Tobar na Gaeilge

Cad é is ‘Tobar na Gaeilge’ ann? Bunachar de leabhair Ghaeilge ina dtig focail a chuardach agus a fheiceáil i gcomhthéacs. Acmhainn foghlamtha agus chuardaigh atá ann. Tá sé le fáil ar an idirlíon lena tharraingt anuas agus a chur a ghabháil ar an inneall agat féin faoi Windows 9x nó ME. Cuireadh amach leaganacha roimhe seo faoin ainm GaelDict, ach an iarraidh seo tá tuilleadh leabhar ann, agus córas cuardaigh úrchumtha fá choinne Windows.

Tá corradh is 2 mhilliún focal reatha sna leabhair seo, d'fhíorscoth na Gaeilge. Is sa chanúint Ultach a mbunús (34 leabhar), ach tá beagán i nGaeilge Chonnacht (2 leabhar), i nGaeilge na Mumhan (1 leabhar) agus i nGaeilge na hAlban (4 leabhar). Tá 4 cinn de leabhair a bhfuil leagan Béarla díobh istigh ann fosta, agus thig focal Béarla ionchur agus an t-aistriúchán Gaeilge a fheiceáil.

Tuilleadh eolais ach amharc ar
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/tobar/tobar2002.htm

Rabhadh: féadfaidh uair an chloig a bheith de dhíth leis na comhaid go léir a chóipeáil.


Fóram Ríomhphoist Cuardach Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Naisc Athchló Nuacht
Baile