acmhainn.ie

Léirmheas - Feabhra 2006

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA LÉIRMHEASANNA AR FAD GO DTÍ SEO)



Iarsmaí na Teanga: Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachais na hEorpa
Torlach Mac Con Midhe
Coiscéim 2004
€10
 

Tá sé seo ar cheann de na leabhair is taitneamhaí agus is spéisiúla dár léigh mé i dteanga ar bith le tamall maith (fágaimis an tréimhse gan beachtú thairis sin nó is iomaí cineál leabhair ann agus is iomaí cineál taitnimh agus tairbhe is féidir a bhaint astu). Is fada mé den tuairim gurb í stair an smaointeachais a shaorós muid. Tá fuascailt i smaointe agus sa staidéar a dhéanfaimid orthu. Léiriú an-mhaith ar an téis sin an leabhar seo a scrúdaíonn an chaoi ar bhreathnaigh an t-aos léinn – aos léinn na dteangacha impiriúla go háirithe – ar na teangacha Ceilteacha le ceithre chéad bliain.

Fuascailt? Is é ár ndán a bheith faoi ndaorsmacht na smaointe nach scrúdaímid. Is iad na smaointe a fhoirmíonn an gnáthshaol againn agus atá chomh coitianta sin nach dtugaimid faoi deara iad, is contúirtí. Ceann de na bealaí is fearr le smaointe a scrúdú féachaint cé as ar tháinig siad. Cuir aithne, a dhuine, ar an “traidisiún” a bhfuil tú páirteach ann. Ceann de na bealaí is fearr leis sin a dhéanamh, le fáil amach go bhfuil smaointe ár smachtú gan fhios, a leithéid seo de leabhar a léamh.

Cén difear a rinne an reifirméísean, an leasú creidimh, do na teangacha Ceilteacha agus don chaoi ar breathnaíodh orthu? Cé chomh tábhachtach is a bhí an Bíobla Breatnaise ag cur san áíreamh nár ghlac an Bíobla i dteanga na ndaoine – scéim mhór chreidimh agus oideachais Bhanríon Eilís Shasana a bhfuil a rian le feiceáil fós i séipéil in Éirinn agus i Sasana mar a mbíonn leathanaigh na scrioptúr leata ar sciatháin an iolair phráis le gur féidir le haon bhall den phobal iad a léamh – ag cur san áireamh, mar a deir Torlach Mac Con Midhe, nár ghlac an Bíobla aon ról suntasach i gcanóin litríochta na Fraince ná na hIodáile, mar shampla? (Lgh 13-18)

B’fhéidir gur thábhachtaí ó thaobh thodhchaí litríocht na Breatnaise de gur fhéach roinnt d’aos léínn na Breatnaise lena dteanga a mhíniú don chúirt ríoga aimsir na dTúdarach agus gur chuid den téís ídé-eolaíoch a tháinig chun cinn ag an am gurb í an Bhreatnais bunteanga oileán na Breataine roimh theacht na Rómhánach agus ina ndiaidh – ba í an mháthairthenaga ársa í. Ar an gcaoi chéanna a breathnaíodh ar an gCeiltis sa Fhrainc ina dhiaidh sin. Bhíothas ann, fiú a mhaígh gurb í teanga Ádhaimh agus Éabha í.

Ainneoin reachtaíocht Anraí VIII agus François I (forógra Villers-Cotterêts) ar son an Bhéarla agus na Fraincise faoi seach níorbh í a n-aon aidhm teangacha eile a ríochta a dhíothú. Is éard a bhí i gceist aonteanga riaracháin agus dlí a chur chun cinn, agus sin in áít na Laidine a d’úsáidtí go dtí sin (lch 21). B’iarracht comhtháthaithe náísiúin agus stáít é. Mar a chuireann Mac Con Midhe é, chuir sé go mór le luach an Bhéarla agus na Fraincise ar mhargadh na dteangacha. B’ísliú stádais é a ghoill go mór ar cheardchumann aosa dána in Éirinn. Ní raibh aon chuimhne ag aon duine go n-imeodh an Ghaeilge. Ní hea ach go dtiocfadh Gaeilge bharbartha na ndaoine chun cinn. Bíodh is nach luann Mac Con Midhe é, is spéisiúil iarracht a dhéanamh Pairlimint Clainne Tomáis a fheiceáil sa chomhthéacs sin.

Rinne Descartes bua den Fhraincis oifigiúil sin a tháinig in ionad na Laidine. Mhaígh sé go bhféadfaí réasúnaíocht a dhéanamh i dteanga ar bith – fiú sa Bhriotáinis. Rinne sé féin sa Fhraincis é seachas sa Laidin mar a bhíothas á dhéanamh go dtí sin. Chuir sin féin luach breise fós leis an bhFaincis – bhí Descartes ag labhairt anois – trí mheán na leabhar clóbhuailte – leis an grand monde agus bhí pobal oilte ag teacht chun cinn i measc na n-uasal agus na mbuirgéíseach a bhí ag cruthú margaidh do na leabhair léannta seo i bhFraincis agus i mBéarla. (Lgh 67-72).

Má fágadh na teangacha Ceilteacha lasmuigh den mhargadh sin ni hin le rá nár tugadh aird orthu. Bhíothas fós ag breathnú orthu mar mháthairtheangacha, mar Ursprache, agus d’imir síad ról nach beag sa smaointeachas teangeolaíoch a bhí ag teacht chun cinn sa seachtú agus san ochtú haois déag. Bhíodh claonadh ar na léachtóirí agus mise ar an ollscoil a bheith ag magadh faoi leithéid an Choirnéil Vallency san ochtú haois déag as na tuairimí a bhí aige faoi bhunús na Gaeilge, gur as an Scioitia a tháínig. Ach bhí an magadh sin mí-aimsearthach. Ní amháin go raibh leagan amach Vallency ag teacht le tuairimí Leabhar Gabhála agus Spencer, ach ba í an tuairim cheannann chéanna í a bhí ag an bhfealsamh, Leibniz, ná ni raibh sé bun os cionn leis an tuairimíocht ba dhéanaí sa Fhrainc, i Sasana, agus in Albain (ag an Tiarna Monboddo, mar shampla) ag an am.

Tugann Mac Con Midhe, cothrom na Féinne do Ossian / Oisín Mhic Phearsain sa phlé seo ar fad agus seachnaíonn an díospóireacht sheachmallach faoi bhunús an tsaothair sin – ar dhíospóireacht faoi chúrsaí aistriúcháin ar thaobh amháin í agus ar dhíospóireacht faoi chumhacht agus údarás cultúrtha í ar an taobh eile – ach amháin sa mhéid is go mbaineann dearcadh díspeagúil Samuel Johnson faoi Ghaeilge na hAlban le hábhar an leabhair (lch 126). Is comhthábhachtach leis tionchar fhilíocht Oisín ar bhás Werther in úrscéal Goethe, ar “Solitary Reaper” Wordsworth, agus dhealú Schiller idir litríocht naïv agus sentimentalisch (lgh 132-7). Is maith sin.

Macalla ar dhealú sin Schiller, dar liom, an díospóireacht idir idir Domhnall Ó Corcara agus Pádraig de Brún in Humanitas bíodh is nach dóigh liom gur luaigh ceachtar den dá scríbhneoir léannta Schiller sa chomhthéacs sin ar chor ar bith – rud a léiríonn ann féin tábhacht mhór an leabhair seo le Mac Con Midhe1.  Téann Mac Con Midhe fada go leor le ceangal – ar fónamh – a dhéanamh idir feiniméan Ossian, chinoiserie, agus Kiltartanese (lch 139).

D’athraigh Réabhlóid na Fraince an scéal ó bhonn. Is ón uair sin amach a thosaigh an roth ag casadh i gcoinne na dteangacha Ceilteacha dáiríre. Is é Chateaubriand a chuir focail air nuair a cheangail turnamh na nIndiach Rua le turnamh na gCeilteach. Bhíothas ag caint anois ar theangacha a bheith ag fáil bháis. Scríobh Chateaubriand faoin “tragóid”ag baint leasa as stíl éiginnte eipiciúil Ossian agus chuir sé leis stiall mhaith dá mhelancholie “Ceilteach” féin (lgh 152-6). Idir Scott agus Chateaubriand leagadh síos buneilimintí an dioscúrsa: níorbh fhéidir feasta labhairt faoi na teangacha Ceilteacha gan an chinniúint dhosheachanta, an lionn dubh, an eipiciúlacht, agus an bás, a bheith mar dhlúthchuid den fhriotal agus den chóras coincheapúil. Cheil sé sin an fhírinne ghránna gur gníomh díreach díspeagtha agus díothaithe ag na náisiúnstáit nualárnaithe ba chúis le heaspa stádais agus laghdú úsáide na dteangacha sin; gníomh díothaithe a raibh idir chiclipéidithe, intleachtaigh, poblachtaigh, filí, agus lucht eagnaíochta páirteach ann chomh maith céanna le ginearáil airm, gunnaí, agus an gilitín. Tá an an diothú fós ar siúl – más ar bhealaí i bhfad níos sibhialta anois é – agus an dioscúrsa bréagach úd fós linn.

Baineadh casadh eile as an scéal sa naoú haois déag nuair a tosaíodh ag breathnú ar na teangacha – na teangacha ársa, na teangacha “marbha”, ar ar áiríodh na teangacha Ceilteacha – ar bhonn eolaíochtúil agus sin ar aithris an Ridire William Jones, nó Oreintal Jones mar a thugtaí air, dlíodóir a bhí ag obair do sheirbhís choilíneach impiriúil Shasana in Calcutta. Gníomh cóilíneachais a bhí sa staidéar mionchruinn léannta seo ar theanga “mharbh” (lch 157). B’ábhar spéise dom féin é préamhacha an traidisiúin scoláireachta a raibh Whitley Stokes (duine nach luaitear) ag glacadh páirte chomh fonnmhar agus chomh héifeachtach sin ann á gcur siar isteach san ochtú haois déag. Dlíodóir Angla-Éireannach i seirbhís na hImpireachta in India ba ea Stokes, freisin. Seachadadh an traidisiún sin chuig an chéad ghlúin eile de scoláirí Ceilteacha agus tá an Corpus Iuris Hibernicae ina choróin ghléineach dhoshroichte ar a saothar gan cháim. Gné bhunúsach den traidisiún gur sa teanga impiriúil a bhíonn an dioscúrsa i gcónaí, is é sin i dteanga na heolaíochta – Béarla, Fraincis, nó Gearmáinis.

Ar an mbealaí féin chuir Renan agus Matthew Arnold le dioscúrsa an impiriúlachais agus an éadóchais trí thréithe áirithe misteacha, geall leis, a chur i leith na gCeilteach, agus sin ón taobh amuigh – ainneoin gur cainteoir Briotáinise é Renan – mar gur sa teanga impiriúlach a scríobh siad (lgh 188-194, 220-1). Tá gnéithe den dearcadh céanna – ach arís ar bhealach an-difriúil – le feiceáil in obair an teangeolaí acadúil sa lá atá inniu ann, a thagann ón taobh amuigh chuig pobal áirithe, a bhaineann leas as ar mhaithe lena chuid staidéir, agus a imíonn ansin gan tada a fhágáil ag an bpobal ina dhiaidh (lch 257). Ná ní gá go bhfuil celtomanie an lae inniu ródhifriúil óna leithéid roimhe seo: ní sna teangacha Ceilteacha a oibríonn é (beag smacht ata acu air), is ar mhaithe le daoine nach labhrann na teangacha Ceilteacha atá sé, agus bíonn sé ag freastal ar spéiseanna, ar dheacrachtaí, agus ar riachtanais nach gá a bheith ag na pobail sin ar chor ar bith (lch 261).

Ar an gcaoi sin tagaimid go dtí an lá atá inniu ann. Is iomaí rud ríspéísiúil sa leabhar seo faoi chuile thréimhse den ré atá i gceist. Rudaí fánacha cuid acu – ach a bhaineann le hábhar – mar an ráiteas ag na Danmhargaigh: an té a scríobhann sa Danmhairgis, sríobhann sé ar uisce. Thaitin sin go mór leo mar feictear dom gur daoine lácha iad na Danmhargaigh. Ach ceann de na rudaí is spéisiúla agus is tábhachtaí sa leabhar tagann sé ag an deireadh nuair a léiríonn Mac Con Midhe go bhfuil na seanidé-eolaíochtaí ina mbac feasta ag obair ar fónamh ar son na dteangacha Ceilteacha; go bhfuil sé in am an na pobail Cheilteacha smaoineamh dóibh féin agus idé-eolaíochtaí agus miotais a fheileann do na cuspóirí a theastaíonn uathu a bhaint amach a ghlacadh chucu féin. Fusa a rá ná a dhéanamh, b’fhéidir, ach cá bhfuilimid mura ndéanfaimid é?

Faraor, tá méid áirithe botún cló sa leabhar seo ach caithfidh mé a rá níor chuir siad as don taitneamh a bhain mé as a léamh – bhí an stíl soiléir tríd síos. Rud amháin a chuir as dom go mór easpa innéacs. Leabhar tábhachtach léannta mar é seo a bhfuil tréimhse ceithre chéad bliain agus níos mó i gceist leis agus a fhéachann le réimse fairsing scoláireachta agus smaointeachais a chlúdach, baineann sé dhá thrian dá luach a chur amach gan innéacs. (Ar an ábhar sin, tá iarracht ar thagairtí áirithe scaipthe tríd an léirmheas seo agam.)

Tá sé in am ag Bord na Leabhar Gaeilge fóirithint speisialta a  chur ar fáil d’fhoilsitheoirí le gur féidir leo innéacsanna cearta iomlána a chur lena gcuid leabhar léannta agus lena gcuid leabhar eolais. Dilettantism aon rud eile – géilleadh gan smaoineamh do na hidé-eolaíochtaí úd lasmuigh dínn atá ag cinntiú ár gcuid gníomhartha gan fhios dúinn.
 

Liam Mac Cóil
Eanáir 2006

1. Athcló ar an díospóireacht móide réamhrá in Athbheochan an Léinn nó Dúchas na Gaeilge eag. Liam Prút (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2005)


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile