acmhainn.ie

Oideas - Lúnasa 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 20

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an fichiú ceacht aistriúcháin déag, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
I think we have conclusive grounds for believing that the Celtic migrations to Ireland cannot have begun very much, if at all, sooner than the fourth century B.C. Before stating these grounds let us ask is there any discoverable reason for supposing that the Gaels inhabited Ireland for a time many centuries farther back. I think it possible that those who, in modern times, have entertained this view, have been influenced by the dates assigned to the Gaelic immigration by Irish writers like the Four Masters and Keating. These dates may be taken to correspond closely enough with the estimates of archaeolgical authorities for the commencement of the insular Bronze Age; and in the absence of evidence to the contrary, it might be imagined that they were founded on some basis of tradition. – (MacNeill’s Phases of Irish History, p.49)

Tráchtaireacht:

'Conclusive grounds' – 'eolas nach féidir a bhréagnú';  'if at all' put this parenthesis in a separate sentence – 'is ar éigean a thosnaíodar in aon chor roimhe sin'; 'let us ask' – 'ní miste a fhiafraí'; 'any discoverable reason for supposing' 'an féidir teacht suas le haon chúis a chuirfí síos lena rá'; 'farther back' – 'níos sia siar ná sin'; 'those who, in modern times have entertained this view', – 'na húdair a dúirt le déanaí go raibh'; begin the sentence with this clause; 'have been influenced' – 'gurb é rud faoi ndeara dóibh é'; 'in the absence of evidence to the contrary' – 'nuair nach raibh aon eolas a mbréagnaithe ag lucht staire na haimsire seo'; 'it might be imagined' – 'ba róbhaol go samhlóidís'; 'founded on some basis of tradition' – 'gur ón muintir a tháinig rompu siúd a fuaradar...'

Aistriúchán Eiseamláireach:

Is dóigh liom go bhfuil eolas againn, nach féidir a bhréagnú, á chur ina luí orainn a chreidiúint nach foláir nó nár thosnaigh aon aicme den phobal Ceilteach ar theacht anall go hÉirinn, puinn aimsire roimh an gceathrú haois sular rugadh Críost. Is ar éigean a thosnaíodar in aon chor roimhe sin. Sula gcuirfidh mé síos an t-eolas sin anseo ní miste a fhiafraí an féidir teacht suas le haon chúis a chuirfí síos lena rá, go raibh na Gaeil ina gcónaí in Éirinn puinn céad bliain níos sia siar ná sin. Na húdair a dúirt le déanaí go raibh, is é mo thuairim gurb é rud faoi ndeara dóibh é, an ní a deir an Ceathrar Ollamh agus an Céitinneach, agus scríbhneoirí Éireannacha nach iad, i dtaobh na haimsire inar dóigh leo a thángadar na Gaeil anoir. Is é uair a deirid siad a thosnaigh an imirce sin ná an uair chéanna díreach, nach mór, ina ndeirid lucht seanchais is dóigh leo a thosnaigh Aois an Chré-úmha lasmuigh de mhórthír na hEorpa, agus nuair nach raibh aon eolas a mbréagnaithe ag lucht staire na haimsire seo, ba róbhaol go samhlóidís gur ón muintir a tháinig rompu siúd a fuaradar an t-eolas a thugann siad dúinne.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile