acmhainn.ie

Léirmheas - Deireadh Fómhair 2005

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA LÉIRMHEASANNA AR FAD GO DTÍ SEO)



Seán Mac Corraidh
Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar)
167 leathanach. Ní luaitear praghas.
ISBN: 090375861X

Tá meas ar Sheosamh Mac Grianna mar dhuine d’údair mhóra fhorásacha na Gaeilge. Dar ndóigh, bhris sé amach as an iomaire a threabhaigh a dheartháir mór Séamus go luath ina shaol; san áit ar chaomhnóir agus cuimhnitheoir a bhí annsan, ‘caint na ndaoine agus úsáid déanta di ar dhóigh eile’ an manadh a bhí ag Seosamh, dearcadh atá le feiceáil go rábach ina shaothar bun barr. D’ainneoin a ionaid ghradamúil i gcanóin liteartha na Gaeilge, tá sé de mhí-ádh air go bhfuil formhór a shaothair as cló, cás atá fíor faoi mhórán den nualitríocht. De bharr éileamh leanúnach a bheith ar Mo Bhealach Féin, ar chúrsaí tríú leibhéal, tá sé i gcló i gcónaí, ach ba mhaith an mhaise dá shaothar é an t-iomlán a bheith ar fáil ag leitheoirí na Gaeilge.

    Gné eile de shaothar an Ghriannaigh na haistriúcháin a rinne sé ar leabhair eile – leabhair fhada cuid mhaith acu; úrscéalta toirteacha a d’fhág gur aistrigh sé chomh hard le milliún go leith focal go Gaeilge ar fad. Bhí Seosamh trom ar an Ghúm de dhíobháil an tsaothair seo, ag maíomh dó gur mhill an obair a chruthaitheacht, agus glacadh lena bhreithiúnas ar feadh i bhfad. Ach tá tuairimí eile ag teacht chun cinn ar na mallaibh faoi scéim aistriúcháin seo an Ghúim, a aithníonn go ndearna siad tairbhe agus seirbhís mhór don Ghaeilge as ábhar léitheoireachta ilghnéitheach a chur ar fáil do ‘ghnáthléitheoirí.’ Ní minic a amharctar ar na haistriúcháin seo mar chuid de shaothar cruthaitheach Mhic Grianna, ach taispeánann Seán Mac Corraidh dúinn sa leabhar seo an mheancóg mhór atá déanta leis an neamhshuim seo. Bíonn beatha dá chuid féin ag an aistriúchán agus is féidir a mhaíomh go gcuireann an t-aistritheoir tois bhreise leis an bhunsaothar ar mhéid agus a chuireann sé a lorg féin ar an téacs. Duine neamhspleách a bhí sa Ghriannach a raibh eolas as cuimse aige ar acmhainní a chanúna féin mar uirlis chumarsáide agus, in atmaisféar chogadh na gcanúintí a bhí faoi lánseol lena linn, a raibh dúshlán le comhlíonadh aige, ionas go dtaispéanfadh sé go bhféadfadh a chanúint dhúchais feidhmiú i leith bhunteanga na saothar a d’aistrigh sé. Diomaite d’fhoclóir an Duinnínigh agus d’fhoclóir Béarla-Gaeilge Lane (1904), bhí Mac Grianna i muinín a chuid eolais ar a chanúint féin mar acmhainn a chuirfeadh ar a chumas na téacsanna seo a aistriú.

    Sa scrúdú mionchúiseach atá déanta ag Seán Mac Corraidh, léiríonn sé a fheabhas agus a d’éirigh leis an Ghriannach a chuid spriocanna a bhaint amach. Dar ndóigh, ní hé sin is príomhchuspóir don leabhar seo. Bonn feidhmeach seachas bonn teoiriciúil atá ag an staidéar seo ar fhoclóir na n-aistriúchán agus an buntéacs i gcónaí i gceist mar áis chompáráideach. Tá  liosta substaintiúil d’fhocail, de nathanna agus de fhrásaí tiomsaithe ag Mac Corraidh, agus is fiú go mór aird a dhíriú orthu. Mar atá léirithe ag Máirín Nic Eoin le gairid in Trén bhFearann Breac, bíonn ar an scríbhneoir Gaeilge de shíor a bheith ag aistriú agus ag cur riocht Gaeilge ar dhomhan an Bhéarla.

    Tá de bhuntáiste againn ag léamh an tsaothair seo dúinn go bhfaighimid léargas ar na modhanna a d’úsáid scríbhneoir amháin, fear a raibh máistreacht dhúchasach aige ar an teanga, leis an sprioc seo a bhaint amach. Ina réamhrá cuimsitheach, tuisceanach, míníonn Mac Corraidh na teicnící éagsúla ar bhain Mac Grianna feidhm astu: cumadóireacht focal agus meafar, cumadh seanfhocal, gaelú trí thraslitriú, agus in amanna an Béarla a fhágáil gan athrú mar bhí sé.  Maíonn Mac Corraidh gur beag treoir a fuair an Griannach ó thaobh an aistriúcháin, agus go raibh saoirse go leor aige dá réir sin. Faigheann Mac Corraidh locht ar an chur chuige seo de bharr an neamhleanúnachais a bhaineann dó. Mar shampla amháin de seo, is féidir an dá théarma a bhí ag an Ghriannach ar ‘architecture’ a lua: ‘ardshaoirse’ (Ben Hur 1933), agus ‘obair chloiche’ (Ivanhoe, 1937). San am chéanna is féidir a mhaíomh go bhfóireann an dá leagan éagsúla seo ina gcomhthéacs féin. Nuair a chuimhnítear ar na difríochtaí atá idir an Ghaeilge agus an Béarla  agus an foclóir a tháinig chun cinn sa teanga sin mar mhórtheanga náisiúnta agus idirnáisiúnta, léirítear a fheabhas agus a d’éirigh leis an Ghriannach an teanga a lúbadh agus a fhairsingiú i leith a  chuid riachtanas. Chuala mé an t-eagarthóir a rá nach dtiocfaí a aithne ar Eadarbhaile, aistriúchán ar Adrigoole le Peadar O’Donnell, gur aistriúchán a bhí ann. Mar sin féin is suimiúla liom féin an dóigh ar fhreagair Mac Grianna don dúshlán teanga mheán-aicmeach chathrach na n-úrscéalta Béarla a chur i nGaeilge nádúrtha. Mar shampla, b’éigean dom féin foclóir Béarla a tharraingt orm go bhfuair mé amach cad é a bhí in pouncet-box, is é sin, bosca beag a gcuirtear cumhráin isteach ann. ‘Comhairín cumhraise’ an leagan snasta a sholáthraigh Mac Grianna. Úsáideann sé ‘casachtach chéillí a dhéanamh’ mar aistriú ar ‘to cough discreetly’ agus ‘imeacht go fadcheannach’ ar ‘to withdraw discreetly.’ Is breá liom an leagan ‘dúilbhriste’ ar ‘disappointed.’ Arís ‘caschomhla’ a chum sé mar leagan ar turnstile, agus ‘scáthbhrat’ ar canopy. Is léir ar an sampla dheireanach sin nár mhiste leis leas a bhaint as nós na gcomhfhocal nuair a d’fhóir sin dá chás, ach chloígh sé go minic le nós na Gaeltachta, dhá ainmfhocal agus an dara ceann sa ghinideach. Is díol suime an líon samplaí atá liostáilte faoi na ceannfhocail ‘fear’ agus ‘lucht’ mar shampla: ‘fear cathaoire’ (cathaoirleach), ‘fear claonbharúlach’ (biogóid), ‘fear dhéanta an bhealaigh’ (treoraí), ‘fear giollachta’ (uiséir);  ‘lucht an ain-chreidimh’ (infidels), ‘lucht comhraic’ (antagonists), ‘lucht gaimbín’ (usurers) agus mar sin de. Is fiú aird a dhíriú fosta ar an líon samplaí atá liostáilte faoin fhocal ‘marbh-’:, ‘marbhchallán’, ‘marbhcheo’, ‘marbhdhéanta’, ‘marbhfhuaimneach’, ‘marbhghorm’ etc. Nuair a dhéantar staidéar ar na samplaí seo go léir, foghlaimíonn an léitheoir leithead agus meáchan an fhocail mar réimír, rud a spreagfadh é nó í le meabhrú ar an dóigh a bhféadfaí tuilleadh sínte a chur leis, nó, go dearfa, le focail eile dá shórt.

    Meabhraíonn an saothar seo dom an méid Gaeilge a thóg mé féin as Muintir an Oileáin nuair a d’ullmhaigh mé an dara heagrán don chló roinnt blianta ó shin. Is cinnte go gcuireann saothar Mhic Chorraidh áis thábhachtach ar fáil sa mhéid agus go bhfuil leaganacha maithe an Ghriannaigh le fáil in aon áit amháin.

    Tá na liostaí lomlán le samplaí den chruthaitheacht ghéarchúiseach agus is maith an mhaise d’aon duine ar spéis leis focail agus foclóireacht staidéar a dhéanamh orthu; ‘an áit a mbíonn mian bíonn caoi,’ mar thiontú ar ‘where there’s a will there’s a way’, agus ‘bíonn an athstair ann,’ ‘history repeats itself.’  Taispeánann na samplaí deireanacha seo go bhfuil múnlaí sa Ghaeilge a fhreagraíonn dá macasamhail i mBéarla ach samhlaíocht agus cumas an aistritheora a bheith ag cur le chéile. Dar ndóigh, cuid mhór den chumas sin an t-eolas a bhí ag Seosamh ar a theanga dhúchais agus an mhuinín a bhí aisti dá réir sin. Leagan breá eile a léiríonn an intinn fhileata an Ghriannaigh,  ‘blár an ghainimh’ mar Ghaeilge ar ‘desert,’ agus ‘mac filíochta’ ‘apprentice poet.’ I gcás na Gaeilge an áit ar foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn i gcuid mhaith aistritheoirí, nó b’fhéidir ina mbunús, ní miste an soiscéal chur chun tosaigh arís go gcaithfear ‘deachmaí na teanga a íoc.’ Rómhinic, de dhíobháil nach bhfuil muinín acu féin as an smacht atá acu ar an teanga, bíonn aistritheoirí faoi chrann smola ag an bhuntéacs ionas nach mbíonn san aistriúchán go minic ach scáth éadrom a bhfuil bunchnámha an Bhéarla le feiceáil tríd i gcónaí. Is sampla maith iad na samplaí atá liostáilte ag Mac Corraidh anseo den dóigh le teacht timpeall air sin.

    Chomh maith le liosta na bhfocal i nGaeilge, tugann Mac Corraidh innéacs Béarla de na téarmaí atá ina chuid liostaí, rud a éascaíonn go mór an cuartú. Focal amháin a chonaic mé a shíl mé a bheith as alt faoin cheannfhocal ‘bearnach’. Is é an leagan a bhíonn ar an fhocal seo i nGaeilge Thír Chonaill, bearnaidh, seantabharthach reoite a leanann múnla focal ar nós tinidh (tine), collidh (coill) agus ardaidh (ard). Críochnaíonn ginideach na bhfocal seo ar –(e)adh de ghnáth, a fhuaimnítear mar “ú”, e.g. cois tineadh, lár na coilleadh, muintir na hArdadh. B’fhéidir gurb é an litriú atá air san aistriúchán féin, ‘bearnaigh’, a bhain a mhíthapadh as an eagarthóir.

    Saothar tábhachtach é seo, de thairbhe an léargais a bheir sé ar chanúint agus ar fhriotal Gaeilge Mhic Grianna agus é á n-úsáid ‘ar dhóigh eile’. Tá sé tábhachtach fosta ar an ábhar go gcuireann sé eiseamláir mhaistriúil ar fáil den rud is féidir a bhaint amach le haistriúchán. Níl aon amhras orm ach go mbeidh an leabhar seo ina théacsleabhar ar na cúrsaí iomadúla aistriúcháin atá ag péacadh aníos i ngach áit anois agus Acht na dTeangacha Oifigiúila mar spreagadh acu. Sa mhéid sin, beidh na sleachta samplacha i gcúl an leabhair ina gcuidiú mór ag an mhionscagadh is gá a dhéanamh le próiseas an aistriúcháin a thuiscint i gceart. B’fhearr liom féin roinnt eile acu seo a bheith ann, sílim, ach is locht neamhshuimiúil é seo ar shaothar fónta d’ardchaighdeán a chuireann go mór lenár n-eolas ar cheird agus ar chleachtas an aistriúcháin.

Lillis Ó Laoire


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile