acmhainn.ie

Léirmheas - Samhain 2005

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA LÉIRMHEASANNA AR FAD GO DTÍ SEO)



Farasbarr Feasa ar Éirinn
Alf Mac Lochlainn
Coiscéim 2005
93 leathanach

Iarracht atá sa leabhrán seo a bhfuil d'eolas stairiúil, cultúrtha etc in Foclóir Gaedhilge agus Béarla an Athair Pádraig Ó Duinnín (1927) a chur ar fáil go héasca, córasach. Páirt de bhua an fhoclóra sin an méid eolais a sholáthair an Duinníneach thar mar a bhí riachtanach chun an ceannfhocal a shainmhíniú. Mar shampla, i ndiaidh dó slighe a shainmhíniú le 'a way, road or avenue' thug an Duinníneach liosta de sheanróid na hÉireann: 'Slighe Asail, Tara to the Shannon; Slighe Dála, including Bealach Mór Osraighe, to Ormond; Slighe Miodhluachra, to Eamhain; Slighe Cualann, from Slighe Miodhluachra to Bohernabreena, Co. Dublin; Slighe Mhór, from Áth Cliath Cualann (Dublin) via Eiscir Riada to Áth Cliath Meadhraidhe.'

Eolas ciclipéideach atá sa mhéid sin, murab ionann agus eolas foclóireachta, agus tá mórshaothar an Duinnínigh breac le tagairtí don bhéaloideas, don stair, don litríocht, don mhiotaseolaíocht, do bhia agus dá lán eile (Molann Mac Lochlainn 'foras feasa' mar leagan Gaeilge ar encylopedia. Is deas an leagan é, ach tá sé deacair aidiacht a dhíorú de. Is dá bharr sin a scríobhaim 'ciclipéideach'). Tá Mac Lochlainn le moladh nuair nár ghéill sé don chathú siamsa agus greann ar fad a dhéanamh den fhiontar seo, mar is nós le daoine agus iad ag trácht ar fhoclóir an Duinnínigh, ach díriú ar na seoda eolais ar fud leathanaigh an fhoclóra. Luann sé cuid de na hiontrálacha is greannmhaire leis féin sa réamhrá, ach ní dhéanann scéal fada de.

Ar leathanaigh 15 go 25 den leabhrán ('Clár na nÁbhar'), rangaítear na hiontrálacha ciclipéideacha faoi cheannfhocail éagsúla.  Faoin cheannfhocal 'caora', mar shampla, gheofar na hiontrálacha ar fad a thugann léargas ar an ainmhí sin. Seo an chuid is tábhachtaí den leabhrán, agus tá rath an fhiontair ag brath ar cé chomh cruinn, cuimsitheach is a rangaítear an t-ábhar ann. Ar leathanaigh 28 go 93 ('Na Sleachta Tofa'), tugtar na hiontrálacha ciclipéideacha iomlána in ord aibítre, ar mhaithe leis an 'léitheoir leisciúil'. Tá léitheoireacht thar a bheith taitneamhach sa liosta sin, agus is cinnte go léifidh go leor daoine le fonn é, beag beann ar chuspóir an údair 'clár ábhar a ullmhú don "foras feasa" sin, an Encyclopedia Hibernica, NÁR scríobh an tAth. Ó Duinnín.'

Cuspóir inmholta, ach is eagal liom gur obair do bhuíon scoláirí a bheadh ann dá mbeifí le thabhairt faoi mar is ceart, agus go raibh an t-ualach oibre rómhór do dhuine aonair. A fhianaise sin an iomad botún litrithe sna ceannfhocail féin, mar shampla: Fionn Mac Cumhaill: 20 [recte mac Cumhaill - ní raibh an córas sloinnte i réim le linn na Féinne]; Cuchulainn: 19, fomhar: 20; ciall ceannaigh [recte ciall cheannaithe]. Ní bhíonn saoi gan locht, ach tá cruinneas litrithe riachtanach i saothar foclóireachta den chineál seo, agus d'fheall na foilsitheoirí ar an údar nuair nár chaith siad tuilleadh dua leis an ghné seo den obair. Más dírithe ar léitheoirí an lae inniu atá an leabhrán seo, níor mhiste na ceannfhocail a chur ar fáil sa litriú nua, i gcás go bhféadfadh an seanlitriú léitheoirí a chur dá dtreo, mar shampla: Cinniúint: cinneamhain. Níl sa mhéid sin ach mo bharúil féin, ach tugann litriú an údair féin le fios go ndearnadh iarracht a leithéid de pholasaí a chur i bhfeidhm, thall is abhus, mar shampla 'fomhar' [sic], san áit a bhfuil 'fóghmhar' ag an Duinníneach.

Fabhta níos bunúsaí is ea mí-eagar na gceannfhocal i gClár na nÁbhar, agus an córas féin a bheith lochtach. Nár cheart 'blastán' a liostú faoin gceannfhocal 'bia' seachas ceannfhocal ar leith a dhéanamh de? Nár cheart crostagairt a bheith idir leithéidí 'fo-cheantair tíre' agus 'cúigí' ó tharla gur fo-cheantair tíre atá sna cúigí? Nár cheart crostagairt a bheith idir 'eaglaiseolaíocht' agus 'creideamh' ó tharla iad a bheith chomh gar dá chéile agus iontrálacha faoi gach ceann acu a d'fhóirfeadh go breá don cheann eile? Tugann Mac Lochlainn an iontráil 'Murchadh' faoi cheannfhocal 'stair', agus an ceart ar fad aige: 'a personal name, especially of the notorious Earl of Inchiquin, Murchadh na dTóiteán, Morrogh of the Burnings, a terrorist of the Civil War.' Cén fáth, áfach, nach bhfuil 'bríbhéir' faoin cheannfhocal céanna: 'a brewer, an B. the Brewer, Cromwell; Beacha an Bhríbhéara, the Cromwellian Settlers.'

Is é is measa ná go bhfágtar eolas ciclipéideach atá i bhFoclóir Gaedhilge agus Béarla ar lár sa chnuasach seo. Féach, mar shampla an iontráil 'coraintín' san fhoclóir sin: quarantine; an interval, a space of time; Oileán an Ch., Ellis Island, New York.' Is eolas ciclipéideach é sin. Ní raibh an t-ainm Gaeilge ar Ellis Island riachtanach le brí an fhocail 'coraintín' a mhíniú. Léargas ar mheon agus ar thaithí na nGael san Oileán Úr atá ann, agus ní thuigim cén fáth a bhfágfaí ar lár é i saothar den chineál seo. Féach mar an gcéanna an t-eolas ciclipéideach a sholáthair an Duinníneach san iontráil 'Nás' is nach gcuirtear ar fáil arís in Farasbarr Feasa ar Éirinn:
 

'omen, augury; fate, forfeit; commemoration, a commemorative assembly, a fair, Naas, seat of the Kings of Leinster till A.D. 804, al. called N., N. Laighean, N. na Ríogh; n. báis, a commemoration of the dead; dá mbadh n. dó a cheann do chailleadh, if he were fated to lose his head (suffer death); dá mbadh n. dam mo bheatha do chailleadh leis, even if I were to forfeit my life for it (N.Con.)'


Ní hé gur chuardaigh mé foclóir an Duinnínigh sa tóir ar eolas ciclipéideach nach bhfuil sa leabhar atá á léirmheas agam. Níl ann ach dhá shampla ó chuimhne, ach spreagann sé amhras in aigne an léitheora faoi cé chomh hiomlán is atá an Clár Ábhar. An clár cuimsitheach córasach atá ann, nó rogha phearsanta an údair? Agus mura bhfuil sé cuimsitheach, cén fheidhm atá leis?

Rud eile de, ní i gcónaí a bhíonn eolas ciclipéideach sna hiontrálacha a roghnaíonn Mac Lochlainn. Féach an iontráil seo, mar shampla, ar sainmhíniú lom é: 'graiseamal: "sladdy," limpets, cockles, periwinkles, used as condiment for food.' Ní eolas breise atá sa dara cuid den iontráil, ach soiléiriú ar cad é is 'sladdy' ann. Féach mar an gcéanna 'siúnán': 'a vessel of straw to hold meal'. Is sainmhíniú simplí é sin agus cá bhfios cén fáth ar cuireadh ar fáil sa leabhrán seo é nuair a fágadh 'Nás' agus a lán eile ar lár.

Is dóigh liom féin gurb é an bealach is fearr le Foclóir Gaedhilge agus Béarla a chur chun sochair do thaighdeoirí, do scríbhneoirí agus d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ná leagan leictreonach inchuardaigh a dhéanamh de. Tionscadal fada, costasach a bheadh ann, ach is féidir agus is fiú é a dhéanamh.

Antain Mac Lochlainn


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile