acmhainn.ie

Oideas - Eanáir 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 13

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an tríú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
In this manner I went from town to town, worked when I could get employment, and starved when I could get none: when happening one day to go through a field belonging to a justice of peace, I spied a hare crossing the path just before me; and I believe the devil put it in my head to fling my stick at it; - well, what will you have on’t? I killed the hare, and was bringing it away, when the justice himself met me; he called me poacher and a villain; and, collaring me, desired I would give an account of myself. I fell upon my knees, begged his worship’s pardon, and began to give a full account of all that I knew of my breed, seed, and generation; but, though I gave a very true account, the justice said I could give no account; and so I was indicted at the sessions, found guilty of being poor, and sent up to London to Newgate, in order to be transported as a vagabond.

People may say this and that of being in jail; but, for my part, I found Newgate as agreeable a place as ever I was in all my life. I had my bellyful to eat an drink, and did not work at all. This kind of life was too good to last for ever; so I was taken out of prison, after five months; put on board a ship, and sent off, with two hundred more, to the plantations. We had but an indifferent passage; for, being all confined in the hold, more than a hundred of our people died for want of sweet air; and those that remained were sickly enough, God knows. When we came ashore, we were sold to the planters, and I was bound for seven years more. As I was no scholar (for I did not know my letters), I was obliged to work among the negroes; and I served out my time, as in duty bound to do.
 

Tráchtaireacht:

'In this manner' – 'ar an gcuma sin'. The English 'this' will frequently be 'sin' in Irish; 'I went...' 'bhí mé ag gabháil timpeall'; 'could get' 'a d'fhaighinn' (imperfect tense);  'when, happening' – omit when, and say 'ráinig' ('tharla'); 'belonging to a justice' – need not be translated here; it can be stated farther down that the justice met was the owner of the field; 'what will have on’t?' – 'cad eile, cad a dhéanfainn ar aon chuma?' 'my breed, seed and generation' – 'ar na seacht sinsear a tháinig romham'. 'People may say' – 'tá daoine ann agus ...  (Studies I. pp. 209-210); 'with two hundred more' – 'mé féin agus dá chéad nach mé'; 'we had but an indifferent passage' – 'ní rósheascair a bhíomar ag dul anonn dúinn'; 'in the hold' – 'thíos i mbolg na loinge'.
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

Bhí mé ag gabháil timpeall ar an gcuma sin, ó bhaile mór go baile mór, ag obair nuair a d'fhaighinn an obair, agus ag dul chun báis den ocras nuair nach bhfaighinn. Ráinig, lá, go raibh mé ag gabháil trí pháirc, nuair a leag mé mo shúil ar ghiorria, agus é ag rith thar an gcosán ar m’aghaidh amach. Is dóigh liom gurbh é an t-áibhirseoir a chuir i mo cheann an bata a chaitheamh leis. Cad eile, cad a dhéanfainn ar aon chuma? Mharaigh mé an giorria agus is amhlaidh a bhí mé á bhreith chun siúil liom nuair a bhuail an giúistis ar leis an pháirc umam. Rug sé ar scornach orm, agus gadaí agus bithiúnach aige á thabhairt orm, agusé á fhiafraí díom cé dar díobh mé, nó cad a thug ansin mé. Tháinig mé ar mo ghlúine ag gabháil mo leathscéil leis, thosaigh mé ar chuntas iomlán a thabhairt dó ar na seacht sinsear a tháinig romham, - an méid a bhí ar eolas agam. Níor inis mé dó ach an fhírinne, ach is é dúirt seisean ná nach bhféadfainn aon tuairisc a thabhairt orm féin. Ba é críoch an scéil gur tugadh os comhair na cúirte mé, go bhfuarthas amach gur dhuine bocht mé, gur daoradh ann mé, agus gur cuireadh suas go Londain agus isteach sa Gheata Nua mé, chun mé a chur an loch amach, mar dhuine díomhaoin drochiompair.

Tá daoine ann, agus bíonn seo agus siúd acu á rá i dtaobh bheith i bpríosún. Ó mo thaobhsa de, is amhlaidh a cheap mé go raibh an Geata Nua chomh taitneamhach d’áit le haon áit ina raibh mé riamh ann  le mo ré. Is amhlaidh a bhí lán na héille agam le
hithe agus le hól, agus gan aon obair le déanamh agam. Ní fhéadfainn an saol breá sin a bheith agam i gcónaí. I gceann cúig mhí tógadh amach as an bpríosún mé, cuireadh ar bord loinge mé, agus seoladh anonn thar sáile mé féin, agus dá chéad nach mé, ag triall ar na plantations. Ní rósheascair a bhíomar ag dul anonn dúinn. Mar is amhlaidh a coiméadadh sinn go léir thíos i mbolg na loinge, i dtreo go bhfuair breis is céad acu bás d’easpa aeir bhreá na spéire. Agus ag Dia atá a fhios go raibh an chuid eile againn dona drochshláinteach go leor. Nuair a thángamar i dtír díoladh le lucht na plantations sinn agus fostaíodh mise go ceann seacht mbliana eile. Níorbh aon scoláire mé – ní raibh oiread is eolas ar an aibitír agam – agus mar gheall air sin chaith mé bheith ag obair i bhfochair mhuintir an chnis dhuibh. Agus d’fhan mé in aimsir go deireadh mo thréimhse, mar a bhí ceangailte orm a dhéanamh.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile