acmhainn.ie

Oideas - Iúil 2006

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 31

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an 30ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

 
Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:
Yes, that is very true, I said; but may I ask you one more question? Which is this – What do you consider to be the greatest blessing which you have reaped from wealth?
Not one, he said, of which I could easily convince others. For let me tell you, Socrates, that when a man thinks himself to be near death he has fears and cares which never entered into his mind before; the tales of  a life below and the punishment which is exacted there of deeds done here were a laughing matter to him once, but now he is haunted with the thought that they may be true: either because of the feebleness of age, or from the nearness of the prospect, he seems to have a clearer view of the other world; suspicions and alarms crowd upon him, and he beings to reckon up in his own mind what wrongs he has done to others. And when he finds that the sum of his transgressions is great he will many a time like a child start up in his sleep for fear, and he is filled with dark forebodings. But he who is conscious of no sin has in age a sweet hope which, as Pindar charmingly says, is a kind nurse to him.

‘Hope,’ as he says, ‘cherishes the soul of him who lives in holiness and righteousness, and is the nurse of his age and the companions of his journey; - hope which is mightiest to sway the eager soul of man.’

That is an expression of his which wonderfully delights me. And this is the great blessing of riches, I do not say to every man, but to a good man, that he has had no occasion to deceive another, either intentionally or unintentionally; and when he departs to the other world he is not in any apprehension about offerings due to the gods or debts which he owes to men. Now the possession of wealth has a great deal to do with this; and therefore I say that, setting one thing against another, this, in my opinion, is to a man of sense the greatest of the many advantages which wealth has to give. – (Plato, Republic, Bk. I.)
 

Tráchtaireacht:

'May I...'? Ar mhiste dom...; 'which is this' – is í ceist í ná í seo; 'which is exacted there of...' – atá in áirithe ansin do...; 'he is haunted with the thought' – bíonn an smaoineamh úd istigh ina aigne, agus é ag goilliúint air go trom; 'he is filled with dark forebodings' – tagann eagla chuige roimh olc éigin uafásach nach fios dó cad é; 'as Pindar charmingly says' – de réir na bhfriotal filíochta úd a dúirt P.: 'the eager soul of man' – say, tá anam an duine tugtha chun seachráin. Pindar’s word is "poldstrofon" 'setting one thing against another,' – say – dá mhéad feidhm a dhéantar den saibhreas.'
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

"Is ea,” arsa mise leis, “’is é corp na fírinne é. Ach ar mhiste dom aon cheist amháin eile a chur ort? Is í ceist í ná í seo: Cad é an tairbhe is dóigh leat is mó a thuill an saibhreas duit?”
“Tairbhe is ea é,” ar seisean, “nach furasta dom a chur ina luí ar chách gur tairbhe in aon chor é. Mar, bíodh a fhios agat, féach, an uair is dóigh le duine a bhíonn an bás ag druidim leis, gur sin é uair díreach a thagann eagla agus imní air nár tháinig riamh roimhe sin air. Bhí sé uair, agus ábhar magaidh leis ba ea na scéalta a insítear i dtaobh an tsaoil thíos, agus i dtaobh na bpianta atá in áirithe ansin don drochghníomh a rinneadh anseo; ach anois, bíonn an smaoineamh úd istigh ina aigne, agus é ag goilliúint air go trom, gurbh fhéidir gur fíor na scéalta. Is é ba dhóigh leat gur géire-de a radharc ar an saol eile é bheith chomh cóngarach sin dó; nó b’fhéidir gur é a bheith lag ón gcríonnacht faoi deara é. Is amhlaidh a thagann drochamhras agus uafás air mar a thiocfadh slua naimhde. Gach beart éagóra dár imir sé riamh ar a chomharsana cromann sé ar iad a chomhaireamh ina aigne. Agus nuair a thuigeann sé cad é a líonmhaire atá a pheacaí, is minic, ar nós linbh, go mbíogfaidh sé as a chodladh le neart scanraidh, agus tagann eagla chuige roimh olc éigin uafásach nach fios dó cad é. Ach an té a thuigeann nach bhfuil sé ciontach in aon pheaca, bíonn súil le tuarastal aige nuair a thagann an chríonnacht air, agus is aoibhinn an ní an tsúil sin. Is cuma nó banaltra shéimh dó í, de réir na bhfriotal filíochta úd a dúirt Pindar.

'Is amhlaidh' ar seisean, 'a chothaíonn sí croí an duine a mhaireann i mbeannaíocht agus i bhfíréantacht; is í is banaltra dó le linn a chríonnachta, á thionlacan feadh na slí. Tá anam an duine tugtha chun seachráin, agus is í is treise chun é threorú.'

Taitníonn an focal úd an fhile go hiontach liom. Agus siúd é tairbhe is mó a dhéanann an saibhreas – don duine fónta, murab ionann agus an drochdhuine – nach mbíonn air éinne a mhealladh dá dheoin ná dá ainneoin; agus nuair a théann sé anonn, nach mbíonn aon eagla air i dtaobh aon íobartha a bheadh ag dul do Dhia, ná i dtaobh aon fhiacha a bheith ag daoine air féin. Is mór an chabhair chuige sin an saibhreas a shealbhú. Dá bhrí sin, is é a deirimse, dá mhéad feidhm a dhéantar den saibhreas, gurb é mo thuairim gur sin é thuas an fheidhm is tairbhí is féidir don duine ciallmhar a dhéanamh de.


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile