acmhainn.ie

Oideas - Meitheamh 2006

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 30

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an 30ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

 
Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:
Moreover, if there is time and inclination towards philosphy, yet the body introduces a turmoil and confusion and fear into the course of speculation, and hinders us from seeing the truth; and all experience shows that if we would have pure knowledge of anything we must be quit of the body, and the soul in herself must behold all things in themselves; then, I suppose, that we shall attain that which we desire, and of which we say that we are lovers, and that is wisdom; not while we live, but after death, as the argument shows; for if, while in company with the body, the soul cannot have pure knowledge, one of two things seems to follow – either knowledge is not to be attained at all, or if at all, after death. For then, and not till then, the soul will be in herself alone and without the body. In the present life, I reckon that we make the nearest approach to knowledge, when we have the least possible concern or interest in the body, and are not saturated with the bodily nature, but remain pure, until the hour when God Himself is pleased to release us. An then the foolishness of the body will be cleared away, and we shall be pure, and hold converse with other pure souls, and know of ourselves the clear light everywhere; and this is surely the light of truth. For no impure thing is allowed to approach the pure. – (Plato, Phaedo.).
 

Tráchtaireacht:

'Time and inclination' – in Irish say 'inclination and time'; 'turmoil and confusion' – 'tormán agus toirmeasc'; 'we must be quite of the body' – 'ní foláir an t-anam a scaradh le colainn againn'. See Studies, I p.209;  'the argument' – 'a bhfuil ráite againn cheana'; 'one of two things seems to follow' – 'níl ach rogha dhá ní agat'.
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

Ina theannta san, cuir i gcás féin go mbeadh fonn ar dhuine dul le fealsúnacht, agus an uain aige air, is amhlaidh ina ainneoin sin, a chuirfeadh an cholainn eagla ar an duine sin, á chosc, le tormán agus le toirmeasc, ar mhachnamh ealaíonta a dhéanamh, ná ar an bhfírinne a thuiscint. Is léir ón saol, más mian linn eolas a bheith againn ar aon ní, go glé agus go glan, nach foláir an t-anam a scaradh le colainn againn, agus é a thuiscint, uaidh féin, an uile ní ann féin go bunúsach. Siúd é uair is dóiche dúinn greim a bhreith ar an eagna úd a lorgaimíd, agus a deirimíd go bhfuil grá againn dí, - nuair a gheobhaimid bás. Níl breith againn uirthi fad a mhairimíd, mar is léir óna bhfuil ráite cheana againn; dá bhrí sin, murar féidir don anam, fad a bheidh sé i bhfochair na colainne, teacht suas le glan-eolas, níl ach rogha dhá ní agat, - nach féidir eolas a fháil in aon chor, nó gur tar éis báis amháin is féidir é. Tar éis báis amháin is ea a bheidh an t-anam leis féin, agus é deighilte ón gcolainn. Fad a bheimíd ar an saol seo, is é uair is dóigh liom is giorra a bheimid don eagna an uair is lú a chuirimid aon suim ná aon spéis sa cholainn, nuair nach mbímid, mar a déarfá, sáite síos i nádúr na colainne, ach sinn fanacht glan ón uile smál corpartha, go dtí gur toil le Dia sinn a fhuascailt. Ansin is ea a ghlanfar amach asainn leamhbhaois na colainne, agus beimid íon, agus comhluadar againn le hanmnacha íona eile. Ansin, is ea a bheidh radharc againn, uainn féin, ar an tsoilse shofheicthe, - soilse na fírinne. Mar ní ceadaithe d’aon ní neamhghlan teagmháil leis an ní glan.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile