acmhainn.ie

Léirmheas - Eanáir 2006

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA LÉIRMHEASANNA AR FAD GO DTÍ SEO)



Art Ó Maolfabhail
Ó Lyon go Dún Lúiche: Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach
Clódhanna Teoranta, Corcaigh agus Baile Átha Cliath, 2005
134 leathanach
 

I mbrollach an leabhair seo deir an t-údar gur ‘ábhar conspóide ag lucht léinn is ea an tslat tomhais is cóir a úsáid agus ‘Ceilteachas’ á mheas – teanga, earraí ábhartha, folaíocht nó eile’ agus, gan amhras, cé go bhfuil an focal ‘Ceilteach’ an-fhaiseanta i measc an phobail faoi láthair (mar a fuair Art Ó Maolfabhail amach nuair a mhol a fhoilsitheoir dó an focal ‘Ceilteach’ a chur i dteideal an leabhair!), is fíor a rá go bhfuil go leor conspóide ag baint leis an téarma sin i measc scoláirí an lae inniu.  Níl amhras ar bith ar Ó Maolfabhail, áfach, go mbaineann an ‘Ceilteachas’ go príomha le teanga agus, sa saothar seo, díríonn sé aird ar ghné amháin den teanga  – na logainmneacha – mar fhianaise ar fhairsinge na hoidreachta Ceiltí san Eoraip le breis agus 2000 bliain anuas.  Tá sé mar chuspóir aige réimeas Eorpach na Ceiltise san am a chuaigh thart a léiriú sna laetha seo nach bhfuil ach ceithre thír san Eoraip ina bhfuil teanga thraidisiúnta Cheilteach á labhairt go fóill agus go bhfuil líon na gcainteoirí dúchais an-íseal ar fad.

Ábhar an-mhór ar fad atá i gceist anseo ach i mbrollach an leabhair deir an t-údar linn  nach ar an scoláire teanga atá sé dírithe.  Leabhar don ghnáthléitheoir, mar sin, atá againn anseo agus dá thairbhe sin ní thugtar na miontagairtí do na foinsí eolais is dual do shaothar acadúil.  Ina áit sin, ag cúl an leabhair tugtar ‘Gearrliosta Saothar Tagartha’ mar threoir don té ar mhaith leis níos mó eolais a lorg dó féin.

Le fairsinge réimse na hoidhreachta Ceiltí san Eoraip a léiriú, roghnaíonn an t-údar fiche focal Gaeilge atá coitianta mar eilimintí i logainmneacha sa tír seo agus atá le fáil fosta i logainmneacha i dtíortha eile san Eoraip.  Tá caibidil ghearr amháin sa leabhar ar achan cheann de na fiche sampla (ach amháin i gcás Dair; Doire, Doirín ar doiligh a thuigbheáil cad chuige a dtugtar dhá chaibidil do!) agus ag tús gach caibidle pléitear sanasaíocht an focail agus tugtar cuntas ar a dháileadh i logainmneacha sa tír seo agus i dtíortha eile san Eoraip.  Is iad seo a leanas na focail  atá i ceist  (go minic ní focal amháin atá sa sampla ach grúpa focal atá gaolmhar):

1. Ail (Sceilg)Ula; Ulán; Aill 2. Airgead 3. Barr 4. Beann, Binn; Beannchar 5. Brí, Brigh (Brigantion) 6. Brú, Brugh; Bruach; Bruachán; Bruachar 7. Cam; Camas 8. Ceann, Cionn 9. Dair 10. Doire; Doirín 11. Dún; Dinn, Dionn; Duron 12. Fearn; Fearnóg 13. Fionn 14. Inse, Inse; Inseán; Leithinis, Leithinse 15. Iúr; Eo 16. Lú, Lugh 17. Má, Magh, Maigh; Maighean; Macha; Machaire 18.Oileán 19. Ráth 20. Ros; Roisín; Rosán; Iorras 21. Sruth; Sruthail, Sruthair; Sruthán.

Mar léiriú ar fhairsinge gach eiliminte a phléitear tugtar léarscáil shimplí den Eoraip a thaispeánann dáileadh na heiliminte sin agus is fiú aird a thabhairt ar an rud a deir an t-údar sa  réamhrá, i. nach bhfuil sna samplaí a léirítear ar gach léarscáil ach logainmneacha atá beo inniu agus go bhfuil go leor samplaí eile ann atá le fáil i seanchaipéisí ach atá imithe as úsáid le fada.  Is léir, mar sin, gur treise arís an oidhreacht Cheilteach san Eoraip ná mar a thabharfadh na léaráidí simplí seo le tuigbheáil.

Gan amhras, cuirfidh an méid focal Gaeilge a bhfuil a gcomhionainn le fáil i logainmneacha san Eoraip a saith iontais ar chuid mhór daoine.  Mar shampla tá dún agus Lugh sa logainm Dún Lúiche ‘Dunlewy’ i dTír Chonaill agus in Lyon sa Fhrainc mar aon, rud a spreagann teideal an leabhair seo.  Seachas sin, chuir mé féin suim ar leith sna samplaí seo a leanas: brí ‘áit ard’ atá in Bré i gCill Mhantáin, in Brest sa Fhrainc, in Brescia san Iodáil agus in Lacobriga, seanleagan Lagos sa Portaingéil; fionn ‘bán, geal’ atá in An Fionnachadh ‘Finaghy’ i gcontae Aontroma agus in La Vendée sa Fhrainc; iúr atá in An tIúr ‘Newry’ i gcontae an Dúin agus in Eburacum, seanleagan York i Sasana (a thug ainm, ar ndóigh, do New York i Meiriceá!); barr ‘uachtar’ atá in Barr an Fheadáin ‘Flagstaff’ taobh amuigh den Iúr agus in Berkshire i Sasana (is cosúil); brugh (a bhfuil an chiall ‘dwelling, mansion’ leis ach ar comhionann é agus an focal bro ‘tír, ceantar’ sa Bhreatnais) atá in Brú Rí ‘Bruree’ i Luimneach agus in Cymru, ainm Breatnaise na Breataine Bige, a chiallaíonn ‘comhthír, i. ‘(muintir) aontíre’.  Maidir, le ceann, cionn (pen(n) na P-Cheiltise), tá easaontas idir scoláirí an é seo an bunús atá leis an fhocal péna ‘mullach chlochach’ atá coitianta sna Piréiní nó an é an focal iasachta ón Laidin pinna ‘beann’ atá i gceist agus níl anseo ach sampla beag amháin a léiríonn go bhfuil go leor taighde le déanamh go fóill le forleithne na hoidhreachta Ceiltí san Eoraip a mheas go cruinn.  Lena cheart a thabhairt don údar, glacann sé leis seo nuair a deir se i mbrollach an leabhair nach dtig le saothar den sórt seo a bheith iomlán agus go bhfuil súil aige go gcuirfidh daoine eile leis.

Maidir le cúlra stairiúil de, tugann an réamhrá léargas an-bhreá ar stair na dteangacha Ceilteacha a d’eascair ón Ind-Eorpais ar an teorainn idir an Eoraip agus an India agus a leathnaigh amach beagnach fud fad na hEorpa sna cúig chéad bliain roimh aimsir Chríost. Ag deireadh an leabhair tá ábhar an-úsáideach: gluais téarmaí agus tagairtí; innéacs ainmneacha agus focal agus treoir don léitheoir ar úsáid an innéacs, ina dtugtar, i measc rudaí eile,  liostaí de na contaetha traidisiúnta in Albain agus sa Bhreatain Bheag agus eolas ar an stádas oifigiúil atá ag foirmeacha Ceilteacha na logainmneacha sna tíortha Ceilteacha.  Maidir leis an phointe deireanach, ní dhéantar idirdhealú ar bith idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den oileán, cé nach bhfuil stádas oifigiúil iomlán ag foirmeacha Gaeilge na logainmneacha sa Tuaisceart go fóill!  Ag deireadh an leabhair tá gearrliosta saothar tagartha mar threoir don léitheoir ar mhaith leis tuilleadh eolais a lorg.  Ní miste a lua anseo nach bhfuil saothar P.W. Joyce luaite sa liosta cé go ndeirtear i mbrollach an leabhair go bhfuil sé ann (l.10).

Tá corr-rud sa leabhar breá seo a dtógfainn féin ceist faoi.  Ní shílim go bhfuil aon fhianaise láidir ann go bhfuil an focal ail ina chuid den fhocal sceilg, in ainneoin go míníonn an sanasaí meánaoiseach Cormac mac Cuilleanáin ailcne (i. foirm dhíspeagtha ar ail) mar scelleg becc romebhaid don ailig, i.e. ‘sceilg bheag a bhris den charraig’.  Ní dóigh liom gur gá ceangal sanasaíochta idir an dá fhocal a thuigbheail as an rud a deir Cormac (l. 22).  Arís, glactar leis nach bhfuil an ceart ag Cormac nuair a deir se gurb é cíos-ail, i. ‘ail mar a gcruinnití cíos’ an bunús atá leis an logainm Caiseal i dTiobraid Árann – is ón fhocal Laidine castellum ‘dúnphort beag’ a tháinig caiseal, mar a deir an t-údar féin linn.  Is aisteach, mar sin, go bpléann sé dáileadh na heiliminte caiseal i logainmneacha na tíre seo faoin cheannteideal Ail, cé go bhfuil an t-ábhar an-suimiúil ann féin. Ar l. 29 deirtear nach bhfuil barr ‘top, summit, high ground’ ach in iardheisceart na hAlban ach de réir na léarscáile ar l. 28 tá sé de chóir a bheith in achan áit sa tír sin.  Maidir leis na léarscáileanna i gcoitinne, is trua go bhuil siad róbheag le Oileán Mhanann a thaispeáint, ós rud é go bhfuil go leor tagairtí do Mhanainn fud fad an leabhair.

I mbrollach an leabhair deir an t-údar linn nach bhfuil sa saothar seo ach ‘leid ghinearálta ar dhoimhneas oidhreacht na logainmneacha trí shúile na Ceiltise’ agus gur mhaith leis go gcuirfeadh daoine eile leis.  Is léir go bhfuil taighde domhain cuimsitheach déanta ag Art Ó Maolfabhail agus éiríonn leis ábhar atá go minic casta dúshlánach a chur i láthair ar dhóigh atá soléite tarraingteach.  Ach léiríonn an leabhar seo fosta go bhfuil géarghá le níos mó taighde ar an oidhreacht Cheilteach san Eoraip.  Dálta an údair,  tá súil agam go spreagfar go leor scoláirí (agus cad chuige nach mbeadh Art Ó Maolfabhail féin ina measc?) le tógáil ar ábhar an leabhair.  Ba mhaith saothar ar an ábhar céanna, ach é dírithe ar lucht léinn, a fheiceáil i gcló roimh i bhfad.
 

Patrick McKay

Tá an Dr Patrick McKay ina Chomhaltach Taighde le Tionscnamh Logainmneacha Thuaisceart Éireann atá lonnaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. I measc a chuid foilseachán tá A Dictionary of Ulster Place-Names (1999), agus The Baronies of Toome, Place-names of Northern Ireland Series: 4, County Antrim I (1995).
 


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile