Is dócha nár mhiste cuimhneamh air gur comhartha bóthair é seo agus gur chóir go mbeadh an friotal ann chomh simplí sothuigthe agus is féidir. Tá bealaí níos fusa ann chun leaganacha mar seo a leanas a chur i bhfriotal: ‘uaireanta nach buaic-uaireanta iad’, ‘míchaothúlacht’ ‘lucht úsáidte feithiclí’ agus fiú amháin ‘íosmhéadú’.
Is leagan casta go leor é ‘uaireanta nach buaic-uaireanta iad’. Is dócha gur shíl an t-aistritheoir go gcaithfeadh sé/sí rud éigin mar sin a scríobh chun fanacht dílis don bhuntéacs. Leagan diúltach simplí is ea non-peak hours ach níl sé chomh furasta céanna an coincheap sin a chur in iúl i nGaeilge. Ní gá, áfach, go mbeadh gné dhiúltach ar bith ag baint leis. Thiocfadh an rud céanna a chur in iúl le ‘na huaireanta is lú a bhíonn trácht ann’. Mar an gcéanna i gcás ‘lucht úsáidte feithiclí’, ar beag an difear idir é agus an focal simplí ‘tiománaithe’.
Athleagan: ‘Is sna
huaireanta is lú a bhíonn trácht ann a chuirfear na
hoibreacha seo i gcrích, le súil is nach gcuirfear isteach
an iomarca ar thiománaithe’.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
