Oideas - Meitheamh 2002
Is
é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin
atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’
a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó
mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe
den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí.
Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil
freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis
na fadhbanna éagsúla.
(CLICEÁIL
ANSEO
LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)
Modh Athbhreithnithe – An tAistriúchán Droim ar Ais
Cad é mar is féidir leis an aistritheoir, i ndiaidh dó/di an téacs a aistriú, caighdeán an aistriúcháin a mheas? Caithfidh é a léamh go cúramach, ar ndóigh, agus ní miste é a léamh amach os ard más féidir ar chor ar bith é. Cuid mhór de na haistriúcháin is mínádúrtha agus is dothuigthe dá bhfuil ann, d’aithneodh an t-aistritheoir a lochtanna dá léifí amach iad. Tá buntáiste mór ag an aistritheoir ar féidir leis an téacs a thabhairt do chomhghleacaí le go ndéanfaí an dara léamh air. Ní i gcónaí is léir dúinn na botúin a dhéanaimid féin.
Maidir le mílitriú, is cabhair don aistritheoir na litreoirí atá curtha ar fáil le tamall anuas [féach Foclóirí agus Áiseanna Eile ar an láithreán seo] ach ní hé cruinneas litrithe, ná cruinneas gramadaí fiú amháin, an ghné is tábhachtaí den aistriúchán. Cad é mar is féidir leis an aistritheoir a bheith cinnte go bhfuil an téacs chomh soiléir agus chomh dílis don bhuntéacs agus is féidir? Fadhb an-bhunúsach atá ann le linn don aistritheoir a bheith ag plé le téacsanna casta dlíthiúla nó teicniúla, téacsanna a dteastaíonn an-chruinneas agus soiléire iontu díreach mar gheall ar iad a bheith chomh casta is atá. Is sa chás seo, thar aon uair eile, a fhiafraíonn an t-aistritheoir “An dtuigfidh aon duine é seo?”
Seift an-úsáideach i gcás mar seo is ea an t-aistriúchán droim ar ais. Is é atá i gceist an téacs aistrithe Gaeilge, nó sleachta as, a aistriú ar ais go Béarla, féachaint le é a chur i gcomparáid leis an mbuntéacs Béarla. Ag seo mar a shainmhíníonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc é sa leabhar úd Aistrigh go Gaeilge (Cois Life 1997): ‘Is teicníc í an t-aistriúchán droim ar ais a léiríonn beachtas an aistriúcháin i gcásanna áirithe.…Más léir nach féidir ciall an bhuntéacs a aimsiú ar chor ar bith sa spriocthéacs agus é aistrithe ar ais, is cinnte nár mhiste athbhreithniú mór a dhéanamh.’
Níl aon ní is fearr a léiríonn
easpa brí nó easpa cruinnis i dtéacs ná féachaint
le é a aistriú. Seo thíos sliocht as leagan Gaeilge
de théacs dlí idirnáisiúnta a bhfuil tábhacht
thar na bearta leis, Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine, a foilsíodh
ar láithreán gréasáin de chuid na Náisiún
Aontaithe (http://www.unhchr.ch/udhr/lang/gli1.htm).
Ní dóigh liomsa gurb aistriúchán maith é,
agus ní ar an ábhar go bhfuil mílitriú agus
botúin ghramadaí go leor ann. An locht is mó atá
air ná an doiléire. Tugaimse an téacs díreach
mar a foilsíodh é, gan cur chuige ná uaidh. Is é
atá le déanamh agaibhse ná é a aistriú
go Béarla agus a chur i gcomparáid leis an leagan Béarla.
DEARBHÚ UILE-CHOITEANN CEARTA AN DUINE
[Preamble]
De Bhrí gurb
é aithint dínte dúchais agus chearta comhionanna do-shannta
an uile dhuine den chine daonna is foras don tsaorise, don cheartas agus
don tsíocháin sa domhan,
De Bhrí gur
thionscain a neamhaird agus an mí-mheas ar chearta an duine gníomhartha
barbartha a chuir uafás ar choinsias an chine daonna, agus go bhfuil
forógartha gurb é meanmarc is uaisle ag an gcoitiantacht
saol a thabhairt i réim a bhéarfas don duine saoirse chainte
agus chreidimh agus saoirse ó eagla agus ó amhgar,
De Bhrí go
ndearna pobail na Náisiúin Aontaithe sa Chairt dearbhú
athuair ar a gcreideamh i gcearta bunúsacha an duine, i ndínit
agus i bhfiúntas pearsan an duine agus i gcearta comhionanna fear
agus bean, agus gur chinneadar tacú leis an ascnamh sóisalach
agus réim maireachtana níos fearr a thabhairt i gcrích
faoi shaoirse níos fairsinge,
De Bhrí gur
ghabhadar na Stát-Chomhaltaí faoi chuing ghealltanais go
ndéanfaid, i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, urraim
uile-choiteann éifeachtach d'áirithiú do chearta agus
do shaoirsí bunúsacha an duine.
De Bhrí go
bhfuil sé fíor-thábhachtach, chun an gealltanas sin
a chomhalladh ina iomláine, go mbeifí ar aon-tuiscint maidir
leis na cearta agus na saoirsí sin,
Anois ar an abhar
sin forógrainn an Tionól Ginerálta an Dearbú
Uile-choiteann seo ar Chearta an Duine mar chomhchaighdeán le tabhairt
i réim ag gach pobal agus gach náisiún ionas go ndeánfaidh
gach uile dhuine agus gach uile organ den chomhdhaonnacht, agus iad de
shíor ag tabhairt an Dearbhuithe seo dá n'aire agus dá
n-úidh, díchell, tríd an teagasc agus an t-oideachas,
chun urraim do na cearta agus do no saoirsí sin a chothú
agus chun a áirithiú tríd bearta ascnaimh, náisiúnta
agus eadarnáisiúnta, go mbeidh aithint agus feidm éifeathtach
uile-choiteann acu, ní hamháin i measc pobal na Stát-Chomhaltaí
féin, ach fós i measc pobal na gcríocha atá
faoina ndlínse sin.
Universal Declaration
of Human Rights
Preamble
Whereas recognition
of the inherent dignity and of the equal and inalienable rights of all
members of the human family is the foundation of freedom, justice and peace
in the world,
Whereas disregard
and contempt for human rights have resulted in barbarous acts which have
outraged the conscience of mankind, and the advent of a world in which
human beings shall enjoy freedom of speech and belief and freedom from
fear and want has been proclaimed as the highest aspiration of the common
people,
Whereas it is essential,
if man is not to be compelled to have recourse, as a last resort, to rebellion
against tyranny and oppression, that human rights should be protected by
the rule of law,
Whereas it is essential
to promote the development of friendly relations between nations,
Whereas the peoples
of the United Nations have in the Charter reaffirmed their faith in fundamental
human rights, in the dignity and worth of the human person and in the equal
rights of men and women and have determined to promote social progress
and better standards of life in larger freedom,
Whereas Member States
have pledged themselves to achieve, in cooperation with the United Nations,
the promotion of universal respect for and observance of human rights and
fundamental freedoms,
Whereas a common
understanding of these rights and freedoms is of the greatest importance
for the full realization of this pledge,
Now, therefore,
The General Assembly,
Proclaims this Universal
Declaration of Human Rights as a common standard of achievement for all
peoples and all nations, to the end that every individual and every organ
of society, keeping this Declaration constantly in mind, shall strive by
teaching and education to promote respect for these rights and freedoms
and by progressive measures, national and international, to secure their
universal and effective recognition and observance, both among the peoples
of Member States themselves and among the peoples of territories under
their jurisdiction.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
