nótaí don Chaighdeán Leathan, lch 7.)
Séimhítear
aidiacht a cháilíonn ainmfhocal iolra dar críoch consan caol:
fir mhaithe,
báid bheaga
·
Séimhiú ar an Ainmfhocal
Nuair
a leanann ainmfhocal nó ainm briathartha éiginnte ainmfhocal iolra dar críoch
consan caol, moltar an dara hainmfhocal a shéimhiú* ach amháin nuair atá an
chéad ainmfhocal ina thréith, ina pháirt de, le haghaidh nó faoi úinéireacht an
dara ceann:
ábhair múinteoirí, baill comhairle, comhaid
bainisteora, imill bóithre, sliogáin
páiste, tuarastail múinteoirí
*Ach
amháin i gcás d, t, s agus f : féach thíos.
Rialacha maidir le séimhiú
ar fhocail dar tús d, t, s, agus f
(a)
Séimhítear aidiachtaí dar tús d, t, s,
agus f i ndiaidh ainmfhocal iolra
dar críoch consain chaola:
bailéid fhada, cinn dhonna, pinn thanaí,
teidil shamplacha
(b) Séimhítear
ainmfhocail chinnte dar tús d, t, s
agus f i ndiaidh ainmfhocal ar bith,
uatha nó iolra:
cumainn Shligigh, éin Fhiachra, innill
Thomáis, pobail Dhoire
(c) Ní
shéimhítear ainmfhocail éiginnte dar tús d,
t nó s i ndiaidh ainmfhocal
iolra dar críoch d, n, t, l nó s caol:
comhaid dlí, tomhais seomra, eastáit
tithíochta
(d) Ní
shéimhítear ainmfhocail dar tús f i
ndiaidh ainmfhocal
iolra
dar críoch consain chaola:*
baill foirne, crainn fuinseoige, comhaid
fuaime, imill féir, turais farraige
An Tuiseal Ginideach agus Aonaid Ilfhoclacha
·
Aonad
trí ainmfhocal éiginnte
Má thagann trí cinn (nó níos mó) d’ainmfhocail
éiginnte go díreach i ndiaidh a chéile, moltar iad a scagadh ó thaobh bhrí na
n-aonad mar seo thíos:
1. Nuair
is aonad brí an chéad phéire ainmfhocal agus go gcáilíonn an tríú hainmfhocal
an t-aonad cuirtear na gnáthrialacha i bhfeidhm:
scoil phobail – scoil phobail chathrach
2. Más
aonad brí an dara péire ainmfhocal agus gur ainm briathartha nó focal
gníomhaíochta an chéad cheann díobh sin, cuirtear sa ghinideach é:
lucht múchta tine, fear rite ráis, fear inste scéil,
fear díolta páipéar, scéim rangaithe sonraí, córas bainistíochta sonraí, clár
próiseála focal, Modh Anailíse agus Deartha Córas Struchtúra, treoir chuardaigh
tábla
3. Más
aonad brí an dara péire ainmfhocal agus nach focal gníomaíochta an chéad cheann
díobh sin, ní dhéantar infhilleadh ach ar an ainmfhocal deireanach, is é sin,
más úinéireacht nó cineál ruda atá á chur in iúl:
bata fear siúil, beannacht bean siúil, doras teach
ósta, díon teach pobail, sclátaí dín teach pobail, sos deireadh seachtaine,
teach ceann tuí, sciorta ceann easna, geansaí muineál turtair, riarthóir
bunachar sonraí, córas bainistíochta bunachar sonraí
Ach más feidhm
aidiachtúil atá á cur in iúl, is é sin cineál ruda á shainiú, leanann séimhiú
ainmfhocal baininscneach sa chéad áit:
léine bhean siúil, scoil cheann tuí
·
Ainmfhocal éiginnte agus cáilitheoir faoi réir ag
focail éiginnte ghinearálta
Má ghabhann aidiacht, nó ainmfhocal sa ghinideach i
gcáil aidiachta, le hainmfhocal éiginnte, moltar an t-ainmfhocal agus an
aidiacht a fhágáil gan infhilleadh i ndiaidh na bhfocal saghas, sórt, cineál
agus focal a bhfuil an bhrí ghinearálta
cineál, méid, cuid, easpa, iomarca leo:
sórt lá breá, go leor fíon dearg
·
Ainmfhocal éiginnte agus cáilitheoir faoi réir ag
réamhfhocal comhshuite
Má ghabhann aidiacht, nó
ainmfhocal sa ghinideach i gcáil aidiachta, le hainmfhocal éiginnte, moltar an
t-ainmfhocal agus an aidiacht a fhágáil gan infhilleadh i ndiaidh réamhfhocail
chomhshuite nó réamhfhocail a leanann an ginideach é de ghnáth:
i ndiaidh breac mór millteach, ar feadh tamall
mór, i lár garraí mór, le haghaidh doras gloine, le linn stoirm mhór, i
gcaitheamh lá breá, de bharr cogadh fíochmhar,
tar éis geimhreadh fada, i
dtaobh báid bheaga
Nótaí don Chaighdeán Leathan
Ar mhaithe le
simplíocht agus soiléire, fágadh na pointí seo ar lár as an gCaighdeán Cúng,
ach aithnítear go bhfuil samplaí mar seo thíos measartha coitianta sa chaint
bheo ach nach iad amháin atá le fáil.
·
Ainm
briathartha nó ainmfhocal gníomhaíochta
Cé
gur minic nach séimhítear ainmfhocal a leanann agus a bhíonn mar chuspóir nó
mar ainmní ag ainm briathartha nó ainmfhocal gníomhaíochta, faightear samplaí
dá mhalairt de nós sa chaint bheo i gceantair éagsúla, fiú i ndiaidh ainmfhocal
firinscneach:
(ag) imirt cártaí agus (ag) imirt chártaí
(ag) baint móna agus (ag) baint mhóna
(ag) cur prátaí
agus (ag) cur phrátaí
·
Séimhiú
ar f sa chaint bheo
Cé
gur minic nach mbíonn séimhiú ar an dara hainmfhocal dar tús f sa chaint bheo, tá samplaí den f séimhithe fanta inti i leaganacha
seanbhunaithe chomh maith. A leithéidí
seo:
(ag) baint fhataí, breoiteacht fharraige,
cruach fhéir, (ag) sábháil fhéir, cloch fhaobhair, dallóg fhraoigh, oíche
fhómhair
(Féach freisin 4 thuas.)