acmhainn.ie

Oideas - Iúil 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 19

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an naoiú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
In Ireland, so long as any independent Irish life survived, the scholar was the most honoured man in the community. The spell of this culture fell on every foreigner who came to make his home in the country. There was a common saying ‘that ten Englishmen would adopt Irish, for the one Irishman who would adopt English habits.’ The human fellowship, the gaiety, the urbanity of Irish life, the variety of its ties and the vivacity of its intellectual diversions, and not least its passionate and undying appeal to those who esteemed learning and whatever may feed the life of the mind, drew to it irresistibly all who came within its circle. In spite of every effort of the London officials ‘for the extinction of amities between the Englishry and the Irishry,’ generation after generation of new comers for 350 years were gathered into the Irish civilization; until the passion of trade and of plunder quenched in the invaders all other aspirations. – (The Making of Ireland and its Undoing, pp.235-237).

Tráchtaireacht:

'So long... survived,' – 'an fhaid is a ligeadh don Ghael suim a chur sna nithe a bhain le hÉirinn agus Éire a riar uaidh féin': begin with this; 'the spell' – tone down the metaphor; 'its culture' – 'nósanna na nGael'; 'the human fellowship' – begin this sentence with 'Is amhlaidh (a thuigeadar na Gaeil an nádúr daonna agus an gá atá le caradas i measc daoine)'; all the highly abstract expressions here must be rendered concretely; 'gaietey... urbanity' – 'bhíodar sultmhar sochma le chéile'; 'variety of its ties' – 'is mó rud a bhí acu chun ceangal caradais a shnaidhmeadh eatarthu'; 'vivacity... diversions' – 'sna nithe a bhaineann le haigne agus le hintinn an duine bhíodar beo bríomhar beacht'; 'its passionate, etc.'  'agus rud ba mhó le rá ná iad siúd go léir, bhí oiread sin suime acu i bhfoghlaim agus san uile ní a chothódh beatha na haigne, nach bhféadfadh éinne a chífeadh iad gan urraim a thabhairt don fhoghlaim agus don aigne; 'generation after generation of new comers for 350 years' – 'na seacht sleachta dá dtáinig anall ar feadh seacht gcaoga de bhlianta'; 'the invaders' – same as 'the new comers', and therefore need not be translated.

Aistriúchán Eiseamláireach:

An fhaid is a ligeadh don Ghael suim a chur sna nithe a bhain le hÉirinn, agus Éire a riar ar a ghustal féin, ba é an fear foghlamtha ba mhó urraim is onóir i measc na ndaoine. Ní raibh aon Ghall a thagadh anall chun cónaí sa tír, ná go gcuireadh, mar a déarfá, nósanna na nGael faoi dhraíocht é. Is minic a deirtí go mbeadh deichniúr Sasanach ann a chleachtadh béasa agus nósanna na nGael, in aghaidh an aon Éireannaigh amháin a dhéanadh aithris ar nósanna Gallda. Is amhlaidh a thuigeadar na Gaeil an nádúr daonna, agus an gá atá le caradas i measc daoine; bhíodar sultmhar sochma le chéile; is mó rud a bhí acu chun ceangal caradais a shnaidhmeadh eatarthu; sna nithe a bhaineann le haigne agus le hinntinn an duine bhíodar beo bríomhar beacht; agus rud ba mhó le rá ná iad siúd go léir, bhí oiread sin suime acu i bhfoghlaim agus san uile ní a chothódh beatha na haigne, nach bhféadfadh éinne a chífeadh iad gan urraim a thabhairt don aigne agus don fhoghlaim. Na nithe sin, ab ea, faoi ndeara do chách a chuaigh i dtaithí díobh nósanna na nGael a chleachtadh. Ní raibh leigheas acu air. Dá dhícheallaí a bhí muintir an Rialachais ghallda thall i Londain chun cosc a chur le caradas Gall le Gaeil, theip sé orthu. Ina ionad sin is amhlaidh a bhí na seacht sleachta dá dtáinig anall ar feadh seacht gcaogad de bhlianta, agus iad ar buile chun nós na nGael a ghlacadh chucu féin. Go dtí, sa deireadh, gur bhuaigh an fonn agus an flosc acu chun airgead a dhéanamh le tráchtáil agus le fuadach, - gur bhuaigh sé ar an uile dhea-mhéin agus ar an uile dhea-dhúil dá raibh acu riamh.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile