acmhainn.ie

Oideas - Iúil 2004

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 7

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an seachtú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
“I think,” said Meldon to the Major, “that you and I may as well be dodging off home now.” “Good-by, Mr. Langton. We can’t be of any further use to you. Sir Giles will pull you up all right. If I were you I wouldn’t be in too great a hurry to go. His temper won’t be by any means improved by the argument he’ll have with Thomas O’Flaherty Pat. You can’t imagine how trying it is to argue with a man who can’t understand a word you say, and can’t speak so as you can understand him. That old fellow has just one sentence about ‘Ní Béarla.’ He says it over and over again a way that would get on the nerves of a cow. It takes a cool man to stand it. Higginbotham gets quite mad, and even I have to keep a tight grip on my temper. The effect on Sire Giles will be frightful. And he has that stone with him. He would insist on clinging to it. Good-bye, Mr. Langton.” – (Spanish Gold.)
 

Tráchtaireacht:

‘Dodging’ – ag bailiú linn; ‘Langton’ – Mac Uí Longáin is perhaps about the nearest Irish equivalent; ‘all right’ – begin the sentence with  - ní baol ná go...; ‘up’ aníos; ‘to go’ – dul suas; ‘his temper... improved’ – ní fearrde an fuadar a bheidh faoin Ridire... Studies I, pp. 72-73; ‘you can’t... trying’ – ní fheacaís riamh ach a dheacracht duit (Studies I, pp. 58-59); ‘who can’t’ – better avoid this relative construction: say nuair nach dtuigeann an duine sin...; ‘He says it’ – begin with is amhlaidh (Studies I, pp. 79-81); ‘get on the nerves of a cow’ – go gcuirfeadh sé déistin ar an mbó féin (notice article and féin); ‘it takes,’ etc. – is deacair é a fhulaingt mura duine bog réidh thu; ‘Higginbotham’ – Mac Uí Uiginn will be an approximation; ‘the effect... frightful’ – ní huafás go dtí an fhearg...;
‘And... with him’  - agus féach ... aige.
 

Aistriúchán:

“Is dóigh liom” arsa an Maoldúnach leis an gCaptaen, “go bhfuil sé chomh maith ag an mbeirt againne bheith ag bailiú linn abhaile anois.” “Slán agatsa,” ar seisean le mac Uí Longáin, “ní fhéadfaimísne a thuilleadh cúnaimh a thabhairt duit. Ní baol ná go ndéanfaidh an Ridire thú a tharrac aníos. Dá mbeinn-se i do chás ní rómhór an dithneas a bheadh orm chun dul suas. Ní fearrde an fuadar a bheidh faoin Ridire an t-aighneas a bheidh aige le Tomás Pháid Ó Flaithbheartaigh. Ní fheacaís riamh ach a dheacracht duit bheith ag argóint le duine, nuair nach dtuigeann an duine sin focal dá labhraíonn tu, agus nuair nach labhraíonn sé féin focal a d’fheádfá-sa a thuiscint. Níl ag an seanduine úd ach an t-aon abairt amháin, - rud éigin i dtaobh “ní Béarla.” Is amhlaidh a bhíonn an abairt sin aige á rá agus á ath-rá agus á shíor-rá, i dtreo go gcuirfeadh sé déistin ar an mbó féin bheith ag éisteacht leis. Is deacair é a fhulaingt mura duine bog réidh thu. Cuireann sé buile feirge ar mhac Uí Uiginn. Agus ó mo thaobhsa de, d’éireoinn féin ar buile chuige, dá mba nach gcoiméadfainn smacht orm féin. Ní huafás go dtí an fhearg a chuirfidh sé ar an Ridire. Agus féach tá an chloch úd aige fós. Níorbh fholáir leis greim a choiméad uirthi. Slán beo agat, a mhic Uí Longáin.”


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile