acmhainn.ie

Oideas - Márta 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 15

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an cúigiú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
From the history of the towns it is clear that the orignial English settlers, almost from the first generation, had been led by interest and intelligence, to enter into the civilisation of Ireland, and become faithful citizens of their new land, united with its people, and devoted to its fortunes. Left to themselves English and Irish joined in fruitful alliance, the English accepting Irish culture and jurisprudence, and enriching it with their own organisation of business and municipal laws. – (The Making of Ireland and its Undoing, p. 201.)

Tráchtaireacht:

'The original English settlers' – 'an mhuintir úd a tháinig anall ó Shasana ar dtús.' Begin with this; 'almost from the first generation' – 'dá mba é an chéad dream féin acu é'; 'were led... to enter' – say first –'ghabhaidís go fonnmhar le béasa agus le nósanna na nGael.' Then, in second sentence, say – 'From the history... it is clear that they understood that that was to their interest; and became faithful...' Begin a third sentence here, and repeat 'is léir – gur cheapadar bheith dílis do dhlíthe na hÉireann' (avoid 'their new land' – a typically English phrase). 'English and Irish' – Gael is Gall; 'Irish culture and jurisprudence' – eolas agus ealaín agus dlíthe na nGael.' (A sort of hendiadys).

Aistriúchán Eiseamláireach:

An mhuintir úd a tháinig anall ó Shasana ar dtús, dá mba é an chéad dream féin acu é, ghabhaidís go fonnmhar le béasa na nGael. Is léir ó gach seanchas dá mbaineann leis na bailte móra gur thuig na Sasanaigh sin go mba thairbhe dóibh an méid sin. Is léir gur cheapadar bheith dílis do dhlíthe na hÉireann, agus iad féin a dhlúthú i gcaradas lena muintir, agus suim a chur i ngach aon ní dar bhain léi. Chabhraíodar Gael is Gall le chéile, an fhaid a ligeadh dóibh é, agus b’fhearrde an dá threibh an comhoibriú san. B’fhearrde an Sasanach eolas agus ealaín agus dlíthe na nGael, nuair a ghlac sé iad; agus níor mhiste don Ghael ar fhoghlaim sé uaidh sin de nithe a bhain le gnóthaí an tsaoil, agus go mór mór le dlíthe a chur i bhfeidhm sna bailte móra.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile