acmhainn.ie

Oideas - Meán Fómhair 2003

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


Leibhéal Deacrachta

Tá teoiric an aistriúcháin á saothrú leis na céadta bliain agus is iomaí sin prionsabal toirmeasc, riail, geis agus piseog dá cuid nach n-oireann don aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge ach ar éigean. Ceann acu seo is ea riail an ‘chomhionannais mhinicíochta’ a dtugann Peter Newmark míniú mar seo a leanas uirthi:

I have proposed a translation rule that corresponding words, collocations, idioms, metaphors, proverbs, sayings, syntactic units and word-order must be equally frequent (in the appropriate style and register of the text) in the source and the target language; but the translator can never follow this rule to the letter, since it even has inherent contradictions. (Approaches to Translation: 8)


Abair é, a dhuine! Tá dlúthbhaint ag prionsabal seo an chomhionannais mhinicíochta le leibhéal deacrachta an téacs. Níor chóir go mbeadh an téacs aistrithe mórán níos deacra ná an buntéacs ná go mbeadh sé líonta lán de leaganacha neamhchoitianta nach bhfuil i ngnáthúsáid. Má úsáidtear frása coitianta Béarla ar nós ‘We all make mistakes’ ba cheart sin a aistriú leis an leagan Gaeilge is coitianta a fhreagraíonn dó: ‘Ní bhíonn saoi gan locht.’ Bheadh roghanna eile ag an aistritheoir nach bhfuil díreach chomh coitianta céanna agus nach mbeadh eolas ag an ngnáth-Ghaeilgeoir orthu, b’fhéidir. Mar shampla, ní bheadh an seanleagan úd ‘Is minic marcach maith ar an talamh’ rófhada ó chiall an Bhéarla agus is dócha go dtuigfí é ón gcomhthéacs. Sáraíonn sé riail an chomhionannais mhinicíochta, ach admhaíonn Newmark féin nach féidir i gcónaí cloí leis an riail chéanna. Ach thiocfadh dul níos faide sa ghnó. Abair go dtagann ‘He stood her up at the altar’ aníos i dtéacs Béarla. Frása é sin a thuigfeadh gach Béarlóir ar an toirt. Nuair a bhí sé le haistriú agam féin ba é an chéad rud ar smaoinigh mé air ná rud a léigh mé sa chnuasach breá sin Sean-chainnt Theilinn a thiomsaigh Seán Ó hEochaidh, nach maireann (Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1955.

Bhuail sé an cac bó ar an ghealaigh uirthe .i. an rud adeirtear i dTeilionn fá bhuachaill a mbéadh ‘ach uile shocrú déanta aige le cailín a phósadh, agus a d’fhuígfeadh í ar an bhomaite dheirionnach.

Duine a fheallas ort ar an bhomaite dheirionnach buaileann sé an cac bó ar an ghealaigh ort.

Nóta: - Tá baint eadar an bhó agus an ghealaigh i mbéaloideas Theilinn.

Is leagan dúchasach craicneach é sin a breacadh síos ó bhéal cainteoirí nár ghá dóibh a gceann a bhuaireamh riamh faoin Ghaeilge a fhoghlaim. Ach is leagan é nach bhfuil le fáil i bhfoinse ar bith ach sa leabhar áirithe seo. Níl ciall an natha soiléir gan an míniú a sholáthair Seán Ó hEochaidh. Cad é a thuigfeadh Gaeilgeoir an lae inniu as ‘He struck the cow dung on the moon on her’? Chomh fada is a bhaineann le Gaeilgeoirí na linne seo, tá cuid mhór dá bhfuil i Sean-chainnt Theilinn agus i Sean-chainnt na nDéise agus i An Béal Beo mar a bheadh an tríú teanga ann, teanga atá chomh fada ó chaint an lae inniu agus a bheadh Gaeilge an 17ú haois. Tá sé ráite go beacht ag an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin:
Ceann amháin de na laincisí seo a chuireann as go mór don aistritheoir...is ea é seo, gur minic a chaithfidh sé cur suas d’fhocal Gaeilge atá ina aistriúchán cruinn cumasach as siocair nach bhfuil sé beo i dteanga an lae inniu...Ach ní foláir na híobairtí seo a dhéanamh ionas nach mbeidh cuma aduain agus stalcánta ar an stíl; cás eile a léiríonn chomh tearc agus atá an Ghaeilge fiú amháin ag daoine ar mór leo an teanga.’ (Breandán Ó Doibhlin in Irisleabhar Mhá Nuad, 1983: 47)
Tá sé mar a bheadh rogha le déanamh ag aistritheoir dul i dtreo na simplíochta agus na sothuigtheachta nó saibhreas agus sainiúlacht na Gaeilge a chaomhnú. Ba mhaith leis a bheith ag tarraingt ar acmhainní iomlána na Gaeilge, ar na cnuasaigh Ghaeltachta agus ar an ollsaibhreas atá sa rud a dtugann Máire Mhac an tSaoi ‘Gaeltacht na leabhar’ air (‘Máire’, Máirtín Ó Cadhain, Peig Sayers et al) ach tuigeann sé cé chomh gann is atá stór focal an ghnáth-Ghaeilgeora. Ceann de bhaill laige an aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge é seo – lagchumas an ghnáthchainteora agus teirce na Gaeilge féin i gcomparáid leis an mBéarla. Insítear dúinn in Dúchas na Gaeilge (:9) ‘Tá trí oiread focal ag an mBéarla ná teanga ar bith eile. Bíonn idir 400,000 agus 600,000 sa ghnáthfhoclóir Béarla agus gan ach 130,000 sa ghnáthfhoclóir Fraincise. Idir 40,000 agus 50,000 atá in FGB. Deirtear go bhfuil 50,000 focal i ngnáthúsáid sa Bhéarla agus 20,000 sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis. Cá mhéad atá i nGaeilge?’ Anois cad é a déarfá le ‘comhionannas minicíochta’?

Cé nach dtiocfadh ‘prionsabal’ ná ‘riail’ a thabhairt air tá mise i ndiaidh teacht ar chinneadh faoin gceist seo. Is cuid de dhualgas an aistritheora an teanga a shaibhriú agus a chaomhnú. Is maith a thuigim go mbeidh ar léitheoirí dul a phóirseáil trí na foclóirí le teacht ar leaganacha áirithe ach b’fhearr liom beagán saothair a chur orthu ná ligean do shainiúlacht na Gaeilge dul ar gcúl. Bhí an focal ‘encyclopedia’ le haistriú agam le déanaí. Is maith atá a fhios agam ‘ciclipéid’ a bheith ann, rud a thuigfeadh gach léitheoir ar an toirt toisc a ghaol gairid leis an leagan Béarla. Ach cén fáth a ligfí do ‘foras feasa’ imeacht i ndíchuimhne? Cuid dár n-oidhreachta liteartha atá ann agus ní deacair a chiall a fhuascailt. Is mar seo a shainmhínítear in FGB é ‘foundation of knowledge; basic information’ agus ní fada as sin go ‘encyclopedia’. Go deimhin, is mar sin a shainmhínítear é i bhfoclóir an Duinnínigh.

Bhí an abairt seo le haistriú agam i dtéacs eile: ‘Although only introduced early this year, the services have already demonstrated considerable potential.’ Tá a fhios agam an focal ‘poitéinseal’ a bheith ann agus is maith ann é, i gcomhthéacsanna áirithe. Ach cad chuige a ligfí do leagan chomh foirfe le ‘fabhraíocht’ imeacht as an Nua-Ghaeilge? Is mar seo a shainmhínítear i bhfoclóir an Duinnínigh é:

Adhbhraidheacht... appearance, indication of growth and development in persons and things; promise; tá a. mhór fá’n chruithneacht soin, that wheat-crop promises well...
Fabhraíocht’ an litriú caighdeánach ar an bhfocal sin agus tugtar an sainmhíniú seo in FGB: ‘Growth, development. Tá ~ mhaith faoi na prátaí, the potatoes look promising.’ Ba é an t-aistriúchán a rinne mé ar an abairt thuas ná ‘Tá fabhraíocht mhaith faoi na seirbhísí seo, cé nár tosaíodh ar iad a sholáthar go dtí go luath i mbliana.’ Is dóigh liom gur deise i bhfad é sin ná ‘Tá poitéinseal nach beag...’ An té nach dtuigfeadh ‘fabhraíocht’ gheobhaidh sé san fhoclóir é. Tá sé riachtanach, dar liom, go mbeadh an leagan le fáil in FGB. Is é an foclóir ginearálta is úire dá bhfuil ann é (1977!). Abairt a bhí le haistriú agam roinnt blianta ó shin ná “Authors should avoid excessively difficult language in publications intended for the general public i.e. the sort of language commonly referred to as ‘jargon’ or ‘officialese’.  Oireann ‘béarlagair’ go deas don fhocal ‘jargon’ ach bhí orm mo mhachnamh a dhéanamh faoi ‘officialese’. Chuimhnigh mé ar rud a scríobh an t-údar Ultach Sean Bán Mac Meanman sa leabhar Ó Chamhaoir go Clapsholas (Oifig an tSoláthair, 1940):
Tá na focal “caidearnach” (bain.) agus “ráidhseafta” (fir.) ag na sean-daoine i lár Thír Chonaill. Is ionann “caidearnach” agus scríbhneoireacht a bhéadh seort do-thuigthe, .i. fuair mé caidearnach ó aturnaidhe, agus ní fhuil ‘fhios agam caidé tá in a chionn. Is beag nach bhfuil an chiall chéadna le “ráidhseafta” atá leis an fhocal Béarla “rigmarole,” .i. ní bhíonn ar chuid de na páipéir acht ráidhseaftaí gan chéill.”
Leaganacha deasa iad sin ach féach nach raibh siad in úsáid ach ag daoine a bhí sean sa bhliain 1940, agus sin i gcearn amháin de Ghaeltacht Thír Chonaill! Ní féidir ‘commonly referred to’ a lua le leaganacha mar seo, nach bhfuil le fáil in aon cheann de na foclóirí ginearálta. Ghéill mé a oiread sin do riail an ‘chomhionannais mhinicíochta’ agus scríobh mé ‘oifigiúilis’, leagan deas achomair atá in EID.

Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile