acmhainn.ie

Oideas - Deireadh Fómhair 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 22

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an 22ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
In the last years of his life David shared in the common misery of his country. In the heat of dispute he had made light of the doubts of those who had questioned the widsom of accepting the articles of Limerick, though he could not completely suppress his own misgivings. Events, however, soon showed the conquerors in their true character. Instead of the promised ratification of the articles of Limerick, came the wanton violation of that treaty; instead of the pledged amnesty, came attainders and confiscation; and instead of the religious toleration enjoyed during the reign of Charles II, came the banishment of bishops and religious. No wonder David was sad and sick at heart when he gazed on the lands once refrequented by the noble clans of Ireland, now driven into exile after King James, and saw no one free from poverty, no one safe from plundering, except alien serfs and mastiffs. – (Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair, Introduction, p.xli.)

Tráchtaireacht:

'Shared in the common misery,' – 'bhí an mí-ádh agus an leatrom ag cur ar Dháibhí chomh maith le cách'; 'the wanton violation of that treaty' – 'is amhlaidh a bhriseadar iad gan trua gan taise': observe iad; 'that treaty' is only an artificial repetition of 'the articles'; 'the amnesty' – 'an cogadh a mhaitheamh do chách'; 'attainders' – 'cailleadh gach ceart a fhógairt ar...';  'confiscations' – 'breith ar mhaoin ar éigean'; 'free from poverty' – 'gan easpa'; 'safe from plundering' – 'gan foghail'; 'alien serfs and mastiffs' 'moghaidh agus maistíní allúracha.'

Aistriúchán Eiseamláireach:

I mblianta deiridh a shaoil bhí an mí-ádh agus an leatrom ag cur ar Dháibhí chomh maith le cách. Nuair a bhítí á áiteamh air nár cheart ná nár chiallmhar an rud do mhuintir Luimnigh an tsíocháin a ghlacadh ar na coinníollacha a tairgeadh dóibh, deireadh Dáibhí, dá laghad muinín a bhí aige féin as na Sasanaigh, nárbh fhiú aon suim a chur sa chaint sin. Más ea, ba ghearr gur thit rud amach a thaispeáin go soiléir nár mhiste drochiontaoibh a bheith aige astu. In ionad an chogaidh a mhaitheamh do chách, is é rud a rinneadar breith ar éigean ar mhaoin na nGael, agus cailleadh gach ceart a fhógairt orthu; in ionad a ligean dóibh an creideamh a chur i bhfeidhm faoi mar a ligeadh dóibh le linn an dara Shéarlais, is amhlaidh a dhíbríodar na hEaspaig agus na manaigh. Ní haon ionadh dúbhrón agus tinneas croí teacht ar Dháibhí nuair a d’fhéachadh sé ar an bhfearann a thaithíodh saoraicme uasal na hÉireann, agus iad ar díbirt as anois, i ndiaidh Rí Séamus, agus gan éinne de shliocht Gael gan easpa gan foghail, ach “ moghaidh agus maistíní” allúracha faoi réim sa tír.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile