acmhainn.ie

Oideas - Meán Fómhair 2004

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 9

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an naoiú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
When Eoghan Mor O’Donovan, poet, stooped down and came in over his threshold he saw, in spite of the gloom, that his son Diarmuid, who all day long had been with him leading the plough at the ploughing, had eaten his evening meal of potatoes and milk, and in his exhaustion had leant his head down on the deal table and fallen asleep. The boy’s unkempt head was almost buried in the potato refuse. No one else the poet found before him in the cabin; and the only light was the glow of the broad fire of turf sods. Looking on the weary figure of the boy, in a flash of thought the poet saw, more plainly than when he stood in it, the stone-strewn patch of mountain side they had been trying to soften up beneath the plough that bitter February day, and he, with the pride of the Gael in his soul, felt more deeply than ever before, the hopelessness of his position, the slavery and indignity. Yes, there it was before his eyes: the dark coloured parch of turfy hillside, with the weather-bleached rocks that stuck up through its surface piled with the stones and shale his bleeding hands had gathered from it winter after winter. But the vision made his voice gentle, whereas the living sight of it would have filled him with anger.  – (A Munster Twilight)
 

Tráchtaireacht:

The first sentence here is very clumsy and complicated. Irish will state the events simply and clearly, each in its proper place. Some of the details given would appear quite artificial, if not inartistic, in Irish, and had better be omitted altogether. Such are, e.g., 'stooped down,' 'over his threshold.' Begin by stating that O’Donovan was a poet. One may ask, however, why this statement is made at all. There seems to be no point in it, unless it be to mark the contrast between his aspirations and his actual lot. Better insert, therefore, after opening sentence – ach 'má ba ea, b’éigean dó bheith ag obair'  - and then proceed to describe the events of the day. 'Who, all day...' get rid of the relative construction, and mention the various facts according to time sequence:- leading the cow, coming home, eating his supper, leaning head, falling asleep – and then the father comes in and sees him, 'the weary figure' – this is a detail which comes in better towards the end of description of the boy; say – 'ba thruamhéalach an radharc é, - é cromtha anuas mar sin, agus folt a cinn gan cíoradh sáite i bhfuílleach na bprátaí'. 'In a flash of thought' – get rid of the metaphor but express the meaning; 'with the pride of the Gael in his soul' – express this separately, not as an adverbial clause; 'stuck up through its surface' – 'aníos as an talamh'; 'piled with' – 'carnáin de... anuas orthu'; 'his bleeding hands had gathered' – get rid of the relative construction; 'the vision made his voice gentle' – 'is amhlaidh ba chiúine-de a ghlór an aisling'. Put this statement at the very end; 'whereas, etc.'– 'dá mba iad a shúile cinn a bheadh ag féachaint air...' The whole piece will read:
 

Aistriúchán:

File ab ea Eoghan Mór Ó Donnabháin. Ach má ba ea b’éigean dó bheith ag obair. Bhí an lá áirithe seo go léir caite aige ag treabhadh, agus Diarmuid, a mhac, ag cabhrú leis, ag treorú na bó. I ndeireadh an lae chuaigh Diarmuid isteach, d’ith sé a chuid prátaí, agus d’ól a chuid bainne, agus le neart tuirse chrom sé a cheann ar an mbord giúise, agus thit a chodladh air. Ba thruamhéalach an radharc é,  - an garsún bocht cromtha anuas mar sin, agus folt a chinn gan cíoradh sáite i bhfuílleach na bprátaí. Lena linn sin tháinig an t-athair isteach agus is amhlaidh a bhí an mac ansin ina aonar roimhe, agus gan de sholas sa bhotháinín ach lasair agus lonradh na tine. Tine bhreá leathan mhóna ab ea í. D’fhéach Eoghan ar an ngarsún, agus tháinig go tobann os comhair a aigne – ní ba shoiléire ná mar a chonaic sé ina shúile cinn é, agus é ina sheasamh ar an áit – radharc, mar a bheadh in aisling, ar an bpaiste beag garbh clochach talún úd ar éadan an tsléibhe. Bhí iarracht déanta acu an lá fuar Feabhra sin ar an talamh a bhogadh leis an gcéachta. Ach níorbh aon mhaith dóibh é, i dtreo gur thit an fear bocht in éadóchas arís. Fíor-Ghael ardaigeanta ab ea é, agus chuaigh sé ina luí air anois, níos daingne ná mar a chuaigh riamh roimhe sin, nach raibh i ndán dó ach an drochúsáid, agus an daoirse! Is ea, bhí sé ansiúd os comhair a shúl, dar leis, - an paiste dubh dorcha talún ar thaobh an chnoic, agus gan ann ach mar a bheadh portach! Agus na carraigeacha aníos ar an talamh agus iad geal ag an sín! Agus carnáin de chlocha agus de licíní anuas orthu! Agus rian na fola ar a lámha féin ó bheith á mbailiú ó gheimhreadh go geimhreadh! Dá mba iad a shúile cinn a bheadh ag féachaint air is amhlaidh a chuirfeadh an radharc fearg air. Ach ní raibh ann ach aisling, agus is amhlaidh ba chiúine-de a ghlór an aisling sin.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile