acmhainn.ie

Oideas - Samhain 2003

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


Gnó an aistriúcháin

As seo go Nollaig beidh Oideas ag díriú ar ghnéithe tráchtála is gairmiúla de cheird an aistritheora.

Ag plé an hoibre leis an gcliant

Níor chóir choíche glacadh le jab mór gan socruithe áirithe a dhéanamh roimh ré.

(i) Faigh amach cé air a bhfuil an téacs dírithe. Teastaíonn an t-eolas seo uait chun go mbeidh tú in ann cinneadh a dhéanamh faoi stíl, faoi leibhéal deacrachta agus araile. Mar shampla, más bileog eolais de chuid Bhord Sláinte an Iarthair atá ann, ba chóir an téacs a bheith chomh simplí soiléir agus is féidir, nó is dócha go bhfuil sí le scaipeadh ar ghnáthdhaoine seachas ar oibrithe gairmiúla a thuigeann béarlagair lucht leighis. Níor mhiste, ach oiread, imeacht ón gCaighdeán Oifigiúil thall is abhus, más dóigh leat go gcabhródh sé le daoine an téacs a thuiscint. Os a choinne sin, más doiciméad inmheánach de chuid an Ionaid Náisiúnta um Theicneolaíocht san Oideachas atá ann, féadann tú talamh slán a dhéanamh de gur doiciméad sainiúil caighdeánach atá de dhíth agus nach don ghnáthléitheoir atá tú ag aistriú. Ina leithéid sin de chás, ní bhíonn neart ag an aistritheoir ach téarmaí sainiúla a úsáid.

(ii) Faigh amach cé chomh fada is atá an doiciméad sula socraítear spriocdháta ar bith. B’fhearr iarraidh orthu an doiciméad a chur chugat le gur féidir leat féin an líon focal a chinntiú agus sliocht nó dhó a léamh. Beidh barúil níos fearr agat ansin de leibhéal deacrachta an téacs. Is fusa go mór tuarascáil bhliantúil Chomhairle Contae a aistriú ná Tuarascáil inmheánach de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

(iii) Déan cinnte go bhfuil teagmhálaí/teagmhálaithe laistigh den eagraíocht a bheidh in ann comhairle a chur ort faoi shleachta débhríocha nó faoi chiall chruinn téarmaí agus nathanna áirithe. Mo thaithí féin go dtí seo go mbíonn eagraíochtaí breá sásta a leithéid de chomhairle a sholáthar. Is mór acu go bhfuil an t-aistritheoir ar a d(h)ícheall ag iarraidh téacs dea-aistrithe a chur ar fáil. Comhartha gairmiúlachta atá ann. Is fiú go mór fáil amach ar aistríodh aon ábhar eile ar son na heagraíochta roimhe. Ní bheidh ort téarmaí, teidil agus araile a cheapadh as an nua má tá leaganacha sásúla ann cheana féin.

(iv) Faigh amach an bhfuil aon riachtanais deartha ann. An gcuirfidh siad an téacs chugat i bhformáid ar féidir leat a oscailt? Fiú más féidir leat é a oscailt, an mbeidh tú in ann eagarthóireacht a dhéanamh air nó an téacs Gaeilge a scríobh san áit a raibh an téacs Béarla? An bhfuil siad ag iarraidh tú treoracha a scríobh don dearthóir, nó an bhfuil siad féin ar an eolas faoi conas a dhéantar seo? Formhór mór na ndearthóirí, níl aon Ghaeilge acu, ach ní léir dóibh cén áit ba chóir na blúirí téacs a chur, go háirithe blúirí téacs laistigh de léaráidí, de chartúin, de ghrianghraif agus araile.

Cuimhnigh go mb’fhéidir go mbeidh ort tuilleadh airgid a lorg má tá an-chuid oibre le déanamh ar an leagan amach. Bhí ormsa, uair amháin, léarscáil den domhan a aistriú. Níor thóg an t-aistriúchán i bhfad orm ach bhí an liosta de thíortha le cur in ord aibítreach agam. Ó tharla na leaganacha Gaeilge a bheith difriúil ó na leaganacha Béarla, bhí orm tamall fada a chaitheamh ag athrú ord na n-iontrálacha. Rud eile de, an bhfuil an cliant ag súil leat an téacs a phrofú nuair a bheidh an dearthóir réidh leis?

(v) Is iomaí áisíneacht mhór aistriúcháin a bhíonn ag súil lena gcuid aistritheoirí a bheith eolach ar chláir chuimhne aistriúcháin ar nós Trados, Déjà Vu agus araile. Ní amháin sin, ach iarrann siad ar aistritheoirí na comhaid ar a bhfuil an chuimhne aistriúcháin a chur chucu. Caithfidh gach aistritheoir cinneadh a dhéanamh an fiú dó/di ceann de na cláir seo a cheannach agus am a chaitheamh ag foghlaim conas iad a úsáid.

(vi) Is minic i gcás na Gaeilge go ndéantar téacs a aistriú ar mhaithe le dualgas bunreachtúil a shásamh. Ní gnách go mbíonn mórán machnaimh déanta ag bainisteoirí na hearnála poiblí maidir le gnóthaí aistriúcháin. Tá míthuiscintí áirithe ann atá an-fhorleathan ina measc. Ceann acu ná míthuiscint mar gheall ar chúrsaí ama. Síleann daoine gurb ionann an t-aistriúchán agus an clóscríobh, agus gur féidir doiciméad mór fada a chur ar fáil i mbeagán aimsire. Iarradh ormsa uair amháin cáipéis ina raibh timpeall 40,000 focal a aistriú thar dheireadh seachtaine. Is faoin aistritheoir atá sé an cliant a chur ar an eolas agus spriocdháta réasúnta a shocrú. Má tá an chosúlacht air go mbeidh ort a bheith ag obair san oíche nó thar an deireadh seachtaine, tá sé de cheart agat na táillí aistriúcháin a mhéadú. Sa leabhar breá úd A Practical Guide for Translators, molann Geoffrey Samuelsson-Brown go n-iarrfá 50% sa bhreis as uaireanta breise a chur isteach.

Is le cúrsaí íocaíochta a bhaineann an dara míthuiscint is mó. Iad siúd nach bhfuil cleachtadh acu ar aistriúcháin a ‘cheannach’, is minic a chuireann siad luach an-íseal ar fad ar an aistriúchán. Is faoin aistritheoir féin atá sé a c(h)uid táillí féin a shocrú agus tá comhairle ar fáil ar láithreán Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann. Molaim go láidir gan ghlacadh le híocaíocht shuarach (tairiscíodh íocaíocht domsa le déanaí a bhí faoi bhun €50 in aghaidh an mhíle focal, mar shampla), is cuma cé chomh gann a bheadh an obair san am.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile