acmhainn.ie

Oideas - Meán Fómhair 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 21

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an 21ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
But, it may be objected, the very remoteness of the time assigned to the Gaelic invasion by Irish historians must reflect the popular belief in its remoteness. If that be so, then the earlier the historian is the more near he is to the popular tradition. In the paper just cited, I have shown that, in the earliest known version of the chronology of the Invasions, the Gaelic migration to Ireland coincides with the date of Alexander’s empire, 331 B.C. That is not very far from the date assigned by Coffey for the end of the Bronze Age in Ireland, about 350 B.C. For my own part, I attach no traditional value to this coincidence, but if it pleases anyone to insist that Irish prehistoric chronology has a traditional value, then it must be conceded that tradition, as far as it is valid, is altogether favourable to the view that the Gaelic occupation of Ireland belongs to the end, and not to the beginning, of the Bronze Age. – (MacNeill’s Phases of Irish History, p.50)

Tráchtaireacht:

'The very remoteness' – 'dá fhaid ó shin':  'may reflect the popular belief in its remoteness' – 'gurb ea is dóiche-de gurb shin é a chreideadh na daoine'; 'if that be so', – 'tig de sin'; 'the popular tradition' – 'an tseanchuimhne úd na ndaoine'; 'just cited' – 'a dúirt ó chianaibh'; 'For my own part' – 'ó mo thaobhsa de'; but this sentence down to coincidence, had better be left to the end; 'if it please anyone to insist' – 'más mian le héinne a chur ina luí orainn'; 'as far as it is valid' – 'chomh fada is a théann an méid sin'; 'to the end, and not to the beginning' – it is more convenient, and more usual, in Irish, to put the negative member first.

Aistriúchán Eiseamláireach:

Ach b’fhéidir go ndearfaí liom, ina choinne sin, dá fhaid ó shin a deirid lucht staire a tháinig na Gaeil go hÉirinn, gurb ea is dóiche-de gurb shin é a chreideadh na daoine. Tig de sin, dá fhaid i gcéin uainn an staraí gurb ea is giorra don tseanchuimhne úd na ndaoine é. San aiste úd a dúirt ó chianaibh, thaispeánas gurb é uair a tháinig na Gaeil go hÉirinn, de réir an chuntais is sia siar dá bhfuil againn ar Ghabháltas na nGael, ná an uair chéanna díreach a chuir Alecsander Mór a impireacht féin ar bun, .i. i mbliain a haon déag ar fhichead ar thrí chéad, sular rugadh Críost. Níor rófhada é sin ó bhliain a caoga ar thrí chéad roimh Chríost, - an uair a deir Mac uí Chobhthaigh a bhí deireadh le hAois an Chré-Umha in Éirinn. Más mian le héinne a chur ina luí orainn go bhfuil baint éigin ag na cuntais is sia siar dá bhfuil againn ar na nithe a thit amach in Éirinn anallód,  - go bhfuil baint éigin acu leis an seanchuimhne úd na ndaoine, ní foláir a admháil, chomh fada is a théann an méid sin, nach i dtosach na hAoise úd an Chré-Umha, ach ina deireadh, is dóiche a rinneadar na Gaeil talamh na hEireann a ghabháil. Ó mo thaobhsa de, ní chuirim aon suim den saghas sin sa scéal. Is amhlaidh a tharla an dá chuntas bheith ag tagairt don aimsir chéanna. Ní féidir a thuilleadh a dheimhniú as.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile