acmhainn.ie

Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta



 

Tá moltaí nua ón gCoiste Téarmaíochta maidir le pointí áirithe gramadaí a shimpliú agus a shoiléiriú. Breis eolais anseo


Saothar an Choiste Téarmaíochta (ar fáil anseo)

Foilsímid cnuasach de liostaí téarmaí a d’ullmhaigh an Coiste Téarmaíochta. Áis shárluachmhar is ea é do lucht úsáidte na Gaeilge. Is de réir a chéile a chuirfear an bunachar le chéile. Toisc na comhaid a bheith an-mhór tá leathanach ar leith curtha ar leataobh againn, maraon le nótaí agus nuacht a bhaineann le hobair an Choiste. I measc an tsaothair nua tá:

  • Oll-liosta Téarmaíochta
  • Foclóir Litríochta agus Critice
  • Ainmneacha Plandaí is Ainmhithe
  • Foclóir Bitheolaíochta
  • Foclóir Eolaíochta
  • Foclóir Fiseolaíochta agus Sláinte
  • Foclóir Geolaíochta agus Geoifisice
  • Téarmaí Adhmadóireachta
  • Foclóir Parlaiminte
  • Foclóir Réalteolaíochta
  • Téarmaí Teilifíse agus Raidió
  • Foclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíochta Faisnéise

agus cnuasaigh a bhaineann le:

  • Obair oifige
  • Cócaireacht
  • Miondíol
  • Stair
  • Bia agus deoch
  • Corpoideachas
  • Miotalóireacht

saothar an Choiste Téarmaíochta ar fáil anseo


Foclóirí agus liostaí téarmaíochta eile

Ginearálta

NUA Focloir an Duinnínigh
Leagan leictreonach d’Fhoclóir an Duinnínigh, curtha ar fáil ag Ollscoil Luimnigh.
http://glg.csisdmz.ul.ie/fgb/iomhanna/index.php?menu

 

NUA Focloir Gaeilge.ie
Comhfhoclóir Gaeilge-Béarla é seo atá scríofa, curtha in eagar agus smachtaithe ag na h-úsáideoirí féin.
http://www.focloirgaeilge.ie/

NUA Eurodicautom
Bunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh
https://iate.cdt.eu.int/iatenew/consultation/search/basic.jsp

An Lámhleabhar Miondíola
Téarmaí siopadóireachta, ollmhargaidh srl. Foras na Gaeilge a d'fhoilsigh.
http://www.forasnagaeilge.ie/dynamic/publications/L%C3%A1mhleabhar%20Miond%C3%ADola%20(S).pdf

Ainmneacha na nÉan
Colm Ó Caomhánaigh a réitigh an liosta Béarla-Gaeilge, Gaeilge-Béarla seo.
http://gofree.indigo.ie/~cocaomh/HomePage.htm

An Foclóir Stairiúil
Le foireann Fhoclóir Stairiúil Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá roinnt iontrálacha samplacha ann a léiríonn cur chuige agus ábhar an tionscadail mhóir seo.
http://www.ria.ie/projects/fng/reamhra.html

Bunachar Téarmaíochta Chomhairle Airí an Aontais Eorpaigh
Is féidir bunachar téarmaíochta Chomhairle Airí an Aontais Eorpaigh a chuartú ag an seoladh seo: http://tis.consilium.eu.int/
Níl le déanamh ach dul go dtí TIS Enquiry Interface, teanga an bhuntéacs agus teanga an aistriúcháin a roghnú, an focal atá uait a chló isteach agus cliceáil ar an gcnaipe cuartaithe. Ní hé amháin go n-aimsítear an téarma Gaeilge (más ann dó), ach soláthraítear samplaí d’úsáid an téarma ó cháipéisí de chuid na Comhairle. Fuarthas 25 sampla d’úsáid an fhocail ‘cuóta’, cuir i gcás. Táimid buíoch do Panu Höglund as muid a chur ar an eolas faoin láithreán seo.

An Foclóir Beag
Comhéadan a ligeann duit An Foclóir Beag (an Gúm, 1991) a chuardach ar líne. Roinn na Ríomheolaíochta, Ollscoil Luimnigh a dhear é. Is é bua mór an láithreáin seo ná go bhfuil cuntas cuimsitheach gramadaí ann ar thuisil, ar aimsirí, ar fhoirmeacha ceisteacha agus diúltacha agus ar rudaí eile nach féidir a chlúdach i bhfoclóir clóite, cheal spáis.
http://www.csis.ul.ie/focloir/


NUA Dlí
Liosta de Théarmaí Dlíthiúla
Is é atá anseo na téarmaí oifigiúla a ceadaíodh leis an Ordú Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 1), 1947. Rinneadh an cnuasach a bhaint as an Irish Statute Book Database 1922-1998. Tá an cnuasach seo ar fáil i bhformáidí éagsúla. Tabhair faoi deara go litrítear "Téarmaí Dlí" go mícheart ar an leathanach tosaigh den fhoclóir - téann an litriú seo siar go dtí an chéad eagrán den liosta. Cuirtear na téarmaí seo ar fáil le caoinchead Sheirbhís na gCúirteanna.

Leagan HTML anseo
Leagan Word anseo
Leagan PDF anseo


An Earnáil Phoiblí
An Tobar
Cnuasach de théarmaí Gaeilge don earnáil phoiblí a d’fhoilsigh Bord na Gaeilge i bhfoirm leabhráin sa bhliain 1996. Ar na réimsí a chlúdaítear tá bóithre agus trácht, cúram ospidéil agus cúram pobail, obair an fháilteora/an ghuthánaí, sráideanna, bóithre agus eastáit, cúrsaí airgeadais agus boird agus comhairlí.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~smacsuib/bng/tobar/


An Litríocht
Foclóir Gaeilge-Béarla do Chúirt an Mheán Oíche
Gluais a d’ullmhaigh Nollaig Ó Fathaigh le haghaidh mhórshaothar Merriman. Tá tuilleadh ábhair ar an láithreán a bhaineann leis an ábhar céanna.
http://www.homesteader.com/merriman/glossary.html

Foclóirín Gaeilge Chúige Uladh
Liosta focal as saothar údair Ghaeltacht Chúige Uladh.
Fágadh an litriú mar a bhí sna buntéacsanna.
http://www.geocities.com/Athens/8308/Voces-Uladh.html

NUA Canúint Chúige Uladh
'Gréasán Focal Gaeilge', foclóir Ultach bunaithe ar lámhscríbhínní Conallacha i gcartlann Roinn Bhéaloideas Éireann.
Leis an Dr Diarmuid Ó hAirt. Fógraítear nach bhfuil an obair tugtha chun críche go fóill agus go mbeifear ag cur leis de réir a chéile.
http://homepage.eircom.net/~gfg/m.htm

NUA Tús le Foclóir Ultach
'An Embryonic English-Ulster Irish Dictionary' a thugann Ciarán Ó Duibhín air seo. Saothar leanúnach atá ann, a mbeifear ag cur leis i gcónaí.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/fbg.txt

Tá foclóir eile idir lámha ag Ciarán Ó Duibhín de Ghaeilge Oirthear Uladh.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/eufocloir.doc


Logainmneacha

Gasaitéar na hÉireann
Is féidir leagan nua de Ghaisaitéar na hÉireann a íoslódáil anois i bhfoirm Word.
http://www.logainm.ie

Orduithe Logainmneacha
Orduithe oifigiúla maidir le logainmneacha.
Orduithe a bhaineann le Ceantair Ghaeltachta; Cúigí agus Contaetha; agus na contaetha seo a leanas: Cill Chainnigh, Muineachán, Uibh Fháilí, Lú, Luimneach agus Port Láirge
http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/AnBrainseLogainmneacha/OrdaitheLogainmneacha/

Irish Placenames Database
Eolas ar logainmneacha Chontae na Gaillimhe. Is minic an leagan Gaeilge fágtha ar lár, ach tá roinnt eolais ann a d’fhéadfadh a bheith úsáideach.
http://www.galway.net/gcs/GCS?h=gis.listplaces&c=10

Logainmneacha Ghleann Cholm Cille
Dornán beag de logainmneacha an pharóiste Ghaeltachta seo de chuid dheisceart Dhún na nGall. Ar láithreán Oideas Gael atá sé.
http://home.primus.com.au/conaill/gleann/html/logainmneacha.html

Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath
Saothar leanúnach taighde le Séamas Ó Brógáin a bhfuil sé de chuspóir aige leaganacha údarásacha Gaeilge a sholáthar ar shráidainmneacha na príomhchathrach agus iad a bheith cruinn ó thaobh na staire agus na gramadaí.
http://www.iol.ie/~sob/sraid

NUA Locus
Leagan inchuardaithe den leabhar Onomasticon Goedelicum: locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae: an index, with identifications, to the Gaelic names of places and tribes le Edmund Hogan, S.J.  Tionscadal de chuid Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
http://doi.ucc.ie

NUA Aibhneacha
Liosta d'ainmneacha aibhneacha, srutháin srl.
in Éirinn agus in Albain. Ó shuíomh na hirise léinn Ainm, Journal of the Ulster Place-name Society. Ní thugtar leagan Gaeilge i ngach cás, ach tá eolas fíorluachmhar ann.
http://www.ulsterplacenames.org/ainm_index_by_waters.htm

NUALogainmneacha de réir contae
Liosta de logainmneacha a pléadh san iris léinn Ainm, Journal of the Ulster Place-name Society.
Béim ar leith ar Chúige Uladh. Arís, ní thugtar leagan Gaeilge i ngach cás, ach tá eolas fíorluachmhar ann..
http://www.ulsterplacenames.org/ainm_index_by_counties.htm


Réalteolaíocht
Foclóir réalteolaíochta
Gluais beag téarmaí le Pól Ó Dúrois a ullmhaíodh chun tacú leis na míreanna réalteolaíochta a chuireann sé i láthair ar Blas, clár Gaeilge de chuid BBC Raidió Uladh.
http://www.bbc.co.uk/northernireland/blas/astronomy/glossary.shtml


Ríomhaireacht agus Próiseáil Focal
1,000 Téarma Ríomhaireachta
Liosta Gaeilge-Béarla, Béarla-Gaeilge de théarmaí ríomhaireachta a réitigh FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
http://www.dcu.ie/fiontar/focloiri.shtml

Bunachar téarmaíochta inchuardaigh le haghaidh an bhrabhsálaí OPERA
Más cainteoir Gaeilge, Breatnaise nó Briotáinise thú atá ag lorg téarma a bhaineann le Teicneolaíocht an Eolais níor mhiste duit triail a bhaint as seo. Is é atá ann bunachar de théarmaí idirlín a úsáideadh le linn do bhrabhsálaí OPERA a bheith á dhearadh. Is féidir téarmaí a chuardach go dátheangach ag úsáid aon phéire de na teangacha thuasluaite. Is féidir Fraincis agus Béarla a úsáid chomh maith.
http://www.eblul.org/dart/search.htm


Fóram Ríomhphoist

Cuardach

Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta

Naisc

Athchló

Nuacht

 

Baile