acmhainn.ie

Oideas - Aibreán 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 16

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an séú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
The English policy was not the development of Irish industries for Ireland, in which the towns could have co-operated, but the capture of all trade for the benefit of England. Settlers of their own blood had to be ejected from competition as ruthlessly as the wild Irish. The issue was clear. It gave meaning to the conquest and a desperate purpose. In the case of Dublin we have seen the conflict under the interesting conditions of a city, which had, more than any other, sought to combine English loyalty and self-preservation. And here, as in every other town, England demanded nothing less than her own entire advantage out of Irish trade.  – (The Making of Ireland and its Undoing, p. 202.)

Tráchtaireacht:

Avoid the relative construction in the opening English sentence. Begin thus – 'the towns could have co-operated in the development...' Then, in second sentence – 'But this was not what England had wanted (the English policy); 'the capture of all trade' – eliminate the metaphor, and express the meaning fully; 'Settlers of their own blood' – 'an Sasanach a bhí ina chónaí in Éirinn'; 'The issue... purpose.' Care must be taken here to express the meaning naturally, and in harmony with the context. One might say – 'Bhí an méid sin soiléir a dóthain dóibh. Cad chuige dóibh muintir na hÉireann a bheith faoi smacht acu dá mba nárbh fhearrde iad féin sa deireadh é? Nach shin é a theastaigh uathu ó thús?' 'In the case of Dublin... self-preservation' – this sentence is too long, and the construction is typically English. Study carefully the way it is treated. The 'subjective' expressions 'we have seen,' ' under the interesting conditions' had better be omitted altogether, as being typically English. We have introduced the expression 'an dá thrá sin a fhreastal' as being natural in Irish to translate the 'combination' of English loyalty and self-preservation.

Aistriúchán Eiseamláireach:

D’fhéadfadh muintir na mbailte móra cabhrú le chéile chun earraí a chur á ndéanamh in Éirinn. Ach níorbh é sin a theastaigh ó mhuintir Shasana. Is é rud a bhí uathu gach aon saghas earraí bheith á dhéanamh agus á dhíol agus á cheannach faoina stiúradh féin agus ar mhaithe leo féin. Níorbh fholáir dóibh, chuige sin, gan a ligean d’éinne aon chosc a chur leo, ná aon chur isteach a dhéanamh orthu. An Sasanach a bhí ina chónaí in Éirinn, ní ligfidís dó aon chur isteach a dhéanamh orthu ach chomh beag is a ligfidís don Éireannach féin é. Cad chuige dóibh muintir na hÉireann a bheith faoi smacht acu dá mba nárbh fhearrde iad féin sa deireadh é? Nach shin é a theastaigh uathu ó thús. Dá fheabhas a dhéanadh muintir na mbailte iarracht ar a gceart a chosaint, nó dá dhílse a bhídís do Shasana, níorbh aon mhaith dóibh aon taobh acu. Rinne muintir Bhaile Átha Cliath a ndícheall má rinneadh dícheall in aon bhall, chun an dá thrá sin a fhreastal. Má rinne, theip orthu. An rud a tharla sna bailte eile, ba é an scéal céanna acu sin é. Ní shásódh an saol an Sasanach, gan an toradh go léir agus an tairbhe go léir a bheith aige féin.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile