Oideas (Feabhra 2004)

Aistriúchán
(sliocht as Studies in Modern Irish, Part II)

Sráidbhaile deas Gaelach ab ea é. Chomh luath is a thángamar, os comhair na céarta amach, stadamar na capaill, agus siúd anuas1 láithreach an giolla, chun a iarraidh2 ar an ngabha crúite a chur futhu3.  Ba ghá sin. Mar is amhlaidh a bhí na bóithre chomh sleamhain sin tar éis a raibh de shioc agus de shneachta againn ar feadh coicíse nár fhéadfaimis bheith ag gluaiseacht linn ina n-éagmais. An fhaid a bhí Tadhg gabha ag gabháil do sna capaill, thógas-sa mo phíopa amach agus bhí gal agam ar mo shuaimhneas. Tá abhainn in aice na ceárta, agus bhí scata buachaillí is cailíní ag sleamhnú go meidhreach ar an leac oighir4. Chuas ag féachaint orthu. Bhí scata leanaí óga ann, leis, agus fear mór sneachta acu á dhéanamh, agus é críochnaithe acu, nach mór. D’iompaínn ón gcéad dream anois is arís, agus labhraínn go soilbhir leo seo. Bhí an aimsir fuar gan amhras, ach bhí an áit chomh geal grianach sin go gcuirfeadh sé meidhir ort. Ní fhéadfadh éinne gan a admháil go raibh maith éigin sa gheimhreadh, agus a mheidhrí is a bhríomhaire a bhí na daoine. Dá mb’é mo chara féin é, dá mhéad doicheall agus duairceas a bhíodh air de ghnáth, bhí suairceas agus soilbhre éigin, ba dhóigh leat, ag teacht air anois, de bharr ghreann agus gealgháirí na ndaoine seo. Is amhlaidh a bhíodar sin á bhogadh mar a bhogann an teas an cuisne5.

Nótaí
1. ‘Siúd anuas’ expresses the bustling action better than a verb would.
2. The verbal noun, preceded by prolepsis ‘a’, is not liable to the genitive inflection.
                See ‘Studies’ I, p.144, Exception 2.
3. There is no need to repeat the noun.
4. It is obvious that the ice was on the river. You needn’t say so directly.
5. This last sentence is necessary only to bring out the metaphor in ‘melt and warm.’


CLICEÁIL ANSEO DO PHRÍOMHLEATHANACH AN CHEACHTA SEO.

CLICEÁIL ANSEO DO LIOSTA NA gCEACHTANNA.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile