acmhainn.ie

Moltaí ón gCoiste Téarmaíochta
maidir le pointí áirithe gramadaí a shimpliú agus a shoiléiriú

De bharr pointí achrannacha a bhí ag teacht chun cinn arís agus arís eile le linn cheapadh na téarmaíochta, bheartaigh an Coiste Téarmaíochta roinnt ama a chur i leataobh le sainiú a dhéanamh ar chineál na ndeacrachtaí agus ar na pointí a bhain leo a chíoradh.  Ag éirí as an obair sin, rinneadh roinnt moltaí sa bhreis ar an méid atá ar fáil sna gnáthfhoinsí gramadaí i dtaobh

Is iarracht iad na moltaí seo le cuid den bhearna idir an Caighdeán Oifigiúil mar a sheasann sé agus an chaint bheo a dhúnadh, agus rinneadh taighde i measc cainteoirí Gaeltachta le deimhniú go raibh na moltaí agus na samplaí bailí.

Ba mhaith leis an gCoiste anois na moltaí seo a chur faoi bhráid phobal na Gaeilge sa dóigh is go mbeidh deis ag líon níos leithne úsáideoirí na moltaí seo a scagadh agus a thriail.

Tá an cháipéis ar fáil ar an láithreán seo (i bhfoirm HTML anseo agus bhfoirm Word anseo).

Dála athrú bunúsach ar bith eile, tharlódh go dtiocfadh ábhar mearbhaill áirithe chun cinn agus na moltaí seo á gcur i bhfeidhm i dtosach.  An ceann is dóchúla a chruthóidh deacrachtaí, dar linn, ná an moladh nach ndéanfaí infhilleadh ar bith ar an gcéad ainmfhocal d’aonad dhá cheann (nó níos mó) d’ainmfhocail agus iad faoi réir ag ainmfhocal eile, ar aon mhúnla le “teach ceann tuí” agus “bata fear siúil”.  Cé go  n-oibríonn an moladh nua go réidh san uimhir uatha, beidh cuid de na haonaid seo san uimhir iolra ó am go chéile, agus beidh a chuma orthu ar dtús gur ginideach uatha de réir na seanrialacha atá ann, m.sh.

riarthóir bunachar sonraí : administrator of a database
riarthóir bunachair shonraí : administrator of databases
De réir ár dtaithí, áfach, is líonmhaire ar fad na samplaí dá leithéid seo d’úsáid san uimhir uatha ná san uimhir iolra agus braithimid, mar sin, go mbeidh an cur chuige seo i bhfad níos simplí, níos nádúrtha agus níos soláimhsithe ná na nósanna a moladh sna foinsí gramadaí go dtí seo.  Seo roinnt samplaí den chineál seo ón bhFoclóir Ríomhaireachta:
printéir roth nóinín, líonra cnámh droma, leathsheoltóir ocsaíd mhiotail
Más mian le daoine aiseolas faoin obair seo a chur chugainn is féidir é a sheoladh chuig:
An Rúnaí,
An Coiste Téarmaíochta,
Foras na Gaeilge,
24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh,
Baile Átha Cliath 1.

Teil: 01 889 2817   Facs: 01 889 2828   R-phost: tearmai@forasnagaeilge.ie


Fóram Ríomhphoist Cuardach Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Naisc Athchló Nuacht
Baile