acmhainn.ie

Oideas - Nollaig 2002

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


Céard atá le haistriú?

Ag scríobh dó ar Aistrigh go Gaeilge (Cois Life 1997), luann Maolmhaodhóg Ó Ruairc droch-chlaonadh atá ag aistritheoirí Gaeilge cloí go ródhlúth le foclaíocht an téacs Béarla atá á aistriú acu. Tugaim an sliocht iomlán thíos, nó ní fhéadfainn é a rá níos slachtmhaire ná níos gonta ná mar atá sé ráite ag Maolmhaodhóg:

Ní gá gach cuid d’abairt mar ‘the question is under active consideration’ a aistriú, tá an cheist sin faoi bhreithniú gníomhach óir níl aon bhrí le ‘active’ agus is leor mar aistriúchán tá an cheist sin á bhreithniú [sic]. Níl aon bhrí ach oiread le ‘considerable’ in abairt mar ‘for a considerable time’. Níl aon bhrí ar leith ag gabháil le ‘occasion’ san abairt ‘inconvenience occasioned’ ná le ‘character’ san abairt ‘an undertaking of a hazardous character’. Níl i gceist ach ‘hazardous undertaking’. Ní gá ‘after a careful reading’ a aistriú focal ar fhocal go Gaeilge; b’fhearr i bhfad agus ba chruinne tar éis a léamh go cúramach a rá. Faightear an róchaint seo go minic i gcomhthéacs eacnamaíoch nuair a bhíonn an t-údar ag iarraidh a chaolchúis a thaispeáint: ‘trade is conducted on a 100% re-export basis’, abairt a chiallaíonn ‘for re-export only’: le honnmhairiú amháin. Cad is ciall le ‘psychologically it was all over the place’, nó ‘ill-advised counter-atrocity’? Is féidir leis an nGaeilge an smaoineamh taobh thiar den fhriotal sin a aistriú ach ní fiú tabhairt faoi de réir na bhfocal atá san abairt.

Maolmhaodhóg Ó Ruairc, in Aistrigh go Gaeilge: 61-62.

Thagraíomar cheana féin ar Oideas don drochnós atá ag aistritheoirí comhaonaid Bhéarla a aistriú focal ar fhocal fiú nuair atá bealach eile ar fad ag an nGaeilge leis an gcoincheap a chur in iúl. Tugtar ‘praghas laghdaithe’ ar ‘reduced price’ nuair atá ‘lascaine’ agus ‘lacáiste’ sa Ghaeilge cheana, nó tugtar ‘breac farraige’ ar ‘sea-trout’ in ainneoin ‘breac geal’ a bheith sa Ghaeilge. Luann Maolmhaodhóg ‘róchaint’ sa sliocht thuas agus is dócha nach miste a rá go bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘ró-aistriú’ chomh maith.

Ní i gcónaí a bhíonn an ró-aistriú chomh caolchúiseach sin ar fad. Aistrítear, cuir i gcás, an-chuid rudaí arbh fhearr go mór iad a fhágáil gan aistriú ar chor ar bith.

Gníomhaíocht

An bhfuil aon fhocail sna habairtí thíos ab fhearr a fhágáil gan aistriú?

(1) To highlight the National Year of Reading in 1999, the Blind Centre launched the Speaking Volumes series of 27 books by local authors made available on audio-cassette.

FREAGRA: Ba é an t-aistriúchán a rinneadh air seo: ‘D’fhonn Bliain Náisiúnta na Léitheoireachta 1999 a cheiliúradh, lainseáil Ionad na nDall sraith dar teideal ‘Imleabhair ag Caint’. Is é a bhí ann 27 leabhar le húdair áitiúla a taifeadadh ar chaiséid fhuaime.’ Níl aon chaill air sin ach amháin ‘Imleabhair ag Caint’. Imeartas focal Béarla is ea ‘Speaking Volumes’ nach féidir a thabhairt leat i nGaeilge. Ní gnách linn ‘imleabhair’ a thabhairt ar leabhair agus is cinnte nach gcuirtear ag caint iad in aon nath cainte atá againne. B’fhearr ‘Speaking Volumes’ a fhágáil gan aistriú, agus a scríobh sa chló iodálach.
 

(2) While she continued to write short stories, it is as a novelist that Edna O’Brien is famed, with such novels as The Country Girls (1960), Night (1972) and A Pagan Place (1971).

FREAGRA: Is é an t-aistriúchán a rinneadh air sin: ‘Cé go raibh gearrscéalta á scríobh aici i gcónaí, is mar úrscéalaí a bhain Edna O’Brien clú amach di féin, le húrscéalta ar nós Cailíní ón Tuath (1960), Oíche (1972) agus Áit Phágánach (1971).’ Tá go breá, ach is i mBéarla a scríobhadh an leabhair sin agus ní heol dom aon aistriúchán Gaeilge a bheith déanta. Cuir i gcás go mbeadh duine ag iarraidh iad a aimsiú i gcatalóg leabharlainne. An dtiocfadh sé choíche ar The Country Girls dá mbeadh ‘Girls from the Countryside’ á chuartú aige?
 

(3) We promise to uphold our statutory responsibilities under the Race Relations Act 1976 and the Sexual Discrimination Acts of 1975 and 1986. [Nóta: eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste atá i gceist.]

FREAGRA: Bheadh claonadh agamsa gan teidil na n-achtanna a aistriú ar chor ar bith, nó is téacsanna údarásacha Béarla iad nach bhfuil aon leagan Gaeilge díobh ann. Níl macasamhail Rannóg an Aistriúcháin i mbun oibre in Westminster. Fadhb a d’fhéadfadh a bheith ann ná go rachadh duine ag lorg na nAchtanna seo in oifig rialtais. An cabhair dó sa chuardach sin aistriúchán a bheith le déanamh aige féin chun teidil na mbuntéacsanna a aimsiú? Méadaíonn sé ar an deacracht go mbeadh a leagan Gaeilge féin ag gach dara haistritheoir ar na teidil chéanna. Gan ach an chéad Acht a lua, d’fhéadfadh na leaganacha seo a leanas a bheith ann: ‘An tAcht um Chaidreamh idir Chiníocha’ nó ‘An tAcht um Chaidreamh Ciníoch’ nó ‘An tAcht um Chaidreamh Idirchiníoch’. Ní mholaim is ní cháinim na leaganacha sin, is é rud gur cuireadh gach ceann acu i láthair le linn cheardlanna aistriúcháin a bhí á reáchtáil agam i mbliana. Is fiú a lua go raibh na haistritheoirí idir dhá chomhairle faoi cé ‘inscne’ nó ‘gnéas’ ab fhearr a d’oirfeadh do ‘Sex’ sa dara teideal agus cé acu ‘leatrom’, ‘leithcheal’ nó ‘idirdhealú’ ab fhearr a chuirfeadh ‘discrimination’ in iúl. Réiteach amháin air seo teidil na nAchtanna a aistriú agus na teidil Bhéarla a sholáthar freisin.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile