acmhainn.ie

Oideas - Samhain 2005

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 23

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an 23ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:-
If Ireland had been a foreign country it would be possible to understand the war made by England on the commerce and wealth of the people. The matter takes another aspect when this ruin was the deliberate action of the government against its own subjects. Ireland in its relations to England bore, in fact, the miseries both of an alien state and a subject people. So far as trade went she was treated as an independent and hostile power, whose wealth had to be destroyed. But if she attempted in the last resort to protect her interests by appeal to arms, her people were reckoned English subjects, liable to the terrible penalties of 'rebellion' and exempted from any protection of the laws of war. The policy was justified to the popular sense by the profits that were won in the successful pillage of the country. So great in fact was the fame of Ireland among plunderers that, as we see in “Two Gentlemen of Verona”, it became part of the polite education of the time to go and “look for islands.”  - (The Making of Ireland and its Undoing, pp. 166-167)
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

This is all fairly simple:-
Dá mba thír iasachta Éire d’fhéadfí a thuiscint cad faoi ndeara do mhuintir Shasana cogadh a chur ar shiúl i gcoinne thráchtáil agus i gcoinne shaibhreas na ndaoine. Ach níorbh ea. Is amhlaidh a bhí muintir na hÉireann faoi smacht Rialachas Shasana. Ach ina ainneoin sin, rinne an Rialachas sin an uile shaghas díchill chun iad a dhéanamh beo bocht. Cuireadh d’fhiacha orthu gach díth agus gach donas agus gach cruatan a fhulaingt faoi mar ba dhaoine iasachta iad, agus san am céanna chaitheadar géilleadh do dhlíthe Shasana. Maidir leis an tráchtáil, níorbh fholáir leis an Rialachas saibhreas na nGael a chur ar neamhní, faoi mar ba naimhde iasachta neamhspleácha iad. Ach dá ndéanfadh na Gaeil sin iarracht, sa deireadh, ar iad féin a chosaint le neart arm, is é a deireadh muintir Shasana leo ná gurbh aicme faoi smacht iad, a chaithfeadh géilleadh dá ndlíthe nó mura ngéillidís, gur dóibh ba mheasa; agus ná ligfí dóibh a gceart a chosaint le cogadh. An tairbhe saolta agus an toradh saibhris a fuarthas ar an tír a chreachadh, chuir sé ina luí ar mhuintir Shasana, mar dhea, nach raibh acu á dhéanamh ach an ceart. Is amhlaidh a bhí ainm na hÉireann chomh mór sin i mbéalaibh lucht creachadh a dhéanamh, go raibh sé de nós agus de bhéas ag daoine uaisle na h-aimsire úd, 'imeacht ar lorg insí.' – mar a chímíd á dhéanamh sa dráma úd.  – Two Gentlemen of Verona.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile