acmhainn.ie

Oideas - Nollaig 2004

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 12

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an dóú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
I waited more than two hours without having an opportunity of crossing the river, during which time the people who had crossed carried information to Mansong, the king, that a white man was waiting for a passage, and was coming to see him. He immediately sent over one of his chief men, who informed me that the king could not possibly see me until he knew what had brought me into his country; and that I must not presume to cross the river without the king’s permission. He therefore advised me to lodge at a distant village, to which he pointed, for the night, and said that in the morning he would give me further instructions how to conduct myself. This was very discouraging. However, as there was no remedy, I set off for the village, where I found, to my great mortification, that no person would admit me into his house. I was regarded with astonishment and fear, and was obliged to sit all day without victuals in the shade of a tree; and the night threatened to be very uncomfortable – for the wind rose, and there was great appearance of a heavy rain – and the wild beasts are so very numerous in the neighbourhood, that I should have been under the necessity of climbing up the tree and resting among the branches. About sunset, however, as I was preparing to pass the night in this manner, and had turned my horse loose that he might graze at liberty, a woman, returning from the labours of the field, stopped to observe me, and perceiving that I was weary and dejected, inquired into my situation, which I briefly explained to her; whereupon, with looks of great compassion, she took up my saddle and bridle, and told me to follow her. Having conducted me into her hut, she lighted up a lamp, spread a mat on the floor, and told me I might remain there for the night. – (Travels in Africa, Mungo Park.)
 

Tráchtaireacht:

'During which time' – get rid of the relative, by beginning a new sentence – 'lena linn sin'; 'white man' – 'fear an bháinchnis'; 'a passage' – 'a thabhairt anall'; 'must not presume'  - 'gan a bheith de dhánacht ionam'; in the next sentence observe the natural sequence of events, thus dispensing with the relative ‘which’; 'he pointed' – better repeat the noun 'an taoiseach'; 'there was no remedy' – 'rud gan leigheas foighne is fearr air'; 'to my great mortification,' 'mo creach is mo chás'! 'with looks of great compassion' – 'ghlac sí trua dom, dar liom'. The rest is simple.
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

D'fhan mé ann ar feadh breis is dhá uair an chloig, gan an chaoi a bheith agam ar dhul thar abhainn anonn. Lena linn sin na daoine a bhí dulta anonn d’inis siad don Rí, do Mhansong, gurb amhlaidh a bhí fear an bháinchnis ag teacht á fhéachaint, ach é a bheith ag feitheamh lena thabhairt anall. Chuir an rí duine dá thaoisigh chugam láithreach á chur in iúl dom nach bhféadfadh an rí cead cainte leis a thabhairt dom in aon chor, go dtí go mbeadh a fhios aige cad a thug ar cuairt chun a thíre mé; agus go gcaithfinn gan a bheith de dhánacht ionam gabháil thar an abhainn gan cead a fháil uaidh. Thaispeáin an taoiseach dom sráidín beag a bhí tamall uainn, agus thug sé de chomhairle dom cur fúm ann i gcomhair na hoíche, á rá go dtabharfadh sé tuilleadh eolais dom, ar maidin lá arna mhárach, ar conas ba cheart dom mé féin a iompar. Ní puinn misnigh a chuir an chaint sin ionam. Ach 'rud gan leigheas foighne is fearr air.' Ghluaiseas liom faoi dhéin an tsráidín. Ach, mo chreach is mo chás, ní thabharfadh éinne dá raibh ann bheith istigh dom. Is amhlaidh a d’fhéach siad orm, agus ionadh agus alltacht orthu, agus b’éigean dom fanacht i mo throscadh feadh an lae agus mé i mo shuí faoi scáth crainn. Bhí crot bagarthach ar an oíche; d’éirigh an ghaoth, agus bhí an-dealramh clagair ar an spéir. Ina theannta sin, tá oiread sin beithígh allta sa chomharsanacht gur róbhaol go mbeinn an-mhísheascair, mar go gcaithfinn dul in airde ar an gcrann, agus mo shuaimhneas a cheapadh i measc na ngéag. Ach, um fuineadh na gréine, agus mé do m'ullmhú féin chun an oíche a chaitheamh ar an gcuma sin, agus mé tar éis mo chapall a scor, agus a ligean dó bheith ag iníor, tharla go raibh bean áirithe ag filleadh abhaile tar éis obair an lae a chríochnú dí, agus gur thug sí faoi deara mé. Stad sí ag féachaint orm. Agus nuair a thuig sí gur tuirse agus ceann faoi a bhí orm, d’fhiafraigh sí díom cad a bhí tar éis titim amach dom. Mhínigh mé an scéal dí. Ghlac sí trua dom, dar liom; d’ardaigh sí léi an diallait agus an srian, agus dúirt liom í a leanúint. Thug sí léi isteach ina bothán féin mé, las sí lampa, leath sí brat ar an urlár, agus dúirt liom go raibh cead agam an oíche a chaitheamh ann.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile