Tá sé mar a bheadh an t-aistritheoir ag iarraidh tabhairt le fios don saol go bhfuil stór mór focal aige/aici agus máistreacht ar struchtúir chasta ghramadaí. Is focal é ‘locadh’ nach gcloistear leath chomh minic leis an iasacht ‘páirceáil’. Ní theastaíonn ‘tionscnaíodh’ nuair atá a oiread sin briathra simplí a chuireann an rud céanna in iúl. Ná níl an t-aistriúchán saor ó lorg an Bhéarla, mar níor aimsigh an t-aistritheoir bealach ar bith chun teacht slán ar a welcome increase. Tá cuma chiotach ar fad ar ‘méadú a bhfuil fáilte roimhe’. D’fhéadfadh, ar ndóigh, welcome a fhágáil amach ar fad gan aon dochar a dhéanamh do chiall na habairte. Mar an gcéanna i gcás along with.
Athleagan ‘Tá páirceáil diosca i bhfeidhm sa bhaile, rud a mhéadaigh ar líon na n-áiteanna páirceála ann.’
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
