Taisce Téacsanna
Is é atá sa Taisce Téacsanna ná bunachar de théacsanna Gaeilge a bhíonn ag teastáil go minic ó lucht úsáidte na Gaeilge agus atá riachtanach do shaothrú an dátheangachais. Foilseofar cuid acu sin go heisiach ar acmhainn.ie agus beidh naisc le téacsanna atá foilsithe ar láithreáin eile. Ar na téacsanna sin tá foirmeacha na n-údarás áitiúil/ranna rialtais a theastaíonn le haghaidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Tá tús curtha le An tAistritheoir Tapa - roinnt ‘gnáth-théacsanna’ ar féidir le heagraíocht ar bith iad a úsáid. Níl le déanamh ach ainm na heagraíochta a scríobh isteach sna spásanna cuí.
Beidh foireann acmhainn.ie
an-bhuíoch d’úsáideoirí as ábhar a chur
ar fáil don Taisce nó as muid a chur ar an eolas faoi ábhair
atá foilsithe cheana ar láithreáin eile chun gur féidir
linn naisc a chruthú leo. Is féidir ábhar atá
i bhformáid leictreonach a chur chuig eagarthoir@acmhainn.ie
nó cóip chrua a sheoladh chuig Antain Mac Lochlainn, 23 Céide
an tSionnaigh, Na Sceirí, Contae Bhaile Átha Cliath.
Eolas faoin Acht
um Shaoráil Faisnéise
Tá de dhualgas ar eagraíochtaí
eolas a fhoilsiú mar gheall ar fheidhmiú an Achta. Is féidir
an t-eolas ginearálta sa chomhad seo a úsáid in aon
fhoilseachán den sórt.
Foirm le haghaidh
gearán/moltaí feabhais
Is féidir le haon eagraíocht
an fhoirm seo a chur in oiriúint chun freastal ar a gcuid cliant.
Foirm iarratais ar
phost
Gnáthfhoirm ar féidir le
heagraíocht ar bith í a úsáid ach a sonraí
féin a chur léi agus aon eolas nach mbaineann le hábhar
a fhágáil ar lár.
Foirm iarratais ar
thaifid a rochtain
Gnáthfhoirm a úsáidtear
chun iarratas a dhéanamh faoi bhun an Achta um Shaoráil Faisnéise.
Is féidir le haon eagraíocht í seo a chur in oiriúint
dá n-úsáid féin.
Fóram Ríomhphoist | Cuardach | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
Naisc | Athchló | Nuacht |
Baile |