acmhainn.ie

Oideas - Márta 2006

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 27

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an 27ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

 
Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:
If you should see a flock of pigeons in a field of corn, and if – instead of each picking where and what it liked, taking just as much as it wanted, and no more – you would see ninety-nine of them gathering all they could get into a heap, reserving nothing for themselves but the chaff and the refuse, keeping this heap for one, and that the weakest, perhaps worst pigeon of the flock; sitting round, and looking on all the winter, whilst this one was devouring, throwing about, and wasting it; and if a pigeon, more hardy or hungry than the rest, touched a grain of the hoard, all the others instantly flying upon it and tearing it to pieces: if you should see this, you would see nothing more than what is every day practised and established among men. Among men you see the ninety-and-nine toiling and scaping together a heap of superfluities for one, and this one too, oftentimes, the feeblest and worst of the whole set – a child, a woman, a madman, or a fool – getting nothing for themselves all the while but a little of the coarsest of the provision which their own industry produces; looking quietly on while they see the fruits of all their labour spent or spoiled; and if one of the number take or touch a particle of the hoard, the others joining against him, and hanging him for the theft.
 

Tráchtaireacht:

This very ponderous English cannot well be simplified.

'A flock of pigeons'– 'grathain cholúr'; 'ninety-nine of them'– 'naoi ndeich a naoi díobh' (or the more usual 'naoi gcinn déag agus ceithre fichid acu'); 'the chaff'– 'an cháith'; 'refuse'– 'an dramhaíl'; 'sitting round' - insert 'agus dá bhfeicfeá'; 'wasting it'– 'ag vástú na cruaiche'; 'and if a pigeon' say 'agus ansin...'; 'the others instantly flying upon it'– 'go léimfeadh an chuid eile chuige láithreach'; 'tear to pieces'– 'srac as a chéile'; 'toiling'– 'ag saothar'; 'scraping together a heap of superfluities'– 'ag scríobh agus ag bailliú na cruaiche de nithe nach riachtanach'; 'the provision'– 'an soláthar'; 'the hoard'– 'an stóras'; 'joining against him'– 'ag éirí chuige.'
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

Dá bhfeicfeá grathain cholúr i ngort arbhair, agus – in ionad gach colúr díobh a bheith ag piocadh an ruda a thaitneodh leis, san áit ba mhaith leis, agus gan aige á thógáil ach an méid a bheadh uaidh,  - go bhfeicfeá naoi ndeich a naoi díobh ag bailiú an méid a gheobhaidís in aon chruach amháin don aon cholúr amháin, gan a choimeád dóibh féin ach an cháith agus an dramhaíl, agus gurbh é an t-aon cholúr amháin sin an colúr ba laige agus ba mheasa, b’fhéidir, den ghrathain; agus dá bhfeicfeá na colúir go léir ina suí mórthimpeall ag féachaint ar an aon cholúr amháin, i gcaitheamh an gheimhridh, ag ithe agus ag scaipeadh agus ag vástú na cruaiche; agus ansin dá mbaineadh colúr éigin ba threise nó b'ocraí ná an chuid eile, dá mbainfeadh sé leis an gcruach agus aon ghráinne de a thógáil, go léimfeadh an chuid eile chuige láithreach agus go sracfaidís as a chéile é; - dá bhfeicfeá an méid sin go léir, ní fheicfeá ach an rud atá á dhéanamh agus á mholadh gach aon lá i measc daoine. Feiceann tú, i measc daoine, naonúr agus ceithre fichid ag saothar agus ag scríob agus ag bailiú na cruaiche de nithe nach riachtanach, don éinne amháin, agus gan san éinne amháin sin go minic ach an té is laige agus is measa díobh go léir,  – leanbh, b’fhéidir, nó bean, nó duine buile, nó amadán – agus gan ag lucht an tsaothair á fháil dóibh féin ach beagán den chuid is gairbhe den soláthar a dhéaneann a saothar féin; agus iad ina suí ar a suaimhneas ag féachaint ar thoradh a saothair á chaitheamh nó á lot; agus má bhaineann duine acu le haon bhlúire den stóras, an chuid eile ag éirí chuige láithreach agus á chrochadh mar gheall ar an ngadaíocht.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile