acmhainn.ie

Oideas - Samhain 2006

Is é atá in Oideas sraith de cheachtanna aistriúcháin atá bunaithe ar na ceardlanna ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a reáchtáladh faoi choimirce Fhoras na Gaeilge le linn 2001/2002.
Ó mhí go mí, beifear ag cur síos ar ghnéithe den aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d’aistritheoirí. Cuirfear ceachtanna agus aistriúcháin shamplacha ar fáil freisin, chun gur féidir le haistritheoirí dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla.

(CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH LIOSTA NA GCEACHTANNA AR FAD GO DTÍ SEO)


"Studies in Modern Irish, Part II" - Ceacht 35

(Is é an chéad leabhar eile atá le foilsiú sa tsraith ‘Athchló’ ná Studies in Modern Irish, Part II leis an Athair  Gearóid Ó Nualláin, a d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1920. Ba ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a dhírigh an Nuallánach san imleabhar seo. Ba é an cur chuige a bhí aige ná sleachta Béarla a thabhairt agus iarraidh ar léitheoirí iad a aistriú. Cuireann sé a aistriúchán féin i láthair ansin, chomh maith le tráchtaireacht ar phointí deacrachta sa téacs. Tá cuid de na téacsanna, ar téacsanna liteartha ar fad iad, seanaimseartha go maith, agus tá cuid de na ‘rialacha aistriúcháin’ a mholann an Nuallánach róghinearálta ar fad. Ina ainneoin sin ar fad, is leabhar ar fónamh é agus gheobhaidh aistritheoirí comhairle a leasa ann.)

Seo thíos an 35ú ceacht aistriúcháin, a thabharfaidh blaiseadh daoibh ar a bhfuil sa leabhar. Antain Mac Lochlainn agus Ariel Killick a chóirigh an téacs bunaidh.

 
Gaeilge a chur ar an mBéarla seo:
I asked him if he really thought a knowledge of the Greek and Latin languages an essential requisite to a good education. “Most certainly, sir” said he, “for those who know them have a very great advantage over those who do not. Nay, sir, it is wonderful what a difference learning makes upon people, even in the common intercourse of life, which does not appear to be much connected with it.”  “And yet,” said I, “people go through the world very well, and carry on the business of life to good advantage, without learning.”  “Why, sir,” he replied, “ that may be true in cases where learning cannot possibly be of any use; for instance, this boy rows as well without learning, as if he could sing the song of Orpheus to the Argonauts, who were the first sailors.”  - (Johnson on Classical Learning.)
 

Tráchtaireacht:

'if he really thought' – 'arbh amhlaidh ba dhóigh leis'.  – See Studies I, pp. 79-81. 'an essential requisite to it' – 'nárbh fhéidir... gan'; 'Nay, sir' – 'agus ní hé sin amháin, ach...'; 'in the common intercourse of life' – 'i ngnóthaí coitianta an tsaoil'; 'people go through' – 'tá daoine ann agus ...' See 'Introductory tá,' Studies I, pp. 210-211;.
 

Aistriúchán Eiseamláireach:

D’fhiafraigh mé de arbh amhlaidh ba dhóigh leis nárbh fhéidir tabhairt suas mhaith a bheith ar éinne gan eolas ar an nGréigis agus ar an Laidin a bheith aige. “Is dóigh, gan amhras,” ar seisean, “mar an té a bhfuil eolas ar na teangacha sin aige, is mór a bhíonn sa bhreis aige ar an té nach bhfuil an t-eolas sin aige. Agus ní hé sin amháin, ach is éachtach a mbíonn de dhifríocht idir an duine foghlamtha agus an té nach bhfuil tabhairt suas air. Is léir an difríocht sin i ngnóthaí coitianta an tsaoil ar dhóigh leat orthu nach mbeadh aon bhaint acu le léann ná le foghlaim.”

“Ach, mar sin féin,” arsa mise leis, “ tá daoine ann, agus éiríonn an saol go maith leo, agus baineann siad tairbhe as a ngnó, agus gan foghlaim ar bith a bheith orthu.”

“Admhaím,” ar seisean, “ gurbh fhéidir gurbh fhíor sin dá mba nach bhféadfaí an fhoghlaim a chur i bhfeidhm. Cuirim i gcás an giolla seo. Níor airigh sé focal riamh i dtaobh Oirféis ná i dtaobh na laoch úd a chuaigh thar lear sa long úd, san Argó. Ach ní fhágann sin ná go ndéanann sé iomramh dúinne chomh maith is dá bhféadfadh sé an t-amhrán úd a ghabháil, a ghabh Oirféas dóibh siúd.”


Oideas Léirmheas Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Fóram Ríomhphoist Athchló Nuacht
Naisc Cuardach Baile