acmhainn.ie

Oideas - Bealtaine 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 17

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an seachtú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
Her attendants, during this conversation, were bathed in tears, and, though overawed by the presence of the two earls, with difficulty suppressed their anguish; but no sooner did Kent and Shrewsbury withdraw, than they ran to their mistress, and burst out into the most passionate expressions of tenderness and sorrow. Mary, however, not only retained perfect composure of mind, but endeavoured to moderate their excessive grief; and, falling on her knees, with all her domestics around her, she thanked Heaven that her sufferings were now so near an end, and prayed that she might be enabled to endure what still remained with decency and with fortitude. The greater part of the evening she employed in settling her wordly affairs. She wrote her testament with her own hand. Her money, her jewels, and her clothers she distributed among her servants, according to their rank and merit. She wrote a short letter to the King of France, and another to the Duke of Guise, full of tender but magnanimous sentiments, and recommended her soul to their prayers, and her afflicted servants to their protection. At supper she ate temperately, as usual, and conversed not only with ease, but with cheerfulness; she drank to everyone of her servants, and asked their forgiveness, if ever she had failed in any part of her duty towards them. At her wonted time she went to bed, and slept calmly a few hours.  – (William Robertson, History of Scotland.)

Tráchtaireacht:

Notice the allusive style of the English, when thus taken out of its context: 'her attendants' – without telling us whose; 'during this conversation' without first saying who were engaged in it. It is only in the 6th line above that 'Mary' is mentioned by name. Begin the Irish by stating that it was she who was there. Use type IV (Identification, Studies I, pp.29-31). 'Bathed in tears' – 'ag gol go faíoch'; 'overawed...Earls,' – 'dá mhéad scáth a bhí orthu roimh a mbeirt Iarla'; their will be no fewer than five sentences in Irish to correspond with the opening sentence above; 'with decency and with fortitude' – 'le foighne, mar ba chuí agus mar ba chóir'; 'according to their rank or merit' – 'de réir a n-inmhe nó de réir mar a bhí tuillte acu'; 'recommended her soul to their prayers' – 'chuir sí coimirce a hanama orthu'; 'ate temperately as usual', 'níor ith sí ach an beagán ba ghnách léi'; 'had failed' – 'má chuaigh di'.

Aistriúchán Eiseamláireach:

Máire, banríon na nAlbanach, is í a bhí ann. An bheirt Iarla, .i. Kent agus Shrewsbury, thángadar isteach chun labhartha léi. An fhaid a bhíodar ag caint bhí cumhala na ríona ag gol go faíoch. Ar éigean a d’fhéadadar a mbrón a choimeád faoi cheilt, dá mhéad scáth a bhí orthu roimh an mbeirt Iarla. Ach chomh luath is d’imíodar sin, siúd ar buile na cumhala ag triall ar Mháire, á chur in iúl di cad é an cion a bhí acu uirthi, agus cad é an chumha a bheadh ina diaidh orthu. D’fhan sise go breá ciúin socair, agus gach dícheall aici á dhéanamh ar a n-an-bhrón sin a mhaolú. Faoi dheireadh tháinig sí ar a glúine, agus a lucht friothála go léir ina timpeall, ag gabháil a buíochais le Dia na glóire, i dtaobh formhór dá raibh i ndán di a bheith fulaingthe aici anois, agus ag iarraidh air bheith ag cabhrú léi, chun go bhféadfadh sí a raibh le teacht fós uirthi a fhulaingt le foighne, mar ba chuí agus mar ba chóir. Chaith sí an chuid ba mhó den tráthnóna sin ag socrú a ghnóthaí saolta. Scríobh sí a huacht lena láimh féin, rinne sí a raibh d’airgead agus d’éadach agus de sheodaibh aici a bhronnadh suas ar a lucht friothála, de réir a n-inmhe, nó de réir mar a bhí tuillte acu. Scríobh sí litir ghairid chun Rí na Fraince agus ceann eile chun an Diúic de Ghuise,  - dhá litir a léiríonn ceanúlacht agus ardaigeantacht an té a scríobh iad. Chuir sí coimirce a hanama ar an mbeirt, agus d’iarr orthu díon agus dídean dá cumhalaibh a bhí á gcrá. Ag béile na hoíche níor ith sí ach an beagán ba ghnách léi, agus í ag caint, feadh na haimsire go socair soineanta. D’ól sí sláinte an uile dhuine dá lucht friothála, agus d’iarr sí orthu, má chuaigh di aon chuid dá dualgas a chomhlíonadh dóibh, go maithfidís dí é. An uair ba ghnách, chuaigh sí ina leaba, agus d’fhan na codladh go sámh ar feadh roinnt uair an chloig.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile