Oideas - Nollaig 2005
Is
é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin
atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’
a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó
mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe
den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí.
Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil
freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis
na fadhbanna éagsúla.
(CLICEÁIL
ANSEO
LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)
(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)
Seo thíos an 24ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.
Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:
Wisdom gives laws to life, and tells us that it is not enough to know God, unless we obey Him. She looks on all accidents as the acts of Providence, sets a true value on things, delivers us from false opinions, and condemns all pleasures that are attended with repentance. She allows nothing to be good, that will not be so for ever; no man to be happy, but one who needs no other happiness that what he has within himself; no man to be great or powerful that is not master of himself.
Tráchtaireacht:
'laws,' – 'dea-dhlíthe'; 'life' – 'an cine daonna'; ;she looks on all accidents' – begin this sentence with - 'Is é a theagasc do chách':- 'true value' – 'conas é a mheas mar is cóir'; 'allows nothing to be good' – 'ní rud fónta léi in aon chor...'
Aistriúchán Eiseamláireach:
Ní leor do dhuine Dia a aithint mura ngéilleann sé dó. Is í an Eagna a insíonn an méid sin dúinn. Dá bhrí sin is í an Eagna, leis, a thugann dea-dhlíthe don chine daonna. Is é a theagasc do chách: an uile ní dá dtiteann amach gurb é Dia faoi ndeara é i slí éigin. Gach uile ní dá bhfuil ann múineann sí dúinn conas é a mheas mar is cóir. Déanann sí sinn a chosaint ar an tuairim bhréagach; déanann sí an sóchas a cháineadh nuair nár mhór aithrí a dhéanamh ann. Rud dá fheabhas, mura mairfidh a fheabhas go buan ní rud fónta léi in aon chor é. Duine dá shásta, más ar an gcomharsa a bhíonn se ag brath chun a shásta, níl séan ná sástacht ag baint leis an duine sin, - dar leis an Eagna. Duine, dá mhéad le rá é, nó dá mhéad a chumhacht, mura mbíonn smacht aige air féin, is beag aici a cháil agus a chumhacht.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
