Nath a fuarthas ar iasacht ón tseoltóireacht is ea clear blue water. Úsáidtear é i leith aon dreama atá ag iarraidh bheith chun tosaigh ar dhream eile, nó aon dream atá ag iarraidh iad féin a dheighilt glan amach ó dhream eile. Níor mhiste, mar sin, a leithéid seo d’aistriúchán Gaeilge:
‘Is féidir gurb é atá i ráiteas Mary Harney i dtaobh caiteachais phoiblí iarracht chun a páirtí féin a dheighilt amach ó Fhianna Fáil.’
Seans freisin go bhfuil siombalachas polaitiúil i gceist le blue water. Dath gorm a shamhlaítear leis an bpolaitíocht choimeádach in go leor leor tíortha ar domhan. Bíonn ar an aistritheoir féin cinneadh a dhéanamh ar cheisteanna caolchúiseacha den saghas seo.
| Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
| Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
| Naisc | Cuardach | Baile |
