GAIRM FAOI CHOINNE PÁIPÉAR
Beidh
an ceathrú himleabhar de Taighde agus Teagasc á fhoilsiú
in Earrach 2004.
Is
é an tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollscoil na hÉireann,
Maigh Nuad, a bheidh ina aoi-eagarthóir ar imleabhar 4.
Fáilteofar roimh pháipéir thaighde ar ghné ar bith de léann na Gaeilge nó na Gaelscolaíochta, mar shampla:
Páipéir acadúla ina mbeidh tuairim is 5,000-10,000 focal i nGaeilge atá de dhíth. Ba chóir cloí, oiread agus is féidir, leis na coinbhinsiúin chaighdeánacha litrithe agus gramadaí.
Is inmholta go mbeadh an chéad dréacht de gach páipéar ag na heagarthóirí faoi Shamhain chun gur féidir leis na húdair aiseolas agus moltaí a fháil ar ais ón fhoireann eagarthóireachta. Thabharfadh sé seo deis do na húdair an leagan deiridh dá bpáipéar a fheiceáil sula gcuirtear i gcló é.
Beidh deis ag na húdair, más áil leo, a bpáipéar a chur i láthair ag comhdháil lae i Samhain 2003 i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.
Chomh maith leis sin, chun cur leis an chaibidil acadúil, fáilteofar roimh ailt ghearra acadúla ag freagairt nó ag tagairt d’aon alt a foilsíodh in Taighde agus Teagasc 1-3. D’fhéadfaí tuilleadh eolais, leasú nó malairt tuairime a chur chun tosaigh sna hailt seo. Fáilteofar mar an gcéanna roimh léirmheasanna acadúla ar shaothair nuafhoilsithe sna réimsí léinn a chumhdaítear in Taighde agus Teagasc.
Seoltar
páipéir srl. chuig:
Dr
Joe Ó Labhraí
Taighde
agus Teagasc
Roinn
na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta
Coláiste
Ollscoile Naomh Muire
191
Bóthar na bhFál
Béal
Feirste
BT12
6FE.
Teileafón:
Béal Feirste 90268281.
Ríomhphost:
taighde@aisaonad.org
Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
Naisc | Cuardach | Baile |